Skip to content

An Tuirc

I mí na Nollag 1999, bhain an Tuirc stádas amach mar thír is iarrthóir ar aontachas leis an Aontas. Chuir an tAontas agus an Tuirc tús le caibidlíocht aontachais i mí Dheireadh Fómhair 2005, ach tar éis don Tuirc dul ar gcúl ar bhonn leanúnach i réimsí an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach, tá an chaibidlíocht aontachais idir tAontas agus an Tuirc i leamhsháinn ó mhí an Mheithimh 2018.

Iarratas ar bhallraíocht san Aontas

In 1987, rinne an Tuirc iarratas ar dhul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar a thugtaí air ag an am.

Ag an gcruinniú a bhí aici i Heilsincí i mí na Nollag 1999, bhronn an Chomhairle Eorpach stádas mar thír is iarrthóir ar an Aontas Eorpach ar an Tuirc.

An chaibidlíocht maidir le haontachas

Ag an gcruinniú a bhí aici an 16 agus an 17 Nollaig 2004, chinn an Chomhairle Eorpach gur chomhlíon an Tuirc na critéir go leordhóthanach chun tús a chur le caibidlíocht aontachais.

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le creat don chaibidlíocht leis an Tuirc an 3 Deireadh Fómhair 2005. Ar an lá céanna, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht ag comhdháil idir-rialtasach idir an tAontas agus an Tuirc.

I mí Feabhra 2008, ghlac an Chomhairle comhpháirtíocht aontachais athbhreithnithe leis an Tuirc. Cuirtear bonn ar fáil léi chun cabhrú leis an Tuirc a ullmhú do bhallraíocht san Aontas faoi dheireadh trí phríomhréimsí tosaíochta a leagan amach agus fónann sí mar shlat tomhais chun dul chun cinn ar athchóirithe a thomhas.

Ba i mí an Mheithimh 2018 a thug an Chomhairle dá haire ar dtús go raibh an Tuirc ag bogadh níos faide ón Aontas agus go raibh caibidlíocht aontachais na Tuirce i leamhsháinn i ndáiríre agus nach bhféadfaí smaoineamh ar aon chaibidlí eile a oscailt ná a dhúnadh.

Cruinnithe na comhdhála aontachais

Déantar an chaibidlíocht aontachais ag comhdhálacha idir‑rialtasach (ar a dtugtar ‘comhdháil aontachais’ go minic) idir airí agus ambasadóirí Bhallstáit an Aontais agus na tíre is iarrthóirí. Cumhdaítear corpas na gceart coiteann agus an dlí choitinn (‘acquis an Aontais’) leis an gcaibidlíocht agus iad roinnte i gcaibidlí éagsúla, nó i gcnuasaigh caibidlí, a chlúdaíonn réimsí beartais éagsúla. Is féidir leis na comhdhálacha aontachais sin a bheith ar leibhéal na n‑airí nó ar leibhéal na n‑ionadaithe.

Sula raibh an chaibidlíocht aontachais i leamhsháinn, bhí 12 cheann de na cruinnithe sin ag an Aontas agus an Tuirc. Ag an gcruinniú is déanaí, a tionóladh an 30 Meitheamh 2016, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le caibidil 33, a bhaineann le forálacha airgeadais agus buiséadacha. In 2006, chinn an Chomhairle nach n-osclófaí ocht gcaibidil a bhaineann le srianta na Tuirce maidir leis an gCipir agus nach ndúnfaí aon chaibidlí eile go sealadach go dtí go mbeadh a ghealltanais comhlíonta ag an Tuirc maidir leis an bPrótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Tuirc (‘Comhaontú Ankara’).

Mar chuid den chaibidlíocht aontachais, osclaíodh 16 chaibidil agus dúnadh ceann amháin díobh sin go sealadach.

Athbhreithniú ar an dul chun cinn

Gach bliain, de ghnáth glacann an Chomhairle conclúidí maidir le méadú ina ndéantar breithniú ar an dul chun cinn a rinneadh i ngach ceann de thíortha is iarrthóirí agus comhpháirtithe, an Tuirc ina measc, agus iad ar a gconair Eorpach.

An caidreamh idir an tAontas agus an Tuirc

Tá an Tuirc fós ina tír is iarrthóir agus is comhpháirtí tábhachtach í don Aontas in an-chuid réimsí comhleasa, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann leis an imirce, an fhrithsceimhlitheoireacht, an tsláinte phoiblí, an aeráid agus saincheisteanna réigiúnacha. I mí an Mhárta 2021, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an tAontas réidh chun dul i dteagmháil leis an Tuirc ar bhealach céimnithe, comhréireach agus inchúlaithe i réimsí leasa choitinn, faoi réir coinníollachtaí seanbhunaithe.

Tá leas straitéiseach ag an Aontas i dtimpeallacht chobhsaí shlán sa Mheánmhuir Thoir agus d’iarr sé go minic ar an Tuirc an lasair a bhaint den bharrach teannais, ceannasacht agus sláine chríochach Bhallstáit uile an Aontais a urramú agus dea-chaidreamh comharsanachta a chur chun cinn ar bhealach inbhuanaithe.

Tá comhaontú comhlachais ag an Aontas agus ag an Tuirc a théann siar go 1963 a bhfuil sé mar aidhm leis feabhas a chur ar an gcomhar eacnamaíoch agus ar an gcaidreamh trádála déthaobhach. Tá an tAontas Custaim idir an tAontas agus an Tuirc i bhfeidhm ó 1995 i leith.