- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 3 Bealtaine 2017 14:22
Modheolaíocht frithdhumpála: Tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir le seasamh caibidlíochta
Ar an 3 Bealtaine 2017, d’fhormheas ambasadóirí an Aontais seasamh na Comhairle maidir le modheolaíocht nua chun measúnú a dhéanamh ar shaobhadh margaidh i dtríú tíortha, modh atá neodrach ó thaobh tíortha de. D’iarr siad ar an uachtaránacht tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
Is é is príomhchuspóir léi saobhadh ar an margadh a eascraíonn as idirghabháil stáit i dtíortha eile a bhrath agus a cheartú. Tá an mhodheolaíocht nua chun dumpáil a ríomh bunaithe ar rialacha a bunaíodh le comhaontú frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála.
Inniu thugamar ár dtacaíocht do mhodheolaíocht nua neamh-idirdhealaitheach frithdhumpála lena n-áiritheofar go ndíolfar táirgí allmhairithe ar phraghas atá cóir, cothrom san Aontas, is cuma cá as a dtagann siad. Neartóidh sin ionstraimí cosanta trádála na hEorpa agus cabhróidh sé chun poist a chosaint agus iomaíochas a fheabhsú.”
Christian Cardona, Aire Geilleagair, Infheistíochta agus Gnólachtaí Beaga Mhálta
Léirítear den chuid is mó i seasamh na Comhairle, a glacadh inniu, na príomhphrionsabail a chuir an Coimisiún ar aghaidh sa togra uaidh a tíolacadh i mí na Samhna 2016. Bunaítear leis liosta, nach bhfuil uileghabhálach, de shamplaí a úsáidtear chun saobhadh suntasach margaidh a shainaithint, amhail:
- beartais agus tionchar an stáit,
- fiontair faoi úinéireacht an stáit a bheith ann go forleathan,
- idirdhealú i bhfábhar cuideachtaí intíre,
- easpa neamhspleáchais na hearnála airgeadais,
- forfheidhmiú neamhleor dlíthe féimheachta, dhlíthe na gcuideachtaí nó dlíthe maoine.
Nuair a aithnítear go bhfuil saobhadh suntasach margaidh i dtír onnmhairithe, beidh an Coimisiún in ann sin a cheartú. Socróidh sé praghas don táirge trí thagairt a dhéanamh do na costais táirgeachta agus do na praghsanna díola i dtír ina bhfuil leibhéil chomhchosúla forbartha eacnamaíche nó trí thagairt a dhéanamh do chostais agus do phraghasanna idirnáisiúnta neamhshaofa iomchuí.
Dréachtóidh an Coimisiún tuarascálacha sonracha freisin ar thíortha nó ar earnálacha ina ndéanfar cur síos ar shaobhadh. I gcomhréir leis an gcleachtas reatha, fágfar faoi ghnólachtaí AE é gearáin a dhéanamh, ach beidh siad in ann úsáid a bhaint as tuarascálacha an Choimisiúin chun tacú lena gcás.
Ionstraimí cosanta trádála an Aontais (Grafaic faisnéise)
Amlíne agus na chéad chéimeanna eile
Reáchtálfar an mhodheolaíocht nua frithdhumpála i gcomhthráth le próiseas caibidlíochta ar leith maidir le hathbhreithniú níos leithne ar ionstraimí cosanta trádála an Aontais, rud a moladh in 2013. I ndiaidh don Chomhairle Eorpach a iarraidh i mí Dheireadh Fómhair 2016 go rachfaí i ngleic le cleachtais éagóracha trádála ar bhealach éifeachtúil stóinsithe, d’oibrigh an Chomhairle ar an dá chomhad mar ábhar tosaíochta trína seasamh a bhunú d’fhonn clabhsúr a chur ar an gcaibidlíocht go gasta.
Ós rud é go bhfuil an togra faoi réir gnáthnós imeachta reachtach, caithfidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa teacht ar chomhaontú maidir leis an téacs deiridh. Beidh an Chomhairle in ann tús a chur le hidirphlé tríthaobhach le Parlaimint na hEorpa ar bhonn chomhaontú an lae inniu a luaithe a chinnfidh an Pharlaimint a seasamh caibidlíochta féin.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024