Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 29 Bealtaine 2017 12:55

Tagann an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú faoi shásra nua chun cosaint níos fearr a thabhairt do mhuintir na hEorpa ar shubstaintí sícighníomhacha

Ar an 29 Bealtaine, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú polaitiúil faoi phacáiste lena ndéantar athchóiriú ar an reachtaíocht maidir le substaintí sícighníomhacha nua a úsáidtear mar mhalairt ar dhrugaí aindleathacha.

Leis an sásra nua, sin beifear in ann freagairt níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla de chuid an Aontais a thabhairt ar na substaintí sícighníomhacha nua atá ag teacht isteach go tiubh ar mhargadh an Aontais, agus a chuireann sláinte agus sábháilteacht an phobail i mbaol.

Dúirt Carmelo Abela, aire gnóthaí baile agus slándála náisiúnta Mhálta: “Fadhb don tsláinte phoiblí san Eoraip iad na siabhráin dhleathacha seo, fadhb atá ag dul in olcas, agus is iad an dream óg is mó atá i mbaol. Leis na rialacha nua seo, cuirfidh an tAontas freagairt níos sciobtha agus níos éifeachtaí ar fáil. Beimid in ann laghdú suntasach a chur ar an am a theastaíonn le measúnú agus, b’fhéidir, cinneadh a dhéanamh faoi shubstaintí sícighníomhacha nua a thoirmeasc ar fud an Aontais”.

Leis an bpacáiste nua, déanfar sruthlíniú ar an nós imeachta atá ann ar leibhéal an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag substaint shícighníomhach nua agus cinneadh a dhéanamh maidir le toirmeasc a d’fhéadfaí a chur uirthi. Beidh an nós imeachta seo dhá uair chomh sciobtha leis an nós imeachta a bhí roimhe seo ann. Chomh maith leis sin, leis na rialacha nua, laghdófar an t-am a thógfaidh sé ar na Ballstáit cinneadh ón Aontas a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, ó 12 mhí go dtí 6 mhí. Tá sé mar aidhm ag an bpacáiste seo freisin feabhas a chur ar an malartú faisnéise, ar an gcóras réamhrabhaidh, agus ar an nós imeachta measúnaithe riosca, ar leibhéal an Aontais.

Is éard atá sa phacáiste, leasú ar an rialachán lenar bunaíodh an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) i ndáil le malartú faisnéise, an córas réamhrabhaidh agus nós imeachta measúnaithe riosca ar shubstaintí sícighníomhacha, agus treoir lena leasaítear an cinneadh réime ón gComhairle ó 2004 maidir leis an soláthar íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis a mhéid a bhaineann le gáinneáil aindleathach ar dhrugaí.

Na chéad chéimeanna eile 

Bunaithe ar an gcomhaontú polaitiúil ar tháinig an dá institiúid air, glacfaidh an dá institiúid na téacsanna go foirmiúil as seo go ceann cúpla mí.

Cúlra 

Substaintí nádúrtha nó sintéiseacha iad na substaintí sícighníomhacha nua a mbíonn tionchar acu ar lárchóras na néaróg agus a mbíonn éifeacht acu ar cosúil é leis an éifeacht a bhíonn ag drugaí aindleathacha, amhail cócaon, hearóin nó cannabas. Cuireann siad speabhraídí ar dhaoine, agus athraíonn siad smaointeoireacht, iompar, dearcadh, feasacht agus giúmar daoine, agus bíonn drochthionchair eile acu freisin. Is minic a dhéantar iad a mhargú mar rogha dhleathach ar dhrugaí aindleathacha, agus sin é an fáth a dtugtar “siabhráin dhleathacha” orthu.

Ba ghá leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le substaintí sícighníomhacha mar gheall ar an méadú mór millteach a tháinig d’aon iarraidh ar na substaintí sícighníomhacha nua, ar an leibhéal domhanda agus san Eoraip. Rinneadh 98 substaint nua shícighníomhacha a thuairisciú den chéad uair le córas réamhrabhaidh an Aontais in 2015, agus rinneadh 66 cinn díobh a thuairisciú in 2016, rud a chiallaíonn go ndearnadh faireachán ar bhreis agus 600 substaint nua - 460 (75 %) díobh sin ar le sé bliana anuas a braitheadh iad.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024