Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 6 Feabhra 2019 17:45

A gheilleagar sonraí treisithe ag an Aontas tar éis don Chomhairle comhaontú maidir le hathúsáid leathnaithe sonraí a mhaoinítear go poiblí a fhormheas

Beidh fáil níos éasca agus níos tapúla ar lear mór sonraí atá á gcoinneáil ag an earnáil phoiblí, amhail sonraí meitéareolaíocha agus comhshaoil, chun táirgí agus seirbhísí nua a chruthú agus sochaí shonraíbhunaithe i gcoitinne a fhorbairt. Dheimhnigh ambasadóirí na mBallstát an comhaontú inniu idir Uachtaránacht na Rómáine agus Parlaimint na hEorpa maidir le hathchóiriú a dhéanfaidh nuashonrú ar rialacha an Aontais maidir le sonraí earnála poiblí a athúsáid i gcomhréir le dul chun cinn i dteicneolaíochtaí digiteacha. Spreagfaidh na rialacha nua nuálaíocht dhigiteach sa bhreis, go háirithe i réimse na hintleachta saorga. Thángthas ar chomhaontú sealadach ar an 22 Eanáir.

Is céim mhór é an t-athchóiriú seo i gcur ar fáil príomh-amhábhair d'intleacht shaorga agus d'fheidhmchláir eile a bhraitheann ar an bhfáil atá ar mhéideanna móra sonraí. Cruthóidh sé deiseanna iontacha do gach earnáil den gheilleagar, lena gcothófar poist nua agus fás. Alexandru Petrescu, Aire Cumarsáide agus Sochaí Faisnéise na Rómáine, agus Uachtarán na Comhairle

Leis an gcomhaontú, leathnaítear raon feidhme na rialacha maidir le hathúsáid fhaisnéis na hearnála poiblí níos faide ná comhlachtaí na hearnála poiblí agus cuimsítear leis gnóthais phoiblí in earnáil an iompair agus in earnáil na bhfóntas. Ní bheidh aon cheangal ar na hearnálacha sin sonraí a chur ar fáil ach amháin má thugtar orthu sin a dhéanamh i ndlí náisiúnta nó de chuid an Aontais nó sa treoir maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí féin, ach má chinneann siad ar shonraí a scaoileadh, beidh orthu na prionsabail chéanna le comhlachtaí earnála poiblí a urramú, lena n-áirítear trédhearcacht, neamh-idirdhealú agus socruithe eisiacha. Cosnóidh coimirce i gcoinne míbhuntáiste iomaíoch gnóthais phoiblí a oibríonn in iomaíocht dhíreach le cuideachtaí príobháideacha.

Tugann an t-athchóiriú isteach coincheap na dtacar sonraí ardluacha, a chuirfear ar fáil saor in aisce trí chomhéadan feidhmchláir (API). Leagtar síos sa téacs sé chatagóir leathana de thacair sonraí ardluacha: geospásúil, faire na cruinne agus comhshaol, meitéareolaíoch, staidreamh, cuideachtaí agus úinéireacht cuideachtaí, agus soghluaisteacht. Déanfar an liosta seo a nuashonrú agus roghnófar tacair shonraí ar leith ó laistigh de na catagóirí seo (m.sh. léarscáileanna agus cóid phoist ón gcatagóir gheospásúil) trí reachtaíocht thánaisteach.

Cumhdóidh na rialacha sonraí taighde a mhaoinítear go poiblí agus atá ar fáil cheana féin i stórais sonraí phoiblí chomh maith, agus spreagfaidh siad scaipeadh sonraí dinimiciúla amhail sonraí iompair nó aimsire fíor-ama a thagann ó bhraiteoirí nó ó shatailítí.

Ar an iomlán, is gnách go mbeidh sonraí earnála poiblí ar fáil saor in aisce nó ar chostas imeallach. Ach ós rud é go gcaithfidh comhlachtaí áirithe ioncam a ghiniúint, ceadófar táillí beaga ar shonraí i gcásanna áirithe.

Ós rud é go gcuireann an treoir nua úsáid sonraí oscailte (sonraí i bhformáidí oscailte is féidir a úsáid agus a roinnt gan srian) chun cinn, cuireadh coincheap na sonraí oscailte leis an teideal mar léiriú air seo.

Beidh dhá bhliain ó theacht i bhfeidhm na treorach ag na Ballstáit chun na rialacha nua a ionchorprú sa dlí náisiúnta. Ós rud é nach leagtar síos leis an treoir ach íoschaighdeáin, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit dul níos faide ná sin ina rialacha náisiúnta féin.

Is cuid lárnach é an togra atá á phlé den ‘phacáiste maidir le sonraí' a d'fhoilsigh an Coimisiún i mí Aibreáin 2018 faoin Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach.

Tar éis do Choiste na mBuanionadaithe é a fhormheas inniu, déanfar an téacs a sheiceáil ó thaobh dlí agus teanga de. Ansin beidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an gníomh dlí a ghlacadh go foirmiúil. Táthar ag súil gur san fhómhar a dhéanfar sin.

Beidh an téacs a comhaontaíodh ar fáil ar an leathanach gréasáin seo go luath.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024