Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 20 Nollaig 2022 10:05

Aontas na margaí caipitil: sainordú caibidlíochta comhaontaithe ag an gComhairle i ndáil le togra chun trédhearcacht an mhargaidh a neartú

Tháinig ionadaithe Bhallstáit an Aontais ar chomhaontú maidir le sainordú chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa i ndáil le hathbhreithniú ar an Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (‘MiFIR’) agus ar an dara Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (‘MiFID II’). Is iad tosaíochtaí an athbhreithnithe sin trédhearcacht agus infhaighteacht sonraí margaidh a fheabhsú, cothrom na Féinne idir ionaid forghníomhaithe a fheabhsú agus a chinntiú gur féidir le bonneagair mhargadh an Aontais leanúint de bheith iomaíoch ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Ar bhonn an tsainordaithe sin, is féidir tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú críochnaitheach maidir leis an reachtaíocht a bheidh ann amach anseo.

Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Is céim thábhachtach é an t-athbhreithniú ar MiFIR chun trédhearcacht an mhargaidh a neartú. Tabharfaidh sé cumhacht d’infheisteoirí níos lú go háirithe, rud a thabharfaidh rochtain níos éasca dóibh ar na sonraí is gá chun infheistíocht a dhéanamh i scaireanna nó i mbannaí. Le margadh airgeadais níos trédhearcaí agus níos inrochtana, neartófar sláine, iomaíochas agus éifeachtúlacht fhoriomlán an mhargaidh aonair, rud a rachaidh chun tairbhe gnólachtaí agus saoránach.
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia

Leis an togra seo, beidh bonneagair mhargaidh an Aontais níos láidre. Thairis sin, méadófar leachtacht an mhargaidh leis na leasuithe atá á mbeartú, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do chuideachtaí maoiniú a fháil ó mhargaí caipitil.

Is é is aidhm don dréachtrialachán bunachar sonraí láraithe nó ‘teilitéip chomhdhlúite’ a bhunú, lena dtabharfar rochtain, ar fud an Aontais ar bhealach comhdhlúite, ar shonraí margaidh ó ionaid trádála chomh maith le hinmheánaitheoirí córasacha agus socruithe formheasta maidir le foilsiú. Cuirfidh sé sin feabhas ar thrédhearcacht fhoriomlán na bpraghsanna ar fud na n-ionad trádála agus tabharfaidh sé rochtain níos éasca d’infheisteoirí ar shonraí trádála.

Cinntítear sa téacs go gcuireann soláthraithe teilitéipe comhdhlúite sonraí comhdhlúite iontaofa ar fáil gar d’fhíor-am, agus ag tabhairt faoi deara gur cheart do sholáthraithe teilitéipe chomhdhlúite na dtrádálacha forghníomhaithe an teilitéip a fhoilsiú in éineacht le scothphraghas na n-ofrálalacha agus na dtairiscintí atá ar fáil tráth na trádála áirithe chomh maith leis an scothphraghas Eorpach tairisceana agus ofrála tráth na trádála ó na margaí is iomaíche.

Ina theannta sin, tugtar isteach leis an dréachtrialachán srian le híocaíochtaí chun orduithe cliant a ródú san Aontas. Fágann an rialachán rogha faoi na Ballstáit gan an cleachtas sin a cheadú ach amháin ina gcríoch féin.

Thairis sin, déantar an teorannú ar an trádáil anaithnid a shoiléiriúleis an dréachtrialachán, rud a chuireann deireadh le castacht agus le hualach an chórais. Bunaítear leis an gcaidhpeáil dhúbailte méide atá ann faoi láthair nach bhféadfaidh méid na trádála anaithnide in ionad aonair a bheith níos mó ná 4% den trádáil iomlán agus nach bhféadfaidh méid na trádála anaithnide in ionstraim chothromais san Aontas a bheith níos mó ná 8% den trádáil iomlán. Is ar an tairseach uile-Aontais a socraíodh ag 10%, agus ar an tairseach sin amháin, a bhraitheann an chaidhpeáil méide nua aonair a leagtar amach sa dréachtrialachán.

Ina theannta sin, chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta a chinntiú, déantar na hamanna réamhíocaíochta a mhodhnú sa téacs do mhéid agus do phróifíl leachtachta an idirbhirt i mbannaí, táirgí struchtúrtha agus lamháltais astaíochtaí. Ba cheart na réamhíocaíochtaí sin a bheith bunaithe ar leachtacht banna, táirge airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí, agus ar mhéid na n-idirbheart.

  • I gcás soláthraithe leachtachta i mbannaí, níor cheart mascadh ar phraghas agus méid na n-idirbheart le haghaidh trádálacha an-mhór a bheith níos faide ná  4 seachtaine i gcás ar bith
  • Maidir le díorthaigh thar an gcuntar, ba cheart fad na réamhíocaíochtaí a chalabrú bunaithe ar bhonn níos solúbtha toisc nach féidir oiriúnacht gach tréimhse a chinneadh ach le sonraí leordhóthanacha margaidh. Is é an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a chinnfidh fad na réamhíocaíochtaí sin

Tríd an nuashonrú sin, neartaítear freisin forálacha áirithe maidir leis na gnólachtaí infheistíochta a bhíonn ag trádáil ar a gcuntas féin, toisc go soláthraíonn siad leachtacht don urlár mhargadh fiú le linn dálaí struis sa mhargadh.

Cúlra

I bPlean 2020 ón gCoimisiún maidir le hAontas na Margaí Caipitil, d’fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige togra reachtach a chur síos chun bunachar sonraí láraithe a chruthú a raibh sé mar aidhm leis léargas cuimsitheach a thabhairt ar phraghas agus ar mhéid cothromais agus ar ionstraimí airgeadais a fheidhmíonn mar a bheadh ionstraimí cothromais iontu ar fud an Aontais agus ar fud iliomad ionad trádála (teilitéip chomhdhlúite). An 2 Nollaig 2022, sna conclúidí uaithi maidir leis an bplean gníomhaíochta, mhol an Chomhairle an Coimisiún tuilleadh gníomhaíochta infheistíochta a spreagadh laistigh den Aontas trí mheasúnú breise a dhéanamh ar conas dul i ngleic leis na bacainní atá i dtaca le teilitéip chomhdhlúite a bhunú.

Thíolaic an Coimisiún a thogra chun MiFIR agus MiFID II a leasú chun na críche sin an 25 Samhain 2021.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Feabhra 2024