"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Custaim an Aontais: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le príomhghnéithe le haghaidh creat níos nua-aimseartha, níos éifeachtúla agus níos sláine
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta páirteach i ndáil le hathchóiriú bunúsach ar chreat custaim an Aontais. Leis an athchóiriú, tabharfar bosca uirlisí níos nua-aimseartha d’údaráis chustaim ar fud an Aontais chun dul i ngleic le treochtaí, mar shampla, an méadú suntasach ar mhéideanna trádála, go háirithe sa ríomhthráchtáil, an méadú atá ag teacht ar líon na gcaighdeán de chuid an Aontais is gá a sheiceáil ag na teorainneacha agus an t-athrú atá ag teacht ar na réaltachtaí agus na géarchéimeanna geopholaitiúla.
Ar an iomlán, meastar go dtabharfaidh an t-athchóiriú sin acmhainní leordhóthanacha don Aontas chun stop a chur le hearraí neamhchomhlíontacha, contúirteacha nó neamhshábháilte teacht isteach san Aontas, dleachtanna custaim a bhailiú ar bhealach níos éifeachtúla, agus rialuithe leordhóthanacha a dhéanamh gan ualach iomarcach a chur ar údaráis agus ar thrádálaithe.
Leis an gcomhaontú, beifear in ann tús a chur leis an gcaibidlíocht idirinstitiúideach le Parlaimint na hEorpa maidir le príomhghnéithe an athchóirithe, mar shampla:
gníomhaireacht nua dhíláraithe um chustam a bhunú – údarás custaim an Aontais Eorpaigh – a thacóidh le hobair bainistithe riosca na n-údarás custaim náisiúnta agus a chuideoidh leis an obair sin a chomhordú, agus mol sonraí custaim an Aontais a bhainistiú
timpeallacht amháin ar líne don Aontas uile a chruthú – mol sonraí custaim an Aontais – ardán lárnach TF amháin chun idirghníomhú le custaim agus chun sláine sonraí, inrianaitheacht agus rialuithe custaim a neartú
simplithe custaim feabhsaithe a thabhairt isteach do na trádálaithe is iontaofa, rud a shábhálfaidh am agus airgead
cur chuige níos nua-aimseartha a fhorbairt i leith na ríomhthráchtála, a bheidh curtha in oiriúint do réaltachtaí na timpeallachta atá ag athrú go tapa
I bhfianaise na ndúshlán agus na dtreochtaí domhanda atá ag dul i méid, tá géarghá ag custaim an Aontais le huirlisí nua-aimseartha chun ár Margadh Aonair a chosaint. Is céim thábhachtach é an comhaontú sin i dtreo creat a sheasfaidh an aimsir agus a chuirfidh ar chumas ár n-údarás obair as lámha a chéile.
Andrzej Domanski, Aire Airgeadais na Polainne
Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh
Leis an gcreat nua, bunaítear gníomhaireacht AE dhíláraithe um chustam – údarás custaim an Aontais Eorpaigh – a chomhordóidh rialachas aontas custaim an Aontais i roinnt réimsí. Go háirithe, ceadóidh údarás custaim an Aontais Eorpaigh bainistiú riosca ar leibhéal an Aontais chun tacú le hobair na n-údarás custaim náisiúnta, agus úsáid á baint as na sonraí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin a nuashonraítear go leanúnach i mol sonraí custaim nua an Aontais. Déanfaidh údarás custaim an Aontais Eorpaigh comhordú freisin ar bhainistiú géarchéime ar leibhéal an Aontais i réimse an chustaim.
Mol sonraí custaim an Aontais Eorpaigh
Timpeallacht aonair ar líne a bheidh i mol sonraí custaim an Aontais Eorpaigh, atá ceaptha chun sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu agus chun déileáil le bainistiú riosca.
Chun a n-oibleagáidí custaim maidir le coinsíneachtaí trádála a chomhlíonadh, ní chuirfidh gnólachtaí an t-eolas custaim atá acu faoi bhráid na tairsí aonair sin ach uair amháin, seachas é a chur faoi bhráid údaráis chustaim aonair. Beidh siad in ann an t-eolas céanna a chur isteach freisin chun coinsíneachtaí iomadúla a chumhdach, rud a shábhálfaidh am agus airgead.
Gheobhaidh na húdaráis chustaim náisiúnta forléargas iomlán ar shreafaí trádála agus ar shlabhraí soláthair. Dá bhrí sin, le tacaíocht ó údarás custaim an Aontais Eorpaigh, beidh rochtain ag na Ballstáit ar na sonraí fíor-ama céanna agus beidh siad in ann eolas a chomhthiomsú chun freagairt ar rioscaí ar bhealach níos tapúla, níos comhsheasmhaí agus níos éifeachtaí.
Trádálaithe iontaoibhe agus seiceála
Leis an reachtaíocht nuashonraithe, cruthaítear catagóir nua de na gnólachtaí is trédhearcaí – trádálaithe iontaoibhe agus seiceála. Faoin scéim sin, bainfidh gnólachtaí a sholáthraíonn an méid is mó eolais is féidir faoina gcuid gníomhaíochtaí agus a chomhlíonann critéir dhochta eile tairbhe as oibleagáidí custaim simplithe agus, i gcásanna áirithe, beidh siad in ann a gcuid earraí a scaoileadh i gcúrsaíocht san Aontas gan aon idirghabháil ghníomhach chustaim ar chor ar bith.
Leasuithe ón gComhairle
Déantar roinnt leasuithe ar an togra bunaidh ón gCoimisiún i sainordú caibidlíochta páirteach na Comhairle. Mar shampla, soiléirítear próisis chustaim áirithe sa téacs ar bhealach níos mionsonraithe, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca d’údaráis chustaim an Aontais agus d’oifigigh ar an láthair iad a chur chun feidhme.
I ndáil le trádálaithe iontaofa, coinníonn sainordú na Comhairle an scéim um oibreoirí eacnamaíocha údaraithe (OEÚ) atá in úsáid cheana féin ag na mílte FBManna chun a n-oibleagáidí custaim a shimpliú. Déantar foráil ann maidir le bearta saincheaptha chun tacú le FBManna na rialacha nua a chomhlíonadh.
Ar deireadh, tugtar isteach leis an téacs an coincheap nua maidir le táille láimhseála atá le bailiú ag údaráis chustaim ar choinsíneachtaí beaga a thagann isteach san Aontas trí chiandíol.
Na chéad céimeanna eile
Tar éis ghlacadh shainordú caibidlíochta páirteach na Comhairle, cuirfidh an uachtaránacht tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcomhad.
Déanfar plé níos déanaí ar ghnéithe áirithe den athchóiriú foriomlán, mar shampla, maidir le suíomh Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, maidir le córas simplithe taraifí agus maidir le dearadh beacht na táille láimhseála.
Cúlra
Bunaíodh Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh in 1968 agus is bunchloch de chomhtháthú eacnamaíoch na hEorpa é. Éascaíonn sé an trádáil, cosnaíonn sé na saoránaigh, cothaíonn sé an nuálaíocht, agus cuidíonn sé leis an Aontas a cheannaireacht eacnamaíoch dhomhanda a choinneáil.
Tá Ballstáit uile an Aontais ina gcuid d'Aontas Custaim an Aontais. Dá bhrí sin:
cuireann siad na rátaí nó na taraifí allmhairiúcháin céanna maidir leis na hearraí a thagann isteach ina gcríoch ón gcuid eile den domhan i bhfeidhm. Is ar chineál an táirge agus ar an tír thionscnaimh a bhunaítear na dleachtanna custaim
ní fhorchuireann siad dleachtanna custaim go hinmheánach ar na hearraí a thrádáiltear eatarthu. Tar éis na hearraí a chur trí sheiceálacha custaim, is féidir iad a thrádáil gan bhac san Aontas, agus ní bheidh taraifí breise orthu ná ní dhéanfar seiceálacha teorann breise orthu
Ina theannta sin, cosnaíonn an tAontas Custaim Margadh Aonair an Aontais, ós rud é go gcinntítear saorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas le rialú na dteorainneacha seachtracha. Bheadh saorghluaiseacht earraí san Aontas dodhéanta ina éagmais. Ag an am céanna, le rialuithe custaim ag teorainneacha seachtracha an Aontais, cosnaítear tomhaltóirí ar earraí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach nó díobhálach don tsláinte. Cuidíonn siad le hainmhithe agus an comhshaol a chosaint: téann siad i ngleic le trádáil neamhdhleathach na speiceas i mbaol agus déanann siad leathadh galar plandaí agus ainmhithe a chosc. Bíonn oifigí custaim an Aontais ag obair go dlúth freisin leis na húdaráis imirce agus le forfheidhmiú an dlí chun an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas: