Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 19 Samhain 2025 11:45

Seasamh caibidlíochta glactha ag an gComhairle maidir le dlí nua lena dtugtar isteach feidhmchlár an Aontais um shonraí taistil digiteacha

D’fhormheas ionadaithe na mBallstát (Coreper) sainordú caibidlíochta na Comhairle le haghaidh dlí de chuid an Aontais lena bhféadfar feidhmchlár an Aontais um shonraí taistil digiteacha a sheoladh. Bunaítear leis an rialachán rialacha maidir le dintiúir taistil dhigiteacha a chruthú (go deonach) agus maidir le cén chaoi iad a úsáid agus teorainneacha seachtracha á dtrasnú.

Le feidhmchlár digiteach taistil an Aontais, beifear in ann sonraí taistil a chur ar fáil go digiteach sula dtrasnófar an teorainn. A bhuí leis, réitítear an bealach do na hoifigigh teorann chun doiciméid taistil a fhíorú go cianda agus seiceáil a dhéanamh i mbunachair sonraí teorann, póilíneachta agus imirce sula sroichfidh taistealaithe an pointe trasnaithe teorann. Laghdóidh sé sin amanna feithimh agus cuirfidh sé feabhas ar sheiceálacha slándála.

<p>Rasmus Stoklund, Aire Inimirce agus Lánpháirtíochta na Danmhairge</p>

Is príomhthosaíocht ag Uachtaránacht na Danmhairge é teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú. Ní mór smacht a bheith againn ar cé a thagann isteach, agus ní mór dúinn cead isteach a dhiúltú do dhaoine nach bhfuil sé de cheart acu teacht isteach san Aontas. Is den tábhacht é, dá bhrí sin, go dtabharfaimid na huirlisí is fearr is féidir do na gardaí teorann, ionas gur féidir leo an choireacht, bagairtí slándála agus an imirce neamhdhleathach a chomhrac. Ní réiteoidh aip dhigiteach taistil an Aontais gach fadhb, ar ndóigh, ach mar sin féin is uirlis thábhachtach nua í a chuirfidh modhanna níos fearr ar fáil do na gardaí teorann chun a gcuid oibre a dhéanamh.

<p>Rasmus Stoklund, Aire Inimirce agus Lánpháirtíochta na Danmhairge</p>

Rasmus Stoklund, Aire Inimirce agus Lánpháirtíochta na Danmhairge

Beidh an feidhmchlár ina ghné thábhachtach de bhainistiú na dteorainneacha seachtracha. Beidh ar thaistealaithe a bpas nó a gcárta aitheantais a iompar fós agus iad ag trasnú teorainn sheachtrach de chuid an Aontais.

Cúl, comhpháirt mhóibíleach agus ródaire

Beidh feidhmchlár an Aontais um shonraí taistil digiteacha comhdhéanta de chomhpháirt mhóibíleach (aip mhóibíleach), seirbhís chúlbhailíochtaithe agus ródaire taistealaithe. Comhlacht de chuid an Aontais (eu-LISA) a dhéanfaidh gach ceann de na trí ghné a fhorbairt de réir na gceanglas feidhmiúil agus teicniúil atá sa rialachán.

Cuirfidh an chomhpháirt mhóibíleach ar chumas na dtaistealaithe, is cuma cé acu saoránaigh an Aontais nó náisiúnaigh tríú tír, dintiúir dhigiteacha taistil a chruthú (is éard atá ann go bunúsach cóip dhigiteach de na sonraí atá stóráilte ar a bpas nó ar a gcárta aitheantais). Mar sin féin, rogha i gcónaí is ea é dintiúir dhigiteach taistil a chruthú agus a úsáid.

Is é is feidhm le gné chúil an fheidhmchláir slis an doiciméid taistil a fhíorú go leictreonach. Tá gá leis sin chun a dheimhniú gur údarás dlisteanach a d’eisigh an doiciméad taistil arna athchruthú go digiteach agus nár athraíodh na sonraí a baineadh as an tslis ó eisíodh an doiciméad taistil.

A bhuí leis an ródaire taistealaithe, beidh daoine in ann a ndintiúir taistil dhigiteacha a chomhroinnt leis na húdaráis iomchuí atá i gceannas ar bhainistiú na dteorainneacha.

Úsáid ag pointí trasnaithe teorann

Aon duine a d’úsáid feidhmchlár an Aontais um shonraí taistil digiteacha chun dintiúir taistil dhigiteacha a chruthú, beidh sé nó sí in ann a dhoiciméid taistil a chur faoi bhráid na n-údarás teorann sula dtabharfadh siad faoina dturas. Dá thoradh sin, is éifeachtúla a bheidh na seiceálacha teorann toisc go mbeidh gardaí teorann in ann a gcuid ama agus acmhainní a dhíriú ar thrasnuithe ar luaigh siad ina dtaobh roimh ré gur trasnuithe amhrasacha iad.

Is sláine a bheidh limistéar Schengen a bhuí le dintiúir taistil dhigiteacha freisin. Is fusa a bheidh sé barántúlacht agus cruinneas na ndoiciméad taistil a fhíorú, rud a fhágfaidh gur deacra a bheidh sé do chalaoiseoirí doiciméid bhréige a úsáid nó teorainneacha a thrasnú faoi choim.

Córais TF teorann agus taistil an Aontais a nascadh le chéile

Tá roinnt córas TF curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun taisteal a éascú agus chun an tslándáil teorann a threisiú. Is mian leis an gComhairle go mbeidh ról lárnach ag an bhfeidhmchlár an Aontais um shonraí taistil digiteacha a bheidh ann amach anseo nuair a bhainfidh daoine úsáid as na córais sin.

De réir sheasamh na Comhairle, ba cheart do thaistealaithe, mar shampla, a bheith in ann a ndintiúir taistil dhigiteacha a úsáid tráth a bhfuil a sonraí dul isteach/imeachta á réamhthíolacadh acu. Tháinig an córas digiteach teorann dul isteach/imeachta i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2025 agus déantar taifead digiteach ann ar iontrálacha, ar imeachtaí, ar phas agus ar shonraí bithmhéadracha na náisiúnach tríú tír atá ag taisteal chuig an Aontas.

In 2026, cuirfear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (dá ngairtear ETIAS) i bhfeidhm. A luaithe a bheidh sé ar fáil, ba cheart taistealaithe nach as tír de chuid an Aontais dóibh a bheith in ann úsáid a bhaint as na dintiúir taistil a cruthaíodh san fheidhmchlár taistil digiteach san iarratas ETIAS. Is amhlaidh a bheidh i gcás ina ndéanfar iarratas go digiteach ar víosa freisin.

Na chéad chéimeanna eile

Leis an gcomhaontú sin, tá Uachtaránacht na Comhairle faoi réir le tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, a luaithe a bheidh seasamh na Parlaiminte comhaontaithe aici.

Cúlra

De réir shonraí an Choimisiúin, trasnaíodh teorainneacha seachtracha an Aontais 593 mhilliún uair in 2022. D’fhéadfadh líon chomh hard sin de thaistealaithe a bheith ina dhúshlán dóibh siúd atá freagrach as seiceálacha teorann a dhéanamh. D’fhéadfadh sé a bheith strusmhar freisin do dhaoine ar mian leo an teorainn a thrasnú agus a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar amanna feithimh fada.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 21 Samhain 2025