"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 11 Márta 2025
Na príomhthorthaí
Maoiniú na cosanta
Roimh an gcruinniú den Chomhairle, bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí maidir le caiteachas ar chosaint agus an chaoi a gcaitear leo sa chreat rialachais eacnamaíoch.
Tá rún daingean ag na hairí maoiniú a fháil a bheidh ag teacht le riachtanais chosanta na hEorpa. Tá réitigh á bplé againn a chuirfidh go mór le cumhacht airgeadais an Aontais.
Andrzej Domański, Aire Airgeadais na Polainne
Iomaíochas, simpliú agus feabhas a chur ar thimpeallacht ghnó an Aontais
Thíolaic an Coimisiún an chéad dá ‘Phacáiste Omnibus’, a glacadh an 26 Feabhra 2025, maidir le hinbhuanaitheacht agus simpliú infheistíochta.
Lean na hairí lena seisiún tuairimíochta maidir le hiomaíochas, simpliú agus feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó san Eoraip.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil i ndáil leis an Treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (TCR 9) a leasú.
Cuirfidh an reachtaíocht nua leis an gcomhar agus le malartú faisnéise maidir le íoschánachas corparáideach éifeachtach chun na hoibleagáidí maidir le tuairisceáin atá ar ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus ar ghrúpaí náisiúnta mórscála faoi Threoir Cholún 2 a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr, ar Treoir í lenar trasuíodh i ndlí an Aontais an chuid chomhfhreagrach de chomhaontú domhanda G20/ECFE. Thángthas ar an gcomhaontú sin chun creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis a sheachaint, agus a chinntiú go n-íocfadh corparáidí móra íoschánachas éifeachtach.
Táimid ag tabhairt faoin gcéad chéim eile chun na rialacha maidir le híoschánachas éifeachtach na gcuideachtaí ilnáisiúnta is mó a chur chun feidhme. Formáid amháin a bheidh ag na cuideachtaí lena mbaineann chun an fhaisnéis ábhartha a chomhdú, agus oibreoidh údaráis chánach na mBallstát i ndlúthchomhar le chéile chun faisnéis ábhartha a mhalartú. Leis sin, simpleofar an próiseas tuairisceáin go mór agus laghdófar an t-ualach riaracháin ar na húdaráis chánach agus ar na cuideachtaí lena mbaineann.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an tionchar eacnamaíoch agus airgeadais atá ag fogha na Rúise faoin Úcráin, ag féachaint freisin ar chur chun feidhme bhearta sriantacha agus smachtbhannaí an Aontais agus béim ar leith á leagan ar chur i bhfeidhm praiticiúil na smachtbhannaí i réimse an chustaim.
Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi phríomhthorthaí chruinniú Airí Airgeadais agus Ghobharnóirí Bainc Ceannais G20 a bhí ar siúl an 26–27 Feabhra 2025.
Thug an Chomhairle sainordú freisin don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais téarmaí tagartha G20 an Aontais agus an ráiteas chuig an gCoiste um an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a ullmhú, i bhfianaise chruinniú Airí Airgeadais agus Ghobharnóirí Bainc Ceannais G20 a bheidh ar siúl an 23‑24 Aibreán agus chruinnithe Earraigh an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI).
Faoi na míreanna ‘A’, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le díthrangláil agus simpliú i réimse na cánach, agus ghlac sí go foirmiúil an pacáiste maidir le CBL sa ré dhigiteach, a comhaontaíodh i mí na Samhna seo caite.
Idirphlé maicreacnamaíoch ar an leibhéal polaitiúil (Medpol)
Thug an Uachtaránacht reatha agus an dá Uachtaránacht inteachta (an Pholainn, an Danmhairg agus an Chipir) na comhpháirtithe sóisialta, an Banc Ceannais Eorpach, Uachtarán an Ghrúpa Euro agus an Coimisiún le chéile don idirphlé maicreacnamaíoch ar an leibhéal polaitiúil, a bhíonn ar siúl dhá uair sa bhliain, an 10 Márta.
Thug an cruinniú deis do na comhpháirtithe sóisialta a dtuairimí a chur in iúl i dtaobh na n-ábhar seo:
Na forbairtí is déanaí maidir leis an staid eacnamaíoch
Na príomhbhacainní rialála a chuireann le hilroinnt an mhargaidh aonair do sheirbhísí.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.