Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 10 Márta 2026

Na príomhthorthaí

An t-aontas coigiltis agus infheistíochta

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hAirí faoin bpacáiste um an gcomhtháthú margaidh agus maoirseacht, ar príomhghné den aontas coigiltis agus infheistíochta é.

<p>Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire</p>

Is é an pacáiste um an gcomhtháthú margaidh agus maoirseacht croílár ár n-iarrachtaí margaí caipitil na hEorpa a dhoimhniú agus, dá réir sin, borradh a chur faoinár n-iomaíochas. Chuir ár gceannairí in iúl go ríshoiléir gur gá gníomhú go tapa. Is ábhar práinne é d'Uachtaránacht na Cipire freisin agus tá sí tiomanta an bonn polaitiúil a ullmhú. Tugann díospóireacht an lae inniu an treoshuíomh polaitiúil is gá dúinn chun an chéad chéim eile den obair a stiúradh ar bhealach dírithe comhordaithe.

<p>Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire</p>

Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire

Is é is aidhm don phacáiste comhtháthú mhargaí caipitil an Aontais a dhoimhniú trí dheireadh a chur le bacainní ar sholáthar trasteorann gníomhaíochtaí infheistíochta agus trí éifeachtúlacht mhaoirseachta a neartú. Ba cheart go gcuideodh sin, dá réir sin, le borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais trí choigilteas príobháideach a shlógadh

Is éard atá sa togra máistir-rialachán, máistir-treoir, agus rialachán nua maidir le críochnaitheacht socraíochta arb é is aidhm dóibh le chéile na dálaí a chruthú le haghaidh comhdhlúthú faoi stiúir an mhargaidh trí dheireadh a chur le bacainní a chuireann cosc ar ghnólachtaí uas-scálú a dhéanamh ar fud an mhargaidh aonair.

Go háirithe, cuimsítear sna dréachtrialacha bearta atá dírithe ar ról an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) a neartú, lena n-áirítear trína uirlisí a fheabhsú chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus trína ról i maoirseacht ar leibhéal an Aontais a threisiú i réimsí áirithe.

Le linn an phlé a bhí acu, léirigh na Ballstáit go dtacaíonn siad i gcoitinne leis an obair luathaithe ar an bpacáiste ar an leibhéal teicniúil, mar a mhol Uachtaránacht na Cipire.

Maidir le gnéithe maoirseachta an chomhaid, chuir roinnt Ballstát in iúl go dtacaíonn siad go láidir le ról feabhsaithe ESMA mar a mhol an Coimisiún é, agus mheas Ballstáit eile go gcruthófaí breisluach níos mó trí chóineasú maoirseachta agus trí chomhordú feabhsaithe idir na Ballstáit.

Mhol roinnt toscaireachtaí a bheith cúramach maidir leis na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag aon chreat nua ar mhargaí airgeadais náisiúnta níos lú san Aontas.

Mheas roinnt toscaireachtaí go raibh tábhacht mhór ag baint le gnéithe teicneolaíocha an phacáiste, go háirithe na forálacha maidir le teicneolaíocht mórleabhar dáilte, a d’fhéadfadh tacú leis an nuálaíocht i margaí caipitil. Mhol roinnt acu go bhféadfaí tús áite a thabhairt don dul chun cinn maidir leis na gnéithe sin le linn an phlé ar an bpacáiste.

Ag an am céanna, d’iarr roinnt Ballstát go ndéanfaí leabhar rialacha aonair an Aontais a shimpliú a thuilleadh i réimse na margaí caipitil, agus chuir siad i bhfios go láidir nár cheart ualaí breise riaracháin a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh agus ar údaráis mhaoirseachta mar thoradh ar aon athruithe ar chreat an Aontais.

An rialachas eacnamaíoch

Shocraigh an Chomhairle conair ghlanchaiteachais uasta na hÉireann, ar gné lárnach dá plean struchtúrach fioscach meántéarmach í.

Faoi chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, atá i bhfeidhm ó dheireadh mhí Aibreáin 2024, iarrtar ar na Ballstáit pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a thíolacadh lena gcumhdaítear tréimhsí 4 go 5 bliana.

Is bunchloch de chreat nua rialachais eacnamaíoch an Aontais iad na pleananna, ina bhfuil conair fhioscach na mBallstát, mar aon leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe.

Is iad na conairí glanchaiteachais, mar atá leagtha síos ag an gComhairle, an táscaire oibríochtúil is tábhachtaí le haghaidh faireachas fioscach ar leibhéal an Aontais. Leis an srian buiséadach sin, leagfar amach beartais fhioscacha náisiúnta na hÉireann go dtí 2030, agus cuideofar lena chinneadh an bhfuil airgeadas sláintiúil á choinneáil ar bun aici.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar na leasuithe spriocdhírithe a chuir an Eastóin faoina bráid le haghaidh a plean téarnaimh agus athléimneachta.

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta clár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais, darb aidhm freagairt ar na dúshláin a bhain agus a bhaineann le paindéim COVID-19 i dtaobh gheilleagar na hEorpa. Tá sí ar an gcuid is tábhachtaí de NextGenerationEU, arb ionstraim théarnaimh shealadach é a chuireann ar chumas an Choimisiúin cistí a thiomsú chun an damáiste tobann, idir eacnamaíoch agus shóisialta, a tharla mar gheall ar an bpaindéim a chur ina cheart.

Chun tairbhe a bhaint as an tsaoráid, ní mór do na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe acu a chur chun feidhme faoi dheireadh mhí Lúnasa 2026.

Go dtí seo, eisíocadh thart ar €395 bhilliún ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Na cruinnithe idirnáisiúnta

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hAirí mar ullmhúchán do chruinniú Airí Airgeadais agus Ghobharnóirí Bainc Ceannais G20, agus do chruinniú earraigh CAI.

Thug an Chomhairle sainordú don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais bailchríoch a chur ar théarmaí tagartha G20 an Aontais agus ar an ráiteas don Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta agus Airgeadais.

D’iarr na Ballstáit idirghabhála go ndéanfaí dlúthchomhordú ar leibhéal an Aontais roimh na cruinnithe agus go n-ullmhófaí iad i bhfianaise na bhforbairtí geopholaitiúla agus na ndúshlán idirnáisiúnta atá ar eolas.

Idirphlé maicreacnamaíoch ar an leibhéal polaitiúil

Tionóladh idirphlé maicreacnamaíoch ar an leibhéal polaitiúil (MEDPOL) an 9 Samhain, ar imeall an chruinnithe.

Bhí seisiún tuairimíochta ag na comhpháirtithe sóisialta leis an Uachtaránacht, leis an dá Uachtaránacht a bheidh ann amach anseo, leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach agus le hUachtarán an Ghrúpa Euro. Díríodh sa chruinniú ar na forbairtí is déanaí sa staid eacnamaíoch, ar an intleacht shaorga agus ar thodhchaí mhargadh saothair an Aontais.

Gnó eile

Chuir an Fhrainc an Chomhairle ar an eolas faoina tograí le haghaidh leasuithe spriocdhírithe ar an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha chun staid shonrach na réigiún is forimeallaí san Aontas a chur san áireamh.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Márta 2026