Skip to content

An tseachaint cánach san Aontas Eorpach a chomhrac

Is ar na Ballstáit go príomha atá an fhreagracht calaois chánach agus seachaint cánach a chomhrac. Leis na rialacha a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais, cuirtear comhar maidir le cúrsaí cánach chun cinn, agus cuidítear le tíortha saincheisteanna trasteorann a bhainistiú chun feidhmiú mhargadh aonair an Aontais a chinntiú.

A dhona atá an fhadhb

Baineann an chalaois chánach agus an imghabháil cánach an bonn d’fheidhmiú na sochaithe daonlathacha, déanann siad an chinnteoireacht eacnamaíoch a shaobhadh, agus lagaíonn siad an mhuinínidir saoránaigh agus rialtais.

Cailltear na billiúin euro gach bliain nuair nach n-íocann cuideachtaí, daoine saibhre ná cáiníocóirí eile a gcion cothrom. Ní hamháin go laghdaíonn na caillteanais sin na hacmhainní atá ar fáil do na seirbhísí poiblí — cuir i gcás an cúram sláinte, an t-oideachas agus bonneagar — is amhlaidh a bhaineann siad an bonn freisin den chothroime agus den chobhsaíocht eacnamaíoch ar fud an Aontais.

Tá sé ríthábhachtach dul i ngleic leis an tsaincheist sin chun muinín an phobail a chosaint, feidhmiú an mhargaidh aonair a chinntiú agus an chobhsaíocht eacnamaíoch a chur chun cinn.

I gcás calaois chánach agus seachaint cánach

Is ann do chásanna calaoise cánach agus seachanta cánach nuair a dhéanann cáiníocóir nó eintiteas tuairisceán cánach neamhiomlán nó neamhcheart a chomhdú d’aon ghnó, nó nuair a dhéanann siad faisnéis ábhartha a cheilt ar na húdaráis chánach náisiúnta, chun íocaíocht chánach a sheachaint. Is féidir leis na gníomhaíochtaí seo a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, agus tá a dtréithe féin agus impleachtaí éagsúla ag baint le gach ceann acu.

Anseo thíos, déanaimid iniúchadh ar na cineálacha éagsúla calaoise agus imghabhála cánach, ar a sainmhínithe agus an chaoi a n-oibríonn siad.

An imghabháil cánach nó an chalaois chánach

Is gníomhaíochtaí neamhdhleathacha iad an imghabháil cánach nó an chalaois chánach lena ndéantar iarracht gan aon cháin ar chor ar bith a íoc. Ar na samplaí den tseachaint chánach tá, gan na brabúis ar fad a admháil, tearcthuairisciú ar ioncam, nó páirt a ghlacadh i scéimeanna casta chun an cháin bhreisluacha (CBL) a sheachaint. Is féidir a áireamh ar an gcalaois chánach freisin taifid a fhalsú nó modhanna calaoiseacha eile a úsáid chun oibleagáidí cánach a sheachaint.

An tseachaint cánach

Is éard atá i gceist leis an tseachaint cánach ionstraimí agus straitéisí dlí a úsáid chun dliteanais chánach a laghdú. Ar na cleachtais choiteanna tá brabúis a bhogadh go tíortha a bhfuil rátaí cánach níos ísle iontu nó íocaíochtaí úis ar iasachtaí a bhfuil rátaí úis arna mboilsciú go saorga acu a asbhaint. Cé nach bhfuil briseadh dlí i gceist leis na gníomhaíochtaí sin , tagann siad i dtír ar lúba ar lár agus ar neamhréireachtaí sna dlíthe cánach d’fhonn an méid cánach a íoctar a laghdú.

Pleanáil ionsaitheach cánach

Is cineál eile seachanta cánach í pleanáil ionsaitheach cánach. Is é sin nuair a thagann gnólachtaí móra agus daoine saibhre i dtír ar theorainneacha an dlí chun an méid cánach a íoctar a laghdú. Cé go bhfuil na gníomhaíochtaí sin dleathach go teicniúil, tá siad amhrasach ó thaobh eitice de agus cuireann siad le caillteanas foriomlán ioncaim cánach.

Tearmainn chánach

Is éard is tearmann cánach ann tír nó dlínse a thairgeann coinníollacha fabhracha cánach, cuir i gcás rátaí cánach an-íseal nó rátaí nialasacha, do chuideachtaí eachtracha agus do dhaoine aonair eachtracha de ghnáth. Ina theannta sin, is minic a sholáthraíonn tearmainn chánach rúndacht, is é sin, ní nochtar céannacht na ndaoine aonair ná fíorúinéirí na gcuideachtaí atá cláraithe ann. Dá thoradh sin, is féidir airgead a stóráil sna dlínsí sin (‘amach ón gcósta’), gan tuairisc air ná cáin a bheith gearrtha air go minic, rud a fhágann go mbíonn caillteanais shuntasacha in ioncam cánach do thíortha eile.

Iarmhairtí na calaoise cánach

Cuireann an chalaois chánach teorainn le cumas thíortha an Aontais na cistí atá de dhíth orthu a thiomsú, beartais eacnamaíocha agus shóisialta a chur chun feidhme, agus seirbhísí poiblí a chothú. Ar na hiarmhairtí tá ciorruithe féideartha i seirbhísí poiblí agus geilleagar níos moille.

Tá roinnt príomhiarmhairtí ag an gcalaois chánach:

iarmhairtí eacnamaíocha

Laghdaíonn sé an t-ioncam rialtais is gá chun seirbhísí poiblí riachtanacha a mhaoiniú.

Éagothromaíocht agus neamhionannas

Cuireann sé ualach éagórach, míbhuntáisteach ar na cáiníocóirí macánta.

Creimeadh muiníne don dlí agus d’institiúidí poiblí

Cuireann sé isteach ar mhuinín an phobail as an dlíchóras poiblí agus as institiúidí poiblí.

Gníomhaíocht choiriúil

Maoinítear gníomhaíochtaí coiriúla nó neamhdhleathacha, rud a chuireann saoránaigh, gnólachtaí agus fiú tíortha iomlána i mbaol.

Impleachtaí domhanda

Saobhann sé an iomaíocht, tugann sé buntáistí éagóracha, agus cuireann sé le fás na coireachta trasteorann agus na himghabhála cánach.

Ról an Aontais

Is ar na Ballstáit go príomha atá an fhreagracht an chalaois chánach agus an imghabháil chánach a chomhrac. Mar sin féin, tá rialacha comhaontaithe ag tíortha ar leibhéal an Aontais chun an trédhearcacht maidir le cúrsaí cánach a fheabhsú, comhroinnt faisnéise a chur chun cinn, reachtaíocht a ghlacadh chun lúba ar lár a dhúnadh agus comhlíonadh cánach a fhorfheidhmiú thar theorainneacha.

Is iad seo cuid de na príomhghníomhaíochtaí a dhéantar ar leibhéal an Aontais:

Treoir maidir le comhar riaracháin

Faoin treoir maidir le comhar riaracháin (DAC), glacann na Ballstáit páirt i malartú uathoibríoch, spontáineach agus ar iarraidh faisnéise atá ábhartha ó thaobh cánach de, rud a chabhraíonn le himghabháil cánach a chosc. Fágann sé sin gur deacra atá sé do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí sócmhainní nó ioncam a cheilt ar na húdaráis cánach. Tá na rialacha sin i bhfeidhm ó bhí 2011 ann, agus tháinig méadú suntasach ar a raon feidhme cúpla uair ó 2014 i leith, agus tá ról ríthábhachtach acu maidir le comhar a chothú agus an trédhearcacht chánach a chur chun cinn idir na Ballstáit.

In 2023, chuir an Chomhairle síneadh lena raon feidhme agus chuir sí rialacha breise leis maidir le tuairisciú agus malartú uathoibríoch faisnéise maidir le hioncam ó idirbhearta i gcripteashócmhainní agus maidir le réamhrialuithe cánach do na daoine is saibhre (ardfhiúntas).

Comhar maidir le cáin bhreisluacha

Leis an rialachán maidir le comhar riaracháin i gcáin bhreisluacha (CBL), foráiltear do mhalartú faisnéise sonraí idir riaracháin chánach na mBallstát chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac. Leis na malartuithe faisnéise, iniúchtaí comhpháirteacha agus rialuithe comhuaineacha, is féidir leis na hoifigigh ó údaráis chánach náisiúnta foirne iniúchóireachta idirnáisiúnta a bhunú chun an comhlíonadh cánach sa réimse sin a sheiceáil, lena n-áirítear comhlíonadh cánach cuideachtaí agus ardán ilnáisiúnta.

Liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach

Tá an tAontas tiomanta prionsabail agus sásraí dea-rialachais cánach a chur chun cinn ar fud an domhain agus iomaíocht mhíchothrom cánach a chomhrac.

Tá liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach mar chuid d’iarrachtaí an Aontais cánachas cothrom a neartú agus trédhearcacht chánach dhomhanda a fheabhsú, agus é mar aidhm aige dul i ngleic leis an gcalaois chánach, an imghabháil cánach agus an tseachaint cánach. Ina measc tá na tíortha agus na dlínsí nach gcomhoibríonn leis an Aontas nó níor chomhlíon a ngealltanais maidir le cúrsaí cánach ina n-iomláine.

an Mheitheal um an gCód Iompair

Comhlacht laistigh den Chomhairle is ea an Mheitheal um an gCód Iompair ina bhfuil ionadaithe ardleibhéil ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún Eorpach. Is é an ról atá aige cleachtais chánach dhíobhálacha a bhíonn ar bun ag tíortha agus dlínsí a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu, cleachtais a dhéantar san Aontas agus níos faide i gcéin araon. Is é is aidhm don ghrúpa iomaíocht chóir a chur chun cinn agus creimeadh an bhoinn cánach a chosc.

Bearta i gcoinne seachaint cánach

Le treoir an Aontais i gcoinne bearta seachanta cánach, cuirtear cosc ar roinnt cineálacha sonracha seachanta cánach corparáide ar fud an Aontais, agus, ag an am céanna, cinntítear go bhfuil timpeallacht níos cothroime agus níos cobhsaí ann do ghnólachtaí.

Áirítear sna rialacha 5 bheart frith-mhí-úsáide, a bhfuil ceangal dlíthiúil ar na Ballstáit uile iad a chur i bhfeidhm i gcoinne cineálacha coiteanna pleanála ionsaithí cánach.

Ghlac an Chomhairle an treoir i gcoinne seachaint cánach an 12 Iúil 2016. An 29 Bealtaine 2017, tugadh isteach leasú ar an gcur chun feidhme chun dul i ngleic le neamhréireanna hibrideacha le córais chánach na dtíortha nach tíortha den Aontas iad.

Féach freisin

An tslí a n-oibríonn beartas cánach an Aontais

An tslí a n-oibríonn beartas cánach an Aontais

Cánachas digiteach

Cánachas digiteach

Cáin bhreisluacha (CBL) san Aontas

Cáin bhreisluacha (CBL) san Aontas

An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Samhain 2025