"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Tháinig na hairí ar chur chuige ginearálta maidir le togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha.
Is í an treoir an phríomhionstraim de chuid an Aontais lena rialaítear truailliú ó shuiteálacha tionsclaíocha agus ó dhianfheirmeacha beostoic ar mhórscála. Moltar iarrachtaí breise san athbhreithniú chun truailliú a laghdú i gcomhréir le haidhm an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip geilleagar atá saor ó thruailliú, iomaíoch agus aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050.
Bíonn truailliú ina chúis le galair thromchúiseacha agus déanann sé dochar don chomhshaol. Is é sprioc an Aontais do 2050 truailliú a laghdú go leibhéil nach ndéanann dochar a thuilleadh do shláinte an duine. Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha lena leagtar síos rialacha níos láidre chun dul i ngleic leis an truailliú ag an bhfoinse. Leis sin, socrófar teorainneacha truaillithe ar leibhéil níos éifeachtaí agus tabharfar treoir shoiléir don tionscal agus d’fheirmeacha beostoic ar mhórscála chun na hinfheistíochtaí cearta a dhéanamh chun go laghdófar a dtruailliú go héifeachtach.
Romina Pourmokhtari, Aire aeráide agus comhshaoil na Sualainne
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le togra chun creat deimhniúcháin de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh aistrithe carbóin.
Is é is aidhm don togra úsáid aistrithe ardcháilíochta carbóin, lena gcumhdaítear stóráil bhuan carbóin trí theicneolaíochtaí tionsclaíocha, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí san Aontas.
Ba é cuspóir na díospóireachta treoir a chur ar fáil don obair a dhéanfar amach anseo sa Chomhairle maidir leis an togra. Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an gcaoi ar féidir le creat deimhniúcháin de chuid an Aontais rannchuidiú le haistrithe ardcháilíochta carbóin a mhéadú san Aontas mar chomhlánú ar na hiarrachtaí leanúnacha chun astaíochtaí a laghdú. Chomh maith leis sin phléigh siad príomhdheiseanna agus príomhdhúshláin an togra.
Ba dhíol sásaimh do na Ballstáit aidhm an togra gníomhaíochtaí aistrithe carbóin san Aontas a dhreasú a thuilleadh ach d’aontaigh siad go mbeidh gá le níos mó plé maidir le gnéithe bunúsacha an togra. Chuir formhór na mBallstát i bhfios go láidir freisin, cé go mbeidh ról níos tábhachtaí i mbeartas aeráide an Aontais ag aistrithe carbóin, gur cheart, mar sin féin, leanúint de na hiarrachtaí chun astaíochtaí a laghdú agus geilleagar na hEorpa a dhícharbónú.
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí faoin athbhreithniú atá beartaithe ar reachtaíocht an Aontais maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht.
Is é is aidhm don togra géarú ar na rialacha atá ann cheana maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht a chosc, a laghdú agus a athchúrsáil. I measc rudaí eile, moltar ann dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú 15% faoi 2040 in aghaidh an Bhallstáit agus per capita agus an phacáistíocht uile ar mhargadh an Aontais a dhéanamh in-athchúrsáilte ar bhealach atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de faoi 2030.
Ba é an aidhm a bhí leis an díospóireacht treoir pholaitiúil a thabhairt don obair laistigh den Chomhairle.
Iarradh ar na hairí a dtuairimí a roinnt maidir le huaillmhian fhoriomlán an togra agus maidir leis na gnéithe a mheasann siad a bheith ar na gnéithe is leordhóthanaí agus is tráthúla i ndáil leis sin. Ina theannta sin iarradh ar na hairí a aithint cad iad na bearta is tábhachtaí dar leo chun dramhaíl ó phacáistíocht a chosc agus réitigh nuálacha a chothú san Aontas.
Bhí díospóireacht ag na hairí maidir le togra le haghaidh athbhreithniú ar an treoir maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh.
Is é is aidhm don treoir truailleáin in aibhneacha, lochanna, screamhuisce agus farraigí a laghdú, trí chóireáil fuíolluisce a fheabhsú, agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a thabhairt isteach, spriocanna neodrachta fuinnimh agus athúsáid cothaitheach a mhéadú ag an am céanna.
Iarradh ar na hairí a dtuairimí a roinnt maidir leis an leibhéal iomchuí uaillmhéine chun aghaidh a thabhairt ar na foinsí truaillithe atá fós ann ó fhuíolluisce uirbeach, agus maidir le scéim freagrachta leathnaithe táirgeora agus spriocanna neodrachta fuinnimh a chur san áireamh sa togra.
Ba dhíol sásaimh do na Ballstáit an t-athbhreithniú ós rud é go bhfuil sé d’aidhm aige na modhanna nithiúla a chur ar fáil chun cosaint níos fearr a thabhairt do shláinte shaoránaigh na hEorpa agus don chomhshaol. Tá soiléiriú fós le déanamh ar na sonraí maidir leis na spriocdhátaí agus na ceanglais atá beartaithe ar an leibhéal teicniúil.
Le linn an lóin, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an Seimeastar Eorpach a ghlasú. Déanfaidh an Uachtaránacht príomhtheachtaireachtaí na díospóireachta a ionchorprú sa tuarascáil chomhpháirteach sintéise don Chomhairle Eorpach i mí an Mhárta. Déanfar achoimre sa tuarascáil ar dhíospóireachtaí uile an tSeimeastair Eorpaigh a bhí ar siúl i bhfoirmíochtaí earnála na Comhairle.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.