"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle tagtha ar chomhaontú i ndáil leis na leasuithe ar an treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha
Ghlac an Chomhairle a seasamh caibidlíochta (‘cur chuige ginearálta’) i ndáil le togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha. Leis na rialacha nua, tabharfar cosaint níos fearr do shláinte an duine agus don chomhshaol trí astaíochtaí díobhálacha a astaítear ó shuiteálacha tionsclaíocha agus ó dhianfheirmeacha beostoic isteach san aer, san uisce agus trí sceitheadh dramhaíola a laghdú.
Bíonn truailliú ina chúis le galair thromchúiseacha agus le damáiste don chomhshaol. Is é sprioc an Aontais le haghaidh 2050 truailliú a laghdú go leibhéal nach ndéanfaidh dochar a thuilleadh do shláinte an duine. Leis an gcomhaontú ar ar thángthas maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, leagtar síos rialacha níos láidre chun dul i ngleic leis an truailliú ag an bhfoinse. Leis sin, socrófar uasteorainneacha truailliúcháin ar leibhéil níos éifeachtaí agus tabharfar treoir shoiléir don tionscal agus d’fheirmeacha móra beostoic chun na hinfheistíochtaí cearta a dhéanamh ionas go dtiocfaidh laghdú éifeachtach ar an truailliú a dhéanann siad.
Romina Pourmokhtari, Aire aeráide agus comhshaoil na Sualainne
Is í an treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha phríomhionstraim an Aontais lena rialaítear truailliú ó shuiteálacha tionsclaíocha agus ó dhianfheirmeacha beostoic, mar shampla, ocsaíd nítrigine, amóinia, mearcair, meatán agus dé-ocsaíd charbóin. Ceanglaítear ar shuiteálacha agus feirmeacha ar scála tionsclaíoch oibriú i gcomhréir le cead, rud a dheonaíonn na húdaráis náisiúnta agus úsáid á baint as na Teicnící is Fearr atá ar Fáil (BAT) mar chaighdeán.
Na príomhathruithe a thug an Chomhairle isteach
Ina gcur chuige ginearálta, leasaigh na Ballstáit an togra ón gCoimisiún raon feidhme na treorach a leathnú chuig dianfheirmeacha beostoic a bhfuil líon níos airde ná 350 Aonad Beostoic acu le haghaidh eallaigh agus muc, 280 le haghaidh éanlaith chlóis agus 350 le haghaidh feirmeacha measctha. Chuirfí feirmeacha fairsinge as an áireamh. Chuirfí na rialacha nua i bhfeidhm de réir a chéile, ag tosú leis na feirmeacha is mó.
Leis an gcomhaontú seo, glacann na Ballstáit leis go n-áireofar gníomhaíochtaí mianadóireachta faoi raon feidhme na treorach. Thug siad isteach tairseach 500 tona den acmhainneacht táirgeachta in aghaidh an lae le haghaidh mianraí agus mianta neamhfhuinnimh a tháirgtear ar scála tionsclaíoch. Rinne na Ballstáit gipseam a eisiamh ó raon feidhme na treorach agus chuir siad tairseach inti i gcás hidrigine a tháirgtear trí leictrealú uisce.
Leis an gcur chuige ginearálta, tugadh isteach an tsolúbthacht is gá do na Ballstáit chun na forálacha maidir le pionóis agus cúiteamh i gcás damáistí sláinte a chur in oiriúint dá gcórais dlí náisiúnta éagsúla.
Thug na Ballstáit isteach maolú ar na teorainneacha astaíochta a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil i gcás géarchéime a mbeadh suaitheadh tromchúiseach nó ganntanas soláthair fuinnimh nó acmhainní, ábhair nó trealaimh bhunriachtanaigh mar thoradh uirthi – faoi choinníollacha dochta.
Áirítear leis an gcur chuige ginearálta maolú atá teoranta ó thaobh ama de i gcás gléasraí dócháin atá ina gcuid de chóras beag scoite, nach bhfuil idirnasctha le heangach fuinnimh na mórthíre. Is é is aidhm dó dóthain ama a thabhairt dóibh eangacha idirnasctha a bhunú, chun slándáil fuinnimh a chinntiú.
Sonraítear sa chur chuige ginearálta na cuspóirí don lárionad nuálaíochta um chlaochlú tionsclaíoch agus um astaíochtaí tionsclaíocha (INCITE) a mhol an Coimisiún. Soiléiríonn sé go leor codanna eile den togra freisin agus féachann sé leis an ualach riaracháin ar oibreoirí agus ar údaráis náisiúnta a laghdú.
Cúlra agus na chéad chéimeanna eile
Ós rud é gur tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta, féadfar tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh caibidlíochta glactha aici siúd.
I gcás suiteálacha tionsclaíocha – ar nós táirgeadh leictreachais agus stroighne, bainistiú dramhaíola, loscadh dramhaíola agus diantógáil beostoic – a bhfuil a ngníomhaíochtaí liostaithe sa treoir, ceanglaítear oibriú i gcomhréir le cead, arna dheonú ag na húdaráis náisiúnta. Socraítear leis an gcead teorainn astaíochta do shubstaintí truaillitheacha a astaíonn na gléasraí. Cumhdaítear leis na ceadanna astaíochtaí go haer, uisce agus talamh, giniúint dramhaíola, úsáid amhábhar, éifeachtúlacht fuinnimh, torann, tionóiscí comhshaoil a chosc, agus athchóiriú an láithreáin nuair a dhúntar é. Tá na teorainneacha astaíochta bunaithe ar na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) chun astaíochtaí a shrianadh.
Is aonad tagartha é an tAonad Beostoic (LSU) a úsáideann comhéifeachtaí atá bunaithe ar cheanglais beatha le haghaidh cineálacha éagsúla ainmhithe, agus is iondúil go mbíonn an t-aonad níos mó ná líon na n-ainmhithe ar fheirm ar leith.
Is é príomhchuspóir an athbhreithnithe dul chun cinn a dhéanamh i dtreo uaillmhian an Aontais maidir le truailliú nialasach le haghaidh comhshaoil atá saor ó thocsainí.
Leis na rialacha nua, féachfar chuige:
go mbeidh níos mó suiteálacha á dtabhairt faoina raon feidhme (go háirithe níos mó dianfheirmeacha beostoic ar mhórscála)
go mbeidh sé níos éifeachtaí ceadú a dhéanamh
go laghdófar an t-ualach riaracháin
go méadófar trédhearcacht agus
go dtabharfar níos mó tacaíochta do theicneolaíochtaí ceannródaíocha agus do chineálacha cur chuige nuálacha eile