- An Chomhairle Comhshaoil
An Chomhairle Comhshaoil, 20 Meitheamh 2023
Na príomhthorthaí
Dlí um athbhunú an dúlra
Tháinig airí comhshaoil an Aontais ar chur chuige ginearálta maidir le togra le haghaidh rialachán um athbhunú an dúlra.
Lá maith é don dúlra. Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i ndáil le dlí athbhunú an dúlra. Is léir go bhfuil an uachtaránacht ag obair go dian chun teacht ar an gcothromaíocht cheart agus gur éist sí go cúramach leis na Ballstáit uile a raibh ábhair imní agus barúlacha éagsúla acu maidir leis na tograí. Tá áthas orm go bhfuil bealach aimsithe againn chun cur chuige ginearálta a bhaint amach maidir leis an gcomhad seo. Bonn maith is ea an téacs sin don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa. Tá súil againn go gcuirfidh an dlí deireanach maidir le hathchóiriú an dúlra ar ár gcumas leibhéal sláintiúil bithéagsúlachta a atógáil, an t-athrú aeráide a chomhrac agus ár ngealltanais idirnáisiúnta faoi chomhaontú Kunming-Montréal a chomhlíonadh. Romina Pourmokhtari, Aire aeráide agus comhshaoil na Sualainne
Is é is aidhm don togra éiceachórais, gnáthóga agus speicis a athbhunú ar fud limistéir talún agus farraige an Aontais. Iarrtar ann ar na Ballstáit bearta athchóiriúcháin a leagan síos lena gcumhdófar ar a laghad 20 % de limistéir talún agus farraige an Aontais faoi 2030, agus go n-athbhunófar gach éiceachóras a bhfuil athbhunú de dhíth air faoi 2050.
Sainordú don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir le glacadh leagan deireanach na reachtaíochta a bheidh sa chur chuige ginearálta seo.
Cad é staid an dúlra san Aontas? (Grafaic faisnéise)
Spriocanna astaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí i ndáil le togra le haghaidh rialachán maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair.
Is é is aidhm don togra astaíochtaí CO2 in earnáil an iompair de bhóthar a laghdú a thuilleadh, i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais, trí na spriocanna maidir leis an laghdú astaíochtaí do 2030 a neartú agus trí spriocanna nua a leagan síos do 2035 agus 2040. Ina theannta sin, cuirfear tuilleadh feithiclí san áireamh sna spriocanna, go háirithe busanna.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na spriocleibhéil atá beartaithe chomh maith leis an raon feidhme agus na solúbthachtaí a moladh.
Cáilíocht an aeir
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí freisin maidir le togra le haghaidh treoir maidir le cáilíocht an aeir. Leis an togra, déantar an dá threoir maidir le cáilíocht an aeir atá ann cheana a athbhreithniú agus a chumasc agus féachtar le caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú níos dlúithe le treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte.
Moltar ann caighdeáin um cháilíocht an aeir do 2030 san Aontas a leagan síos, agus an tAontas a chur ar an gconair chun truailliú nialasach aeir a bhaint amach faoi 2050. Dhéanfaí athbhreithniú rialta ar na caighdeáin go dtí 2050, chun a fháil amach an gá iad a oiriúnú nó más gá truailleáin eile a chumhdach. Tá sé d’aidhm ag an togra freisin faireachán, samhaltú agus pleananna ar cháilíocht an aeir a neartú.
Ina theannta sin, chruthódh an togra ceart do dhaoine cúiteamh a fháil i gcás ina ndearnadh damáiste dá sláinte mar thoradh ar shárú ar rialacha AE maidir le cáilíocht an aeir. Chuirfeadh an togra feabhas ar fhaisnéis phoiblí maidir le cáilíocht an aeir agus rochtain ar cheartas.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le leibhéal uaillmhéine na gcaighdeán cáilíochta aeir atá beartaithe do thruailliú an aeir chomhthimpeallaigh agus maidir leis na huirlisí atá beartaithe chun iad a bhaint amach.
Gnó eile
Ina theannta sin, rinne aire cosanta comhshaoil agus acmhainní nádúrtha na hÚcráine Ruslan Strilets idirghabháil trí nasc físe ar ábhar na n-éifeachtaí comhshaoil a bhí ag pléascadh dhamba Kakhovka.
Faoi aon ghnó eile, cuirfidh an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir leis na príomhchruinnithe idirnáisiúnta a bhí ann le déanaí:
an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí (MEPC 80) den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) (an 3 go dtí an 7 Iúil 2023)
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- An dara seisiún den choiste caibidlíochta idirnáisiúnta chun Ionstraim Idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le Truailliú Plaisteach a fhorbairt (Páras, an 29 Bealtaine go dtí an 2 Meitheamh 2023)
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- An toradh a bhí ar Chomhdháil Uisce 2023 na Náisiún Aontaithe (Nua-Eabhrac, an 22 go dtí an 24 Márta 2023)
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Toradh Chomhdháil Thriarach na bPáirtithe i gCoinbhinsiúin Basel (COP 16), Rotterdam (COP 11) agus Stócólm (COP 11) (an Ghinéiv, an 1 go dtí an 12 Bealtaine 2023)
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Thug an Coimisiún faisnéis maidir le nóta coincheapa chun ceantanna bainc hidrigine na hEorpa a chur chun feidhme mar sheirbhís do na Ballstáit.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir leis na tuarascálacha luathrabhaidh a eisíodh do thíortha sonracha faoi dhlí an Aontais maidir le dramhaíl.
Chuir an tSeicia faisnéis ar fáil maidir le rátaí níos ísle CBL a úsáid le haghaidh táirgí athchúrsáilte mar uirlis eacnamaíoch chun tacú leis an ngeilleagar ciorclach.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Iodáil na hairí ar an eolas faoi iarrthóireacht na Róimhe chun EXPO 2030 a óstáil.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Cuirfidh an Fhrainc agus an Spáinn na hairí ar an eolas faoi na beartais oiriúnúcháin maidir leis an athrú aeráide a neartú.
Cuirfidh an Spáinn a clár oibre i láthair mar an Uachtaránacht inteachta.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ENVI
Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025