Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 17 Meitheamh 2025

Na príomhthorthaí

Feithiclí a bhfuil a ré caite

Ghlac an Chomhairle a seasamh i ndáil leis an rialachán maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite, rialachán lena leagtar síos ceanglais lena áirithiú go mbeidh feithiclí nua deartha ar bhealach a thacóidh lena n-athúsáid, lena n-athchúrsáil agus lena n-aisghabháil. Go háirithe, tugann an rialachán isteach sprioc éigeantach maidir le plaistigh athchúrsáilte agus foráiltear gur féidir spriocanna a leagan síos amach anseo maidir le cruach athchúrsáilte, alúmanam agus amhábhair chriticiúla.

<p>Paulina Hennig-Kloska, Aire Aeráide agus Comhshaoil na Polainne</p>

Is athrú ó bhonn é don Eoraip an rialachán maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite. Laghdaíonn sé dramhaíl, cuireann sé srian lenár spleáchas ar amhábhair chriticiúla ón gcoigríoch, agus tiomáineann sé ár dtionscal gluaisteán isteach i gcroílár an gheilleagair chiorclaigh. Leis an seasamh ón gComhairle, ní hamháin go gcuirfidh an reachtaíocht sin borradh faoi iomaíochas ár dtionscal gluaisteán agus athchúrsála ach laghdóidh sí an rómhaorlathas a mhéid is féidir freisin.

<p>Paulina Hennig-Kloska, Aire Aeráide agus Comhshaoil na Polainne</p>

Paulina Hennig-Kloska, Aire Aeráide agus Comhshaoil na Polainne

An tAontas Eorpach ag COP30 – athbhreithniú agus an bóthar amach romhainn

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis na hullmhúcháin don 30ú ceann de Chomhdhálacha na bPáirtithe (COP30) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, a bheidh ar siúl i gcathair Belém na Brasaíle i mí na Samhna 2025.

Beidh fócas chomhdháil COP na bliana seo ar mhaolú ar an athrú aeráide agus ar na gealltanais nuashonraithe, go háirithe na rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) do 2035, a gceanglaítear ar na páirtithe iad a chur in iúl gach 5 bliana faoi Chomhaontú Pháras. Is é Meán Fómhair 2025 an spriocdháta le haghaidh na NDCanna a chur isteach. Táthar ag súil go n-eiseoidh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe tuarascáil sintéise ar spriocanna laghdaithe astaíochtaí domhanda bunaithe ar na NDCanna sin, roimh chruinniú COP30 in Belém.

D’aontaigh formhór na n-airí nach mór don Eoraip leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta sa cheannaireacht aeráide trí dhea-shampla a thabhairt. Dá bhrí sin, is gá teacht go tapa ar chomhaontú maidir le NDCanna, a bheidh uaillmhianach, réalaíoch, eolaíocht-bhunaithe, agus i gcomhréir le sprioc 1,5º Chomhaontú Pháras, agus i gcomhréir freisin le huaillmhian aeráidneodrachta 2050 an Aontais. D’áitigh go leor toscaireachtaí go mbeadh comhleanúnachas ann idir cuspóirí na NDCanna agus sprioc 2040 na reachtaíochta aeráide atá le teacht.

Thug roinnt airí rabhadh, áfach, nár cheart go gcuirfeadh cuspóirí na NDCanna bac ar iomaíochas thionscal na hEorpa. Mheabhraigh toscaireachtaí eile a thábhachtaí atá sé sceitheadh carbóin a chomhrac (le hionstraimí ar nós an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha — SCCT) agus cinnteacht fhadtéarmach a thabhairt do chuideachtaí chun na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh agus chun tairbhe a bhaint as deiseanna an aistrithe ghlais. D’áitigh go leor airí nach mór iarmhairtí sóisialta an aistrithe aeráide a chur san áireamh sna NDCanna, go háirithe do shaoránaigh leochaileacha agus do na hearnálacha is mó atá buailte, ar nós na talmhaíochta nó fiontair bheaga agus mheánmhéide.

Gnó eile

Cuntas ar chomhdháil na Ginéive de choinbhinsiúin Basel, Rotterdam agus Stócólm

Thuairiscigh an Uachtaránacht agus an Coimisiún maidir le Comhdháil Thriarach na bPáirtithe (COP) i gcoinbhinsiúin Basel, Rotterdam agus Stócólm a tionóladh i nGinéiv na hEilvéise ón 28 Aibreán go dtí an 9 Bealtaine 2025.

Tacaíocht do lucht athchúrsála

Rinne an Coimisiún cur i láthair maidir lena riachtanaí atá sé tacú le lucht athchúrsála sa chomhthéacs eacnamaíoch reatha. Tá an tAontas dírithe ar an athchúrsáil a neartú mar chuid dá straitéis chun aistriú chuig geilleagar ciorclach.

Straitéis maidir le hathléimneacht i réimse an uisce

Chuir an Coimisiún i láthair an straitéis maidir le hathléimneacht i réimse an uisce an 4 Meitheamh 2025, arb é is aidhm di dul i ngleic le ganntanas uisce, éifeachtúlacht uisce a chur chun cinn agus earnáil uisce an Aontais a neartú.

Comhdháil 2025 na Náisiún Aontaithe maidir leis na hAigéin

Chuir toscaireacht na Fraince na hairí ar an eolas faoi thorthaí Chomhdháil 2025 na Náisiún Aontaithe maidir leis na hAigéin, a bhí ar siúl in Nice (an Fhrainc) ón 9 go dtí an 13 Meitheamh 2025.

Cosc ar luaidhe in armlón agus trealamh iascaireachta

Chuir toscaireachtaí na Seice, na Liotuáine agus na Slóvaice na hairí ar an eolas faoin toirmeasc atá beartaithe a chur ar luaidhe in armlón agus i dtrealamh iascaireachta faoin rialachán maidir le clárú, meastóireacht, údarú agus srianadh ceimiceán (Rialachán REACH).

An Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin nglao ar léiriú spéise don Bhord comhairleach eolaíoch Eorpach maidir leis an athrú aeráide do théarma 2026–2030, a sheol an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil an 1 Meitheamh 2025.

Pleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid

Thug an Coimisiún eolas maidir leis an measúnú ar na leaganacha críochnaitheacha de na pleananna náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid Sonraítear sna pleananna sin na bearta náisiúnta a dhéantar chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 an Aontais a bhaint amach. Forbraíodh den chéad uair iad in 2020, tugadh cothrom le dáta iad ó shin lena n-ailíniú leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leis an bpacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ agus le plean REPowerEU.

Cruinniú MED9 na nAirí Fuinnimh agus Comhshaoil

Chuir toscaireacht na Slóivéine na hairí ar an eolas faoin tuarascáil maidir le cruinniú aireachta MED9 na n-airí fuinnimh agus comhshaoil, a bhí ar siúl an 1 agus an 2 Meitheamh, mar chuid d’Uachtaránacht na Slóivéine ar ghrúpa MED9.

Lascthrealamh ardvoltais

Chuir toscaireacht na Fraince na hairí ar an eolas faoi sheoladh staidéir ullmhúcháin le haghaidh gníomh tarmligthe maidir le lascthrealamh a bhaineann leis an rialachán nua maidir le gás ceaptha teasa fluairínithe, togra a bheidh á eisiúint go luath ag an gCoimisiún, meastar.

Uachtaránacht na Danmhairge

Chuir toscaireacht na Danmhairge a clár oibre i ndáil leis an gcomhshaol i láthair ina cáil mar uachtaránacht inteachta

Díospóireacht ag an lón

Le linn an lóin, bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí maidir le gnéithe den chomhshaol agus staid na himeartha i ndáil leis an idirphlé straitéiseach earnálach le lucht tionscail.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna ar liostaí na míreanna ‘A’ neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Meitheamh 2025