Skip to content

Cearta sóisialta san Aontas

Comhordaíonn an tAontas beartais i réimsí na fostaíochta agus an chuimsithe shóisialta chun tacú le cearta sóisialta i mBallstáit uile an Aontais.

Tiomantas an Aontais do shaincheisteanna sóisialta

Is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as beartais fostaíochta agus cuimsithe shóisialta. Ciallaíonn sé sin go gcinneann na rialtais náisiúnta ar shaincheisteanna amhail rialáil pá, córais phinsin agus aois scoir, agus sochair dhífhostaíochta.

Le blianta anuas, áfach, tá an tAontas ag tacú le Ballstáit maidir le dlíthe, cistí agus uirlisí chun beartais náisiúnta a chomhordú ar bhealach níos fearr, fostaíocht a chur chun cinn, dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú, cosaint shóisialta leordhóthanach a chur ar fáil agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac.

Sa Chomhairle, pléann na hairí na saincheisteanna seo ag an gComhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO).

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta

Chun cearta nua agus níos éifeachtaí a chur ar fáil do dhaoine agus chun tacú le margaí saothair agus córais leasa chothroma dhea-fheidhmiúla, bhunaigh an tAontas Colún Eorpach na gCeart Sóisialta i mí na Samhna 2017.

Tá an colún bunaithe ar 20 prionsabal agus athdhearbhaítear leis go bhfuil an tAontas tiomanta do dhálaí maireachtála agus oibre níos fearr a chinntiú ar fud an Aontais. Tá roinnt tionscnamh ann chun na cearta seo a leanas a chinntiú do shaoránaigh an Aontais:

  • comhionannas deiseanna agus rochtain ar an margadh saothair
  • dálaí cothroma oibre
  • cosaint shóisialta leordhóthanach inbhuanaithe

In 2021, d’athdhearbhaigh ceannairí an Aontais a ngealltanas chun Eoraip níos sóisialta a bhaint amach i nDearbhú Porto:

Níos mó ná riamh, ní mór gurb í an Eoraip mór-roinn an chomhtháthaithe shóisialta agus an rathúnais. Athdhearbhaímid an gealltanas a thugamar go n-oibreoimis ionsar Eoraip shóisialta. Ceannairí an Aontais, Dearbhú Porto, an 7 Bealtaine 2021

Díriú ar phoist, scileanna agus oideachas, agus an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac

Is gealltanas polaitiúil comhroinnte é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, a thugann institiúidí agus tíortha an Aontais de fhreagracht orthu féin a chur i gcrích. Tá ról ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

In 2021, ghlac an tAontas plean gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta ina sonraítear sprioc an Aontais maidir le 20 prionsabal an Cholúin a chur chun feidhme.

In Porto, d’fhormhuinigh ceannairí an Aontais trí sprioc de chuid an Aontais atá le baint amach faoi 2030:

Léaráid: Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn.
Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn (Grafaic faisnéise)

Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn (Grafaic faisnéise)

Príomhbhearta i réimse na fostaíochta agus an bheartais shóisialta

Cearta sóisialta d’Eorpaigh atá ag obair thar lear

Áiríodh cheana i gConradh na Róimhe (1957) bunphrionsabail amhail an ceart atá ag oibrithe gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas. Chun go mbeadh an tsoghluaisteacht seo indéanta, glacadh forálacha breise thar na blianta, amhail rialacha maidir le haithint fhrithpháirteach dioplómaí, ráthaíochtaí maidir le cóir leighis thar lear agus coimircí maidir le cearta pinsin a fuarthas cheana.

In 2018, d’fhormheas tíortha an Aontais reachtaíocht nua maidir le hoibrithe a phostú chun pá comhionann ar obair chomhionann san áit chéanna a chinntiú.

Cinntíonn rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta nach gcailleann daoine a gcosaint slándála sóisialta agus iad ag bogadh go Ballstát eile. Tá athbhreithniú ar an reachtaíocht sin á phlé sa Chomhairle, ach níor thángthas ar chomhaontú fós le Parlaimint na hEorpa chun an chaibidlíocht a thabhairt chun cinn.

Fostaíocht shlán inoiriúnaithe

In 2022, ghlac an Chomhairle moladh maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta. Tá treoir ann chun tacaíocht a thabhairt d’fhostaíocht ardcháilíochta agus díríonn sé ar bhearta oideachais agus oiliúna.

Oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil

In 2022, ghlac an Chomhairle moladh maidir le cuntais foghlama aonair. Is é is aidhm dó cabhrú le daoine fásta in aois oibre a gcuid scileanna a uasghrádú agus a oiriúnú i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh.

Ghlac an Chomhairle freisin moladh chun foghlaim a spreagadh don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe. Tá sé sin ríthábhachtach chun a chinntiú go mbeidh an t-eolas ag foghlaimeoirí de gach aois maireachtáil ar bhealach níos inbhuanaithe, go mbeidh na scileanna is gá i margadh saothair atá ag athrú acu agus go ngníomhóidh siad ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe.

Chun foghlaim ar feadh an tsaoil a neartú, molann an Chomhairle do na Ballstáit cur chuige Eorpach a ghlacadh i leith micridhintiúr agus go háirithe sainmhíniú comhchoiteann an Aontais, caighdeáin an Aontais agus príomhphrionsabail a chur i bhfeidhm maidir le dearadh agus eisiúint na micridhintiúr.

Dálaí oibre a fheabhsú

Tá rialacha glactha ag an Aontas maidir le dálaí oibre, amhail am oibre nó obair pháirtaimseartha, chomh maith le reachtaíocht chun dul i ngleic le hidirdhealú san áit oibre agus sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe a chinntiú.

Tá rialacha bunaithe ag an Aontas a chuireann pá íosta reachtúil leordhóthanach chun cinn san Eoraip agus a fhéachann le dálaí oibre agus maireachtála níos fearr a bhaint amach d’fhostaithe san Eoraip.

In 2019, ghlac an tAontas rialacha lena dtugtar isteach cearta íosta nua maidir le trédhearcacht agus intuarthacht dálaí oibre. Ceapadh na rialacha sin chun gach oibrí san Aontas a chosaint, na fostaithe is leochailí ar chonarthaí neamhthipiciúla agus i bpoist neamhchaighdeánacha mar shampla oibrithe sa gheilleagar poistíneachta san áireamh.

I mí an Mheithimh 2024, chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta (‘cur chuige ginearálta’) maidir le treoir nua lena bhféachtar le hionadaíocht oibrithe i gcuideachtaí móra ilnáisiúnta a dhéanamh níos éifeachtaí. Déanfaidh an Treoir maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha an reachtaíocht atá anois ann a leasú, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca iad a bhunú chomh le hiad a mhaoiniú agus a chosaint níos fearr. Déanann Comhairlí Oibreacha Eorpacha ionadaíocht ar oibrithe Eorpacha igcuideachtaí móra ilnáisiúnta a oibríonn in dhá thír ar a laghad de chuid an Aontais nó de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE). Is iad an phríomhionstraim iad chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo maidir le cinntí atá beartaithe a bhaineann le saincheisteanna trasnáisiúnta.

Mar fhreagairt ar na dúshláin a bhaineann le geilleagar na n-ardán, ar dúshláin iad atá ag dul i méid, tá an tAontas ag obair ar rialacha nua maidir le hobair ardáin.

Is mian leis an Aontas cothromaíocht cheart oibre is saoil a chinntiú do gach oibrí chomh maith. In 2019, ghlac tíortha an Aontais rialacha nua chun réiteach níos fearr a dhéanamh idir saol oibre agus saol príobháideach na bhfostaithe agus chun cearta tuismitheoirí agus cúramóirí a neartú.

An tÚdarás Eorpach Saothair

In 2019, d’fhormheas tíortha an Aontais pleananna freisin chun Údarás Eorpach Saothair a bhunú chun a chinntiú go gcuirfear rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta i bhfeidhm go cothrom agus go simplí.

Sláinte agus sábháilteacht ag an obair

Anuas air sin, is minic a dhéanann tíortha an Aontais reachtaíocht an Aontais maidir le daoine a chosaint san ionad oibre a nuashonrú, mar shampla trí theorainnluachanna nochta níos déine a leagan síos i gcás substaintí díobhálacha ceimiceacha, mar shampla aispeist.

Íomhá: Oibrithe agus éadach cosantach á caitheamh acu agus aispeist á baint de dhíon.
Tionchar na haispeiste ar shláinte oibrithe (Grafaic faisnéise)

Tionchar na haispeiste ar shláinte oibrithe (Grafaic faisnéise)

Cuimsiú sóisialta agus comhionannas deiseanna

Tá beart déanta ag an Aontas chomh maith chun comhionannas agus cuimsiú sóisialta sa tsochaí a chinntiú. Cumhdaítear leis na Conarthaí an ceart chun comhionannais idir mná agus fir agus leagtar amach leo prionsabal an phá chomhionainn do mhná agus d’fhir.

Tá rialacha ag an Aontas Eorpach:

  • chun ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe a chur chun cinn
  • maidir le trédhearcacht pá
  • a fhágann go bhfuil sé mídhleathach idirdhealú a dhéanamh ar dhaoine ar bhonn a gcine nó a n-eitneachta
  • maidir le seirbhísí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas

Cosnaítear saoránaigh an Aontais ar idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha chomh maith.

An t-idirdhealú in aghaidh na Romach á chomhrac ag an Aontas

Cuireann an tAontas chun suntais a thábhachtaí atá rannpháirtíocht chothrom na Romach sa tsochaí. Tá na Ballstáit tiomanta don idirdhealú i gcoinne na Romach a chomhrac go héifeachtach agus a gcuimsiú a chur chun cinn i réimsí tábhachtacha an oideachais, na fostaíochta, na sláinte agus na tithíochta.

An 12 Márta 2021, ghlac an Chomhairle moladh maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach. Tá bearta sa mholadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • dul i ngleic le hidirdhealú ar líne agus as líne (lena gcuirtear ciapadh, frithghiofógachas, steiréitíopáil, reitric fhrith-Romach agus an fhuathchaint san áireamh)
  • an t-il-idirdhealú agus an t-idirdhealú struchtúrach i gcoinne na Romach a chomhrac, go háirithe i gcoinne na mban, leanaí, lucht LGBTI agus daoine faoi mhíchumas
  • gníomhaíochtaí agus feachtais ilchultúrtha lena músclaítear feasacht a chur chun cinn sna scoileanna

Comhlachtaí comhionannais

Chun an comhionannas a chur chun cinn agus t-idirdhealú a chosc shonraigh an tAontas nach mór do na Ballstáit uile comhlachtaí comhionannais náisiúnta a bhunú chun déileáil le cásanna idirdhealaithe ar bhonn gnéis agus tionscnaimh chiníoch nó eitnigh.

Ghlac an tAontas rialacha nua i mí na Bealtaine 2024 arb é is aidhm dóibh éifeachtacht na gcomhlachtaí sin a fheabhsú agus a neamhspleáchas a ráthú. Bunófar leo íoscheanglais choiteanna ar fud an Aontais do chomhlachtaí comhionannais i roinnt príomhréimsí, lena n-áirítear:

  • inniúlachtaí feabhsaithe do na chomhlachtaí comhionannais chun an t-idirdhealú ar bhonn reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise agus gnéaschlaonadh i réimse na fostaíochta, agus an t-idirdhealú bunaithe ar ghnéas i réimse na slándála sóisialta, a chomhrac
  • ceanglas dlíthiúil go mbeadh comhlachtaí comhionannais neamhspleách ar thionchar seachtrach
  • ceanglas dlíthiúil chun acmhainní leordhóthanacha daonna, teicniúla agus airgeadais a sholáthar do chomhlachtaí comhionannais
  • ceanglas ar institiúidí poiblí dul i gcomhairle le comhlachtaí comhionannais maidir le hábhair a bhaineann le hidirdhealú, agus go dtabharfaí de chumhacht do chomhlachtaí comhionannais gníomhaíochtaí a dhéanamh chun idirdhealú a chosc agus cóir chomhionann a chur chun cinn, mar shampla, trí ghníomhaíocht dhearfach agus príomhshruthú comhionannais a chur chun cinn
  • cumhachtaí méadaithe chun fiosrúcháin agus réiteach díospóidí a dhéanamh i gcásanna idirdhealaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta

An Bhochtaineacht a chomhrac

Chomh maith leis sin, bhunaigh an tAontas Ciste sonrach um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí chun tacú le tionscnaimh náisiúnta chun bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a chur ar fáil do na daoine is díothaí mar aon le treoir agus tacaíocht chun cabhrú le daoine teacht as an mbochtaineacht.

An Ráthaíocht Eorpach do Leanaí

In 2021, ghlac an Chomhairle moladh lena mbunaítear an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, chun eisiamh sóisialta leanaí atá i ngátar a chosc agus a chomhrac.

Thug tíortha an Aontais gealltanas i leith rochtain a ráthú ar shraith príomhsheirbhísí, rud a chuideoidh le cearta an linbh a chosaint trí bhochtaineacht leanaí a chomhrac agus comhdheiseanna a chothú.

Léaráid: Ráthaíocht Eorpach do Leanaí: an chaoi a gcosnaíonn an tAontas leanaí.
Ráthaíocht Eorpach do Leanaí: an chaoi a gcosnaíonn an tAontas leanaí (Grafaic faisnéise)

Ráthaíocht Eorpach do Leanaí: an chaoi a gcosnaíonn an tAontas leanaí (Grafaic faisnéise)

Fostaíocht don aos óg

Le blianta beaga anuas, glacadh roinnt bearta sonracha chun neamhionannais a chosc, agus go háirithe chun tacú le daoine óga ag dul isteach sa mhargadh saothair.

Chun dul i ngleic le dífhostaíocht i measc na hóige, d’aontaigh na Ballstáit in 2013 an Ráthaíocht don Aos Óg a sheoladh, tionscnamh de chuid an Aontais chun tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, printíseacht nó tréimhse oiliúna a thabhairt do gach duine faoi bhun 25 laistigh de 4 mhí tar éis dóibh a bheith dífhostaithe nó tar éis dóibh an t-oideachas foirmiúil a fhágáil.

Cúnamh do dhaoine dífhostaithe

Le linn phaindéim COVID-19, chruthaigh an tAontas ionstraim shealadach chun tacú le hoibrithe agus gnólachtaí a bhí buailte ag an ngéarchéim. Cuireann an clár tacaíochta sealadach seo, ar a dtugtar SURE, iasachtaí le téarmaí fabhracha ar fáil do na Ballstáit chun cabhrú leo scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a mhaoiniú. Is é is aidhm don chlár cuidiú leis na Ballstáit poist agus oibrithe a chosaint ar bhaol na dífhostaíochta agus an chaillteanais ioncaim mar gheall ar na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann leis an bpaindéim.

In 2020, tháinig na Ballstáit ar chomhaontú chomh maith maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú. Cruthaíodh an ionstraim seo in 2007 chun tacú le hoibrithe a easáitíodh mar thoradh ar athstruchtúrú, mar shampla nuair a dhúnann cuideachtaí móra nó nuair a bhogtar táirgeadh amach as an Aontas. Cuireann an ciste tacaíocht ar fáil d’oibrithe Eorpacha, ag cabhrú leo athsciliú, uas-sciliú agus poist nua a aimsiú.

Mná láidre Eoraip láidir

Chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh an 8 Márta, bhailíomar 8 scéal spreagúla ó ochtar ban a bhfuil sé de mhisneach acu beart a dhéanamh de réir briathair.

Cé nach ionann na nithe a bhain siad amach, chuir gach duine acu ar a bealach féin le cothroime agus cuimsitheacht shochaí na hEorpa.

Ina theannta sin, is deis mhaith é Lá Idirnáisiúnta na mBan chun súil siar a chaitheamh ar ár n-aistear comhchoiteann i gcaitheamh na mblianta, agus léargas á fháil ar an dul chun cinn a rinneadh sa streachailt ar son chearta na mban agus an chomhionannais.

Léaráid: Ochtar ban a chuireann le cothroime agus cuimsitheacht shochaí na hEorpa.
Scéal ochtar ban atá ag cur le cothroime agus cuimsitheacht na hEorpa

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025