"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 20 Deireadh Fómhair 2025
Na príomhthorthaí
Rialachán REPowerEU
Tháinig airí fuinnimh an Aontais ar chomhaontú (‘cur chuige ginearálta’) maidir leis an togra chun deireadh a chur de réir a chéile leis na hallmhairí gáis ón Rúis atá fós ann. Tá feidhm ag an rialachán maidir le gás píblíne agus gás nádúrtha leachtaithe (GNL) araon agus is cloch mhíle thábhachtach é chun deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh ón Rúis.
Tacaímid go mór leis an gcomhaontú seo; is amhlaidh is léir sin sa mhéid seo a leanas atá le rá againn: Ní ghéillfidh an Eoraip don dúmhál fuinnimh. Trí dheireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis ón Rúis, tá ár slándáil fuinnimh chomhchoiteann á neartú againn agus céim chinntitheach á tabhairt againn i dtreo fíor-neamhspleáchas straitéiseach agus aistriú chuig fuinneamh glan.
Lars Aagaard, Aire Aeráide, Fuinnimh agus Fóntas na Danmhairge
Leis an rialachán, tugtar isteach toirmeasc atá ceangailteach ó thaobh dlí de ar ghás píblíne agus GNL na Rúise, agus cuirfear chun feidhme é de réir a chéile: is amhlaidh a bheidh éifeacht ag an toirmeasc ar chonarthaí gearrthéarmacha an bhliain seo chugainn, agus tiocfaidh an toirmeasc iomlán ar allmhairiú i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2028. Chomhaontaigh na Ballstáit freisin na rialuithe a bhaineann le tionscnamh an gháis a dhéanamh níos doichte agus an comhlíonadh a chinntiú trí nósanna imeachta réamhúdaraithe. Ag an am céanna, shimpligh siad na nósanna imeachta a bhaineann le gás de thionscnamh thríú tíortha a chomhlíonann critéir shonracha, cuir i gcás an méid seo a leanas: más táirgeoirí agus onnmhaireoirí móra gáis iad, má chuir siad toirmeasc ar allmhairí gáis ón Rúis cheana féin nó mura bhfuil aon bhonneagar acu atá in ann gás a allmhairiú.
Féadfaidh uachtaránacht na Comhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir le téacs deiridh na reachtaíochta a shocrú.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Cá as a dtagann gás an Aontais? (Grafaic faisnéise)
An leictriú mar spreagadh d’aistriú iomaíoch glan
Phléigh na hairí freisin ról an leictrithe i gcomhthéacs aistriú iomaíoch glan an Aontais a chinntiú. Cuirfear an plé san áireamh sa phlean gníomhaíochta leictrithe a bheidh ann amach anseo, plean a mheastar a chuirfidh an Coimisiún Eorpach i láthair go luath in 2026.
Ba dhíol sásaimh do na hairí go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún an plean gníomhaíochta a sheoladh, agus dhírigh siad ar na deiseanna agus ar na dúshláin a bhaineann leis an leictriú éifeachtúil a chinntiú, lena n-áirítear an acmhainneacht atá ann dlús a chur leis an dícharbónú ar fud na bpríomhearnálacha agus béim ar leith á leagan ar an acmhainneacht a mhéid a bhaineann leis an tionsclaíocht a leictriú. Rinne siad a mhachnamh freisin ar conas a chinntiú go mbeidh an bonneagar agus na teicneolaíochtaí is gá ar fáil agus conas é a úsáid chun tacú leis an aistriú sin.
I measc na bpríomhábhar ar tugadh aghaidh orthu, pléadh conas a d’fhéadfadh an tAontas an creat ceart a chruthú chun an leictriú tionsclaíoch a dhreasú agus, ag an am céanna, ligean do thionscail freagairt go solúbtha ar na comharthaí praghais agus ar an éileamh, cad iad na hearnálacha is mó a raibh an acmhainneacht acu maidir le mearleictriú agus conas a d’fhéadfaí tacú leis na hearnálacha sin faoin bplean gníomhaíochta leictrithe.
Chuir an tOllamh le Beartas Fuinnimh ó Ollscoil Oxford, Jan Rosenow, a thuairimí i láthair na n-airí chun tús a chur leis an seisiún.
Conas a dhéantar leictreachas an Aontais a tháirgeadh agus a dhíol? (Grafaic faisnéise)
Slándáil fuinnimh agus athléimneacht san Úcráin agus sa Mholdóiv
I gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin atá fós ar siúl agus na dtionchar níos leithne atá aige ar an réigiún, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an mbealach is fearr chun tacú leis an tslándáil fuinnimh agus leis an athléimneacht san Úcráin agus sa Mholdóiv don gheimhreadh atá le teacht. Phléigh siad freisin an tábhacht straitéiseach a bhaineann lena gcomhtháthú i margadh fuinnimh an Aontais agus a rannchuidiú straitéiseach le hAontas Fuinnimh an Aontais ó thaobh slándáil fuinnimh, éagsúlú agus comhtháthú fuinnimh ghlain de.
Bhí Olha Yukhymchuk, Leas-Aire Fuinnimh na hÚcráine um Lánpháirtiú na hEorpa, agus Dorin Junghietu, Aire Fuinnimh na Moldóive, a thug forléargas ar an staid fuinnimh ina dtíortha féin, i dteannta na n-airí.
Chuir an Spáinn na hairí ar an eolas maidir leis an ngá le haghaidh a thabhairt ar an am coigilte sholas an lae i bhfianaise a laghad gnóthachan éifeachtúlachta fuinnimh.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.