"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.

Féach ár leathanach beartais maidir le fianáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do shocruithe a athrú.

български español čeština dansk Deutsch eesti Ελληνικά English français Gaeilge hrvatski italiano latviešu lietuvių magyar Malti Nederlands polski português română slovenčina slovenščina suomi svenska
Skip to content

An comhbheartas talmhaíochta (CBT): Íocaíochtaí díreacha tar éis 2013

Cad iad na hathruithe ar íocaíochtaí díreacha?

Íocaíochtaí díreacha (i.e. buntacaíocht ioncaim a thugtar d'fheirmeoirí mar chúiteamh ar na hearraí agus na seirbhísí poiblí a sholáthraíonn siad): Déanfar an tacaíocht a athdháileadh de réir a chéile laistigh de Bhallstáit nó de réigiúin, chun na difríochtaí is mó i leibhéil na tacaíochta a thugtar d'fheirmeoirí ar fud an Aontais a laghdú.

Bearradh na n-íocaíochtaí díreacha: Déanfar na híocaíochtaí díreacha le feirmeacha móra a laghdú 5% ar a laghad do mhéideanna thar €150 000 in aghaidh na bliana. An méid a choiglítear mar sin, fanfaidh sé sa Bhallstát agus úsáidfear é ar mhaithe le forbairt tuaithe.

An fheirmeoireacht ghlas

Maidir leis an bhfeirmeoireacht ghlas, áirítear na cleachtais seo a leanas mar chuid den athchóiriú ar CBT:

  • íoslimistéar d'fhéarthailte buana a choinneáil
  • trí chineál bairr ar a laghad a chur ag fás ar thalamh arúil
  • íoslimistéar atá clúdaithe le gnéithe den tírdhreach amhail fálta agus locháin a choinneáil, nó stiallacha de thalamh branair, nó limistéir faoi fhoraois nó faoi bhairr a dhéanann maitheas do cháilíocht na hithreach agus an uisce

Déanfar míchothromaíochtaí i leibhéil na n-íocaíochtaí atá ann cheana idir na Ballstáit a chothromú go páirteach: Na Ballstáit sin ar lú a meáníocaíocht dhíreach reatha in aghaidh an heicteáir ná 90% de mheán an Aontais, gheobhaidh siad méadú de réir a chéile. Faoin mbliain 2019, ba cheart gur timpeall €196 in aghaidh an heicteáir a bheidh an t-íosleibhéal ar fud an Aontais. Is iad na Ballstáit sin ar mó a n-íocaíocht dhíreach ná meán an Aontais, a mhaoineoidh an cóineasú seo.

Déanfar na híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí nua agus feirmeoirí óga (faoi bhun 40 bliain) a bhreisiú don chéad chúig bliana dá gcuid gníomhaíochta. Déanfar sin i dteannta na mbeart eile tacaíochta atá ar fáil faoi chláir forbartha tuaithe.

Amach anseo, na feirmeoirí sin nach bhfaigheann ach suim bheag in íocaíochtaí díreacha, beidh siad in ann tairbhe a bhaint as 'scéim na bhfeirmeoirí beaga' a bheidh níos simplí. Laghdófar leis sin an maorlathas d'fheirmeoirí beaga agus do na húdaráis náisiúnta araon.

Glasú: I gcás 30% de na híocaíochtaí díreacha, ní thabharfar amach iad ach amháin d'fheirmeoirí a chleachtann feirmeoireacht ghlas atá chun sochair na haeráide agus an chomhshaoil. Glacfar leis gan cheist go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le glasú i gcás táirgeadh orgánach. Mura gcloítear leis na coinníollacha maidir le glasú, beidh pionóis i gceist.

Amach anseo, ní bhfaighidh ach 'feirmeoirí gníomhacha' maoiniú. Leis na rialacha nua, soiléirítear nach mbeidh úinéirí móra talún nach bhfuil aon fhíorghníomhaíocht feirmeoireachta ar bun acu ná cuideachtaí a bhfuil limistéir mhóra féarthailte acu (amhail aerfoirt) i dteideal íocaíochtaí feirmeoireachta a fháil.

Beidh solúbthacht breise ann do na Ballstáit ó thaobh a gclúdaigh náisiúnta a úsáid mar is áil leo: Beidh sé de cheart ag gach Ballstát suas le 15% dá gcuid cistí a athrú idir dhá cholún CBT. Na Ballstáit sin ar lú a gclúdaigh íocaíochtaí díreacha ná meán an Aontais, féadfaidh siad, fiú, suas le 25% dá gcistí dara colún a aistriú go dtí an chéad cholún.