An Seimeastar Eorpach in 2017
-
1 Eanáir
Ar an leathanach seo tá amlíne na n-imeachtaí agus na doiciméid a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach in 2017 in ord croineolaíoch droim ar ais.
-
2017
11 IúilMoltaí tír-shonracha don bhliain 2017 glactha go foirmiúil ag an gComhairle
Rinne an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais na moltaí tír-shonracha don bhliain 2017 a ghlacadh go foirmiúil ag an gcruinniú a bhí aici ar an 11 Iúil 2017. Ba é seocéim deiridhan tSeimeastair Eorpaigh 2017.
-
2017
23 MeitheamhMoltaí tír-shonracha don bhliain 2017 formhuinithe ag an gComhairle Eorpach
D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach na moltaí tír-shonracha don bhliain 2017 i ndiaidh don Chomhairle Gnóthaí Ginearálta iad a fhormheas ar an 20 Meitheamh.
Glacfaidh an Chomhairle na moltaí go foirmiúil ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici. Táthar ag súil go gcuirfidh na Ballstáit san áireamh iad ina gcinnteoireacht agus ina bpleananna don bhliain seo chugainn.
-
2017
14 MeitheamhMoltaí do Bhallstáit an Aontais formheasta ag an gComhairle
Ar an 16 Meitheamh, d’fhormheas an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais 27 moladh i dtaca leis na beartais eacnamaíocha agus fostaíochta i ngach Ballstát (tá clár coigeartaithe eacnamaíoch á chur chun feidhme ag an nGréig agus, dá bhrí sin, níl sí faoi réir an fhaireachais a dhéantar faoin Seimeastar Eorpach).
Cumhdaítear na cláir náisiúnta um athchóiriú sna moltaí sin, cláir a d’ullmhaigh gach tír níos luaithe i mbliana, mar aon le tuairimí na Comhairle ar na cláir chobhsaíochta a d’ullmhaigh Ballstáit an limistéir euro agus na cláir um chóineasú a d’ullmhaigh na tíortha nach bhfuil sa limistéar euro. Tá moltaí iontu freisin a bhainfeadh leis an nós imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch i gcás inarb ábhartha.
Níl an Chomhairle ar comhaigne leis an gCoimisiún Eorpach maidir le roinnt de na moltaí dá chuid. Mínítear na difríochtaí sin sa doiciméad dá ngairtear ‘nóta i dtaobh comhlíonadh nó míniúchán’.
Ní mór na moltaí formheasta a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Gnóthaí Ginearálta lena bhformheas ar an 20 Meitheamh agus, ina dhiaidh sin, cuirfear faoi bhráid Chomhairle Eorpach an 22-23 Meitheamh iad lena bhformheas.
- Míniúcháin ar mhodhnuithe ar na moltaí ón gCoimisiún Eorpach maidir leis na moltaí tír-shonracha, Meitheamh 2017
- An Ostair: moladh tír-shonrach do 2017
- An Bheilg: moladh tír-shonrach do 2017
- An Bhulgáir: moladh tír-shonrach do 2017
- An Chróit: moladh tír-shonrach do 2017
- An Chipir: moladh tír-shonrach do 2017
- Phoblacht na Seice: moladh tír-shonrach do 2017
- An Danmhairg: moladh tír-shonrach do 2017
- An Eastóin: moladh tír-shonrach do 2017
- An Fhionlainn: moladh tír-shonrach do 2017
- An Fhrainc: moladh tír-shonrach do 2017
- An Ghearmáin: moladh tír-shonrach do 2017
- An Ungáir: moladh tír-shonrach do 2017
- Éire: moladh tír-shonrach do 2017
- An Iodáil: moladh tír-shonrach do 2017
- An Laitvia: moladh tír-shonrach do 2017
- An Liotuáin: moladh tír-shonrach do 2017
- Lucsamburg: moladh tír-shonrach do 2017
- Málta: moladh tír-shonrach do 2017
- An Ísiltír: moladh tír-shonrach do 2017
- An Pholainn: moladh tír-shonrach do 2017
- An Phortaingéil: moladh tír-shonrach do 2017
- An Rómáin: moladh tír-shonrach do 2017
- An tSlóvaic: moladh tír-shonrach do 2017
- An tSlóivéin: moladh tír-shonrach do 2017
- An Spáinn: moladh tír-shonrach do 2017
- An tSualainn: moladh tír-shonrach do 2017
- An Ríocht Aontaithe: moladh tír-shonrach do 2017
-
2017
22 BealtaineGlacann an Chomhairle conclúidí maidir le grinn-athbhreithnithe a rinneadh in 2017, agus déanann sí athbhreithniú ar chur chun feidhme na moltaí a rinneadh in 2016
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis na torthaí ar na grinn-athbhreithnithe a rinneadh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Tá athbhreithniú freisin sna conclúidí ar chur chun feidhme na moltaí tír-shonracha ón mbliain 2016.
Rinneadh na grinn-athbhreithnithe i 13 thír de chuid an Aontais i mbliana. Ba é an aidhm leo a chinneadh an ann do mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, a sainaithníodh le tacar táscairí ag deireadh na bliana 2016, agus más ann dóibh, cén cineál iad.
Príomhthorthaí athbhreithnithe 2017:
- Tá míchothromaíochtaí eacnamaíocha iomarcacha sa Bhulgáir, sa Chipir, sa Chróit, sa Fhrainc, san Iodáil agus sa Phortaingéil
- Tá míchothromaíochtaí eacnamaíocha nach meastar gur míchothromaíochtaí iomarcacha iad in Éirinn, sa Ghearmáin, san Ísiltír, sa tSlóivéin, sa Spáinn agus sa tSualainn
- Níl aon mhíchothromaíochtaí eacnamaíocha san Fhionlainn
Déanfar faireachán sonrach ar 12 Bhallstát inar sainaithníodh míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.
Níl an Ghréig san áireamh sna hathbhreithnithe sin, ós rud é go bhfuil clár coigeartaithe maicreacnamaíoch á chur chun feidhme aici faoi láthair agus go ndéantar faireachán ar an gclár sin faoi shocrú eile.
-
2017
22 BealtaineEisíonn an Coimisiún Eorpach dréachtmholtaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith do 2017
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach na tograí le haghaidh dréachtmholtaí ón gComhairle do gach Ballstát san Aontas le haghaidh 2017.
Nuair a bheidh na moltaí atá beartaithe pléite agus glactha ag an gComhairle, beifear ag súil go ndéanfaidh na Ballstáit iad a léiriú ina mbeartais náisiúnta sna 12 mhí amach romhainn.
Cé go bhfuil difríocht idir na moltaí do gach tír, is iad na dúshláin is coitianta arna sainaithint ag an gCoimisiún iad siúd a bhaineann le fás mall, difríochtaí móra laistigh de agus i measc thíortha an Aontais Eorpaigh, agus éiginnteacht, arb iad tosca seachtracha is cúis léi den chuid is mó. -
2017
21 MártaPléann an Chomhairle tuarascálacha de réir tíre, glacann sí an moladh maidir leis an limistéar euro
Phléigh an Chomhairle na tuarascálacha de réir tíre agus conas feabhas a chur ar chur chun feidhme moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith. Dhírigh an plé seo ar bhearta chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó.
Ghlac an Chomhairle freisin an moladh maidir leis na bearta eacnamaíocha don limistéar euro i gcomhair 2017. -
2017
9 MártaFormhuiníonn an Chomhairle Eorpach na beartais tosaíochta do 2017
D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach (cinn stáit nó rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh) na beartais tosaíochta do 2017, mar a leagtar amach sa suirbhé bliantúil fáis iad, mar aon leis an dréachtmholadh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2017.
D’iarr an Chomhairle Eorpach ar na Ballstáit na tosaíochtaí sin a léiriú ina mbeartais náisiúnta, go háirithe ina gcláir náisiúnta um athchóiriú agus ina gcláir um chobhsaíocht nó um chóineasú do 2017, a bhfuil súil leo faoi rialacha an tSeimeastair Eorpaigh.
-
2017
7 MártaPléann an Chomhairle tuarascáil sintéise Sheimeastar Eorpach 2017
Scrúdaigh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta tuarascáil sintéise, ina ndéantar achoimre ar an rannchuidiú le Seimeastar Eorpach 2017 a rinne foirmíochtaí difriúla na Comhairle.
Chomhaontaigh an Chomhairle freisin an moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach lena fhormhuiniú.
-
2017
22 FeabhraAnailís ar an staid eacnamaíoch agus ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: tuarascálacha tíre
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach 27 dtuarascáil tíre (déantar meastóireacht ar gheilleagar na Gréige ar leithligh, i gcomhthéacs an chláir choigeartaithe eacnamaíoch atá aici faoi láthair), ina ndéantar anailís ar staid eacnamaíoch gach tíre. I gcás 13 Bhallstáit, tá conclúidí sna tuarascálacha tíre freisin ó ghrinn-athbhreithnithe a rinneadh ar a míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha .
Déantar anailís sna tuarascálacha tíre ar an dul chun cinn a rinne gach Ballstát chun na hathchóirithe a chur chun feidhme a mhol an Chomhairle dóibh a dhéanamh i gcomhthéacs Sheimeastar Eorpach na bliana seo caite (sna moltaí tír-shonracha a eisíodh i mí Iúil).
I gcás 13 de na tíortha, tá sna tuarascálacha freisin na torthaí ar ghrinn-athbhreithnithe ar a staid mhaicreacnamaíoch agus anailís ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a aithníodh anuraidh.
Léirítear an méid seo a leanas i gconclúidí ghrinn-athbhreithnithe na 13 Bhallstát a scrúdaíodh i mbliana:- Níl míchothromaíochtaí san Fhionlainn faoi láthair de réir bhrí an nós imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch (MIP)
- Tá míchothromaíochtaí eacnamaíocha sa Ghearmáin, in Éirinn, sa Spáinn, san Ísiltír, sa tSlóivéin agus sa tSualainn
- Tá míchothromaíochtaí eacnamaíocha iomarcacha sa Bhulgáir, sa Fhrainc, sa Chróit, san Iodáil, sa Phortaingéil agus sa Chipir
Déanfaidh an Chomhairle anailís ar na tuarascálacha agus eiseoidh sí a conclúidí. Cuirfear na tuarascálacha sin san áireamh i gcláir náisiúnta athchóirithe na mBallstát agus sna cláir chobhsaíochta nó chóineasaithe do 2017.
-
2017
27 EanáirGlacann an Chomhairle conclúidí maidir leis an réamhaisnéis fáis agus míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha
An 27 Eanáir ghlac an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais conclúidí maidir leis an suirbhé bliantúil fáis do 2017 agus an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh.
D’fhormheas sí freisin dréachtmholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro. Cuirfear an dréachtmholadh faoi bhráid na Comhairle Eorpaí lena bhreithniú agus glacfaidh an Chomhairle é i mí an Mhárta.
-
2016
16 SamhainFaigheann an Chomhairle doiciméid don Seimeastar Eorpach 2017
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach 'pacáiste an Fhómhair', doiciméid a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach in 2017.
An suirbhé bliantúil fáis don bhliain 2017
Leagtar amach sa suirbhé na tosaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta nach mór don Aontas Eorpach ina iomláine agus dá Bhallstáit díriú orthu in 2017.
Is é tátal an tsuirbhé go raibh fás eacnamaíochmeasartha ann san Aontas in 2016 agus tuartar go leanfar leis an bhfás sin sna blianta atá amach romhainn. Tháinig méadú ar chruthú post san Aontas (cruthaíodh 8 milliún post nua ó 2013 i leith), agus bhí laghdú sa ráta dífhostaíochta go dtí 8.6% i Meán Fómhair 2016. Bhí méadú leanúnach san infheistíocht iomlán le blianta beaga anuas, agus ag an am céanna, thit easnaimh phoiblí go dtí thart ar 2% in 2016 agus táthar ag súil go laghdóidh an fiachas poiblí beagáinín in 2017-2018.
I measc na bhfadhbanna nach mór díriú orthu, liostaítear sa suirbhé ardleibhéil fiachais, athchóirithe struchtúracha neamhiomlána, aosú, ardleibhéil éagothroime agus rátaí arda dífhostaíochta i roinnt Ballstát.
Sa suirbhé, moltar do Bhallstáit an Aontais iarrachtaí níos tréine a dhéanamh in 2017 maidir leis na tosaíochtaí seo a leanas:
- an infheistíocht a sheoladh an athuair
- athchóirithe struchtúracha a shaothrú
- beartais fhónta fhioscacha phoiblí a áirithiú
Leagtar béim freisin ar chothroime shóisialta a áirithiú, mar shlí chun fás níos cuimsithí ná mar a bhí a spreagadh, agus ar an ngá le hiomaíochas, nuálaíocht agus táirgiúlacht a neartú.
An tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht
Is é tátal na tuarascála comhpháirtí ar fhostaíocht go bhfuil feabhas ag teacht ar an staid fostaíochta agus shóisialta san Aontas i gcomhthéacs téarnamh measartha eacnamaíoch.
Bhí feabhas ar chúrsaí de réir fhormhór tháscairí mhargadh an tsaothair in 2016. Tháinig laghdú leanúnach ar an ráta dífhostaíochta agus i mí Mheán Fómhair 2016 bhí an ráta níos lú ná 9% (10% sa limistéar euro). Tháinig laghdú leanúnach ar dhífhostaíocht i measc na n-óg agus ar dhífhostaíocht fhadtéarmach, ach tá na rátaí sin fós ard i roinnt Ballstát.
Tuarascáil 2017 maidir leis an sásra foláirimh
Cuireann an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh tús leis an nós imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch. Is é is aidhm dó míchothromaíochtaí a d’fhéadfadh bac a chur ar fheidhmiú cuí gheilleagar an Aontais a shainaithint, agus, más gá, aghaidh a thabhairt orthu.
In 2017, tá sé de rún ag an gCoimisiún grinn-athbhreithnithe a chur i gcrích i 13 Bhallstát: An Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn. Is é is aidhm dóibh measúnú a dhéanamh an bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sna tíortha sin.
Níl an Ghréig mar chuid den chleachtas seo mar tá a beartais eacnamaíocha á measúnú i gcomhthéacs a cláir maidir le coigeartú maicreacnamaíoch.
Dréachtmholadh don limistéar euro do 2017
Sa dréachtmholadh don bhliain 2017, i measc bearta eile, moltar go dtabharfaidh an limistéar euro seasamh fioscach foriomlán a bheidh dearfach, go gcuirfidh sé beartais i bhfeidhm lena gcothófar fás agus go n-aontóidh sé scéim Eorpach árachais taiscí.