Airm cheimiceacha a dhíothú
Tá an tAontas ar aon ghuth maidir le tacú leis an dí-armáil cheimiceach agus leis an neamhleathadh, agus an tsaoirse ó phionós i gcás úsáid arm ceimiceach a chomhrac.
Cad is airm cheimiceacha ann?
Is éard atá i gceist le hairm cheimiceacha ná ceimiceáin a úsáidtear ar mhaithe le bás nó díobháil a dhéanamh d’aon ghnó trí na n-airíonna tocsaineacha atá acu. Tagann muinisin, gairis agus trealamh eile dheartar go sonrach chun ceimiceáin thocsaineacha a chur in oiriúint le húsáid i gcogadh faoin sainmhíniú ar airm cheimiceacha freisin.
Áirítear an méid seo a leanas ar airm cheimiceacha:
Ceimiceáin thocsaineacha, a d’fhéadfadh trína ngníomhú ceimiceach ar phróisis saoil, bás daoine nó ainmhithe a thabhairt, a bheith ina gcúis le héagumasú sealadach nó díobháil bhuan a dhéanamh dóibh.
Imoibreáin cheimiceacha (réamhtheachtaithe) a bhíonn, ag céim ar bith agus trí mhodh ar bith, i dtáirgeadh ceimiceáin thocsainigh.
Muinisin agus feistí a dheartar go sonrach chun díobháil a dhéanamh nó bás a thabhairt trí cheimiceáin thocsaineacha a scaoileadh, moirtéil, blaoscanna airtléire, diúracáin, buamaí, mianaigh nó umair spraeála san áireamh.
Trealamh a dheartar go sonrach chun go n-úsáidfí é agus armlóin nó gairis a shainaithnítear mar airm cheimiceach á n-úsáid.
Toirmeasc idirnáisiúnta ar airm cheimiceacha
An Coinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha
Is conradh idirnáisiúnta é an coinbhinsiún maidir le toirmeasc ar fhorbairt, táirgeadh, stoc-charnadh agus úsáid arm ceimiceach agus maidir lena ndíothú - dá ngairtear an Coinbhinsiún um Airm Cheimiceacha - a bhfuil sé d’aidhm aige deireadh a chur le catagóir iomlán arm ollscriosta trí thoirmeasc a chur ar pháirtithe stáit airm cheimiceacha a fhorbairt, a tháirgeadh, a fháil, a stoc-charnadh, a choimeád, a aistriú nó a úsáid.
Bunaíodh é in 1997, tá 193 pháirtí stáit ann agus cuireadh ar bun é chun domhan a bheadh saor ó airm cheimiceacha a chur chun cinn.
Chomhaontaigh na páirtithe stáit ar fad bearta a dhéanamh chun dí-armáil cheimiceach a dhéanamh, trí aon stoc-chairn arm ceimiceach a d’fhéadfadh a bheith ina seilbh agus aon saoráidí a tháirg iad a scriosadh, chomh maith le haon airm cheimiceacha a d'fhág siad ar chríoch páirtithe stáit eile san am a chuaigh thart.
Tá an Coinbhinsiún um Airm Cheimiceacha ar cheann de na socruithe dí-armála is rathúla ar domhan, agus é fíoraithe gur scriosadh 99.4% den stoc arm ceimiceach a dearbhaíodh.
An Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha
Is í an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (ETAC) an comhlacht cur chun feidhme le haghaidh an Choinbhinsiúin um Airm Cheimiceacha.
Tacaíonn an tAontas go láidir agus go gníomhach leis an gCoinbhinsiún agus le ETAC, agus is é is mó a rannchuidíonn le cistiú deonach chun gníomhaíochtaí na hEagraíochta a chur i gcrích, lena gcuirtear san áireamh cosc a chur ar theacht chun cinn na n-arm ceimiceach an athuair, fothú acmhainneachta pháirtithe stáit leis an gCoinbhinsiún, ballraíocht sa Choinbhinsiún a uiliú, agus saoirse ó phionós i gcás úsáid arm ceimiceach a chomhrac.
Is ionann ranníocaíochtaí comhcheangailte bliantúla Bhallstáit an Aontais agus thart ar 25% de ghnáthbhuiséad bliantúil ETAC.
Oibríonn ETAC i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe.
Thug an tAontas Eorpach agus ETAC comhaontú comhair i gcrích i mí Feabhra 2024, i bhfoirm meabhrán tuisceana.
Faoin gcomhaontú sin, beidh breis comhordú, comhar straitéiseach agus seisiúin tuairimíochta agus faisnéise idir an Aontais agus ETAC, chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme nuair a scriosfar na hairm cheimiceacha.
Tacaíonn an tAontas freisin le héifeachtacht oibríochtúil ETAC a fheabhsú trí bhíthin cinntí ón gComhairle an 25 Samhain 2021 agus an 26 Meitheamh 2023.
- Cinneadh ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 chun tacú le héifeachtacht oibríochtúil na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (ETAC) a fheabhsú (Iris Oifigiúil an Aontais)
- Cinneadh ón gComhairle an 25 Samhain 2021 chun tacú le héifeachtacht oibríochtúil na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (ETAC) a fheabhsú trí bhíthin íomhánna satailíte (Iris Oifigiúil an Aontais)
- Dlús á chur leis an gcomhar idir an tAontas agus ETAC (preaseisiúint, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, an 21 Feabhra 2025)
Tiomantas an Aontais d’airm cheimiceacha a chomhrac
Oibríonn an tAontas chun airm cheimiceacha a thoirmeasc agus a dhíothú go hiomlán ar fud an domhain, i gcomhréir le straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta. Tá sé tiomanta freisin don tsaoirse ó phionós i gcás úsáid arm ceimiceach a chomhrac agus smachtbhannaí a úsáid chun é sin a bhaint amach.
Tá an tAontas tiomanta do thacú le cur chun feidhme iomlán an Choinbhinsiúin maidir le hAirm Cheimiceacha.
Conclúidí ón gComhairle maidir le hairm cheimiceacha
An 20 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le dí-armáil cheimiceach agus neamhleathadh.
Sna conclúidí, cuireann an Chomhairle in iúl nach féidir glacadh le hairm cheimiceacha a úsáid, lena n-áirítear ceimiceáin thocsaineacha a úsáid mar airm, bíodh siad á n-úsáid ag gníomhaire stáit nó gníomhaire neamhstáit, in aon áit, in aon dálaí, agus nach mór a leithéid a cháineadh go géar.
Is sárú ar an dlí idirnáisiúnta é úsáid a bhaint as airm cheimiceacha agus d’fhéadfadh sin a bheith ina choir chogaidh nó ina choir in aghaidh na daonnachta.
Ós rud é nárbh fhéidir aon saoirse ó phionós a bheith ann agus nár mhór iad siúd atá freagrach as na gníomhartha a thabhairt chun cuntais, tá rún daingean ag an Aontas agus a Bhallstáit leanúint dá dtiomantas don chúis sin, go háirithe tríd an gcomhpháirtíocht i gcoinne na saoirse ó phionós i gcás úsáid arm ceimiceach.
Creideann an Chomhairle freisin go bhfuil sé de fhreagracht ar an gcomhphobal idirnáisiúnta déantóirí aon ionsaí ina n-úsáidtear airm cheimiceacha a shainaithint agus a thabhairt chun cuntais.
Smachtbhannaí i gcoinne airm cheimiceacha
Mar dhíspreagadh i gcás leathadh agus úsáid arm ceimiceach, i mí Dheireadh Fómhair 2018, ghlac an tAontas creat tiomnaithe smachtbhannaí. Cuireadh an síneadh is déanaí leis an gcreat smachtbhannaí sin go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2026.
Tá na smachtbhannaí dírithe orthu siúd a dhéanann an méid seo a leanas:
- atá freagrach go díreach as airm cheimiceacha a fhorbairt agus a úsáid
- a chuireann tacaíocht airgeadais, theicniúil nó ábhartha ar fáil
- a thugann cúnamh, spreagadh nó a bhfuil baint acu leo siúd atá luaite sna catagóirí thuas
Faoi láthair, tá smachtbhannaí forchurtha ar 25 dhuine aonair agus 6 n-eintiteas faoin gcreat sin. Tá an liosta reatha sin de dhaoine aonair agus d’eintitis ar forchuireadh smachtbhannaí orthu bailí go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2026.
Cuirtear toirmeasc taistil ar dhaoine agus déantar sócmhainní daoine agus eintiteas a reo mar chuid de na smachtbhannaí.
Ina theannta sin, tá toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine aonair agus d’eintitis ar forchuireadh smachtbhannaí orthu, nó chun tairbhe na ndaoine aonair agus na n-eintiteas sin.
Cuirtear san áireamh sna smachtbhannaí sin, mar shampla, daoine aonair agus eintitis a bhfuil baint acu leis an méid seo a leanas:
- airm cheimiceacha a úsáid i gcogadh na Rúise ar an Úcráin
- nimhiú Alexei Navalny le néar-oibreán de chineál Novichok an 20 Lúnasa 2020
- córais seachadta arm ceimiceach a tháirgeadh sa tSiria
- Cinneadh an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Rialachán an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
Féach freisin
An tslándáil agus an chosaint
Comhaontú núicléach na hIaráine
Na cineálacha smachtbhannaí a ghlacann an tAontas
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Deireadh Fómhair 2025