- An Chomhairle Eorpach
- Ráiteas agus barúlacha
- 24 Meán Fómhair 2015 01:45
A ndúirt an tUachtarán Donald Tusk tar éis chruinniú neamhfhoirmiúil na gCeannairí Stáit nó Rialtais, an 23/09/2015
Bail ó Dhia oraibh,
Is iad na cuspóirí a bhí agam don chruinniú mullaigh seo deireadh a chur leis an argóint inmheánach agus plé macánta a bhunú i measc na gceannairí maidir leis an bhfadhb agus maidir leis an gcaoi ina bhféadfaí í a réiteach. Cuspóir eile ab ea teacht ar chomhaontú maidir le bearta gearrthéarmacha ar gá a chur i bhfeidhm roimh an gcruinniú den Chomhairle Eorpach faoin imirce a bheidh ann i gceann dtrí seachtainí.
Ba bhunaithe ar fhíorais, seachas ar mhothúcháin, a bhí an plé a bhí againn anocht. Tá ocht milliún duine tar éis bheith curtha óna n-áit chónaithe sa tSiria féin, agus tuairim is ceithre mhilliún tar éis teitheadh chuig na tíortha comharsanachta. D'fhéadfadh na milliún teifeach a bheith i gceist leo siúd atá ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach ón tSiria amháin. Gan trácht ar an Iaráic, an Afganastáin, an Eiritré agus áiteanna eile. Thug mé cuairt ar champaí teifeach sa Tuirc agus sa Iordáin le déanaí, agus níor chuala ann ach scéal amháin: tá rún daingean againn an Eoraip a bhaint amach. Is léir gur mó go mór líon na dteifeach agus na n-imirceach atá fós le teacht ná mar atá tagtha cheana féin. Dá bhrí sin, ní mór dúinn beartas na ndoirse agus na bhfuinneog oscailte a chur ina cheart. Anois caithfear féachaint lenár gcuid teorainneacha seachtracha a chosaint mar is ceart agus le cúnamh seachtrach a chur ar fáil do na teifigh agus do na tíortha inár gcomharsanacht.
Dá réir sin, tá na ceannairí tagtha ar chomhaontú chun cabhrú tuilleadh leis an Liobáin, an Iordáin, an Tuirc agus tíortha eile sa réigiún. Cuirfear leis an gcúnamh ach breis comhair a fháil ó na tíortha sin freisin. Cuirfear 1 billiún euro breise ar a laghad ar fáil chun cabhrú leis na teifigh sa réigiún trí UNHCR agus tríd an gClár Domhanda Bia. I ndáil leis sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na ceannairí a d'fhreagair an t-iarratas uaim Dé hAoine seo caite agus a bhfuil airgead breise á thairiscint acu don Chlár Domhanda Bia.
D'aontaigh na ceannairí freisin gur gá deireadh a chur leis an anord atá ann faoi láthair ag ár dteorainneacha seachtracha. Tá sé d'fhreagracht orainn ar fad ár dteorainneacha seachtracha a bhainistiú agus a rialú mar is ceart. Bheadh sé éagórach an t-ualach ar fad a leagan ar an Iodáil, ar an nGréig nó ar thíortha eile. Dá bhrí sin, chinneamar uile gach cabhair is féidir a chur ar fáil, lena n-áirítear comhar maidir leis na príomhláithreacha próiseála. Is dul chun cinn nach beag an méid sin, mar níl ach cúpla lá ann ó bhí ceist na bpríomhláithreacha próiseála ina conspóid eadrainn. Inniu, bhí plé maith againn, agus aontaíodh, de mheon an chur le chéile, go ndéanfar príomhláithreacha próiseála a bhunú faoi dheireadh mhí na Samhna.
Tá a fhios agam nach gcuirfear deireadh leis an ngéarchéim lena bhfuil déanta againn inniu as féin. Ach is coiscéimeanna riachtanacha iad atá ag dul sa treo ceart. Tá súil againn go mbeidh go leor oibre curtha dínn sula dtiocfaimid le chéile arís ag an gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair. Táimid tagtha ar chomhthuiscint anocht nach féidir linn leanúint ar aghaidh mar atá déanta againn go dtí seo. Mura ndéanfar athrú ar an gcóras atá ann faoi láthair, níl i limistéar Schengen ach coincheap teoiriciúil.
Inseoidh Jean-Claude níos mó daoibh anois faoi na bearta éagsúla a bheidh le déanamh. Agus ba mhian liom buíochas ar leith a ghabháil leis féin agus lena fhoireann as ucht na n-iarrachtaí éachtacha atá déanta acu le seachtainí beaga anuas. Bhí torthaí bhur gcuid cabhrach le feiceáil anseo inniu.
Go raibh maith agaibh.
Teagmhálaithe preasa
-
Beatriz Navarro Deputy spokesperson for the European Council President
- +32 471 33 22 92
- +32 2 281 51 50
- @beanavarro
-
Maria Tomasik Spokesperson for the European Council President
- +32 470 88 23 83
- +32 2 281 51 50
- @maria_tomasik
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024