- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 7 Feabhra 2017 18:30
Iniomparthacht seirbhísí ábhair dhigitigh: Comhaontú idir Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh agus an Pharlaimint
Ar an 7 Feabhra, tháinig Uachtaránacht Mhálta ar chomhaontú sealadach le hionadaithe Pharlaimint na hEorpa chun fáil réidh le bacainní ar iniomparthacht trasteorann seirbhísí ábhar ar líne sa margadh inmheánach.
Leis an gcomhaontú sin, atá fós le dearbhú ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa, ceadófar do thomhaltóirí a bhfuil seirbhísí ábhair ar líne ceannaithe acu sa bhaile nó a bhfuil sintiús glactha acu le seirbhísí mar sin sa bhaile rochtain a bheith acu ar an ábhar sin agus seal á chaitheamh acu i dtír eile san Aontas.
"Beidh rochtain feasta ag Eorpaigh a bhíonn ag taisteal laistigh den Aontas Eorpach ar sheirbhísí ar líne, amhail scannáin, craoltaí spóirt, ceol, ríomhleabhair nó cluichí a cheannaigh siad sa bhaile. I dteannta deireadh a chur le táillí fánaíochta, is céim thábhachtach chun cinn é seo chun margadh aonair digiteach a chruthú a bheidh chun sochair gach duine.”
Chris Cardona, Aire Geilleagair, Infheistíochta agus Gnólachtaí Beaga Mhálta.
Taisteal agus síntiús le haghaidh seirbhísí ar líne agat
Is fusa rochtain a fháil ar sheirbhísí ábhair ar líne anois, beag beann ar an áit ina bhfuil an tomhaltóir lonnaithe, de bharr go mbaineann daoine níos mó úsáide as feistí iniompartha, amhail taibléidí agus fóin chliste, ar na saolta seo.
Tá fás forbarthach ag teacht ar éileamh na dtomhaltóirí i ndáil le rochtain a fháil ar sheirbhísí nuálaíocha agus ábhar ar líne, ní amháin ina dtír féin ach nuair atá siad as baile freisin. Dá bharr sin, cuirfear deireadh le bacainní ar rochtain agus ar úsáid seirbhísí ábhair ar líne laistigh den mhargadh aonair.
Tá an rialachán nua mar chuid de shraith tionscnamh maidir leis an margadh aonair digiteach chun fíormhargadh aonair d’ábhar digiteach agus do sheirbhísí digiteacha a chruthú. Thíolaic an Coimisiún an togra bunaidh i mí na Nollag 2015.
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an rialachán nua maidir le seirbhísí ábhair ar líne a sholáthraítear ar táille. Beidh seirbhísí saorchraolta, amhail craoltóirí seirbhíse poiblí, in ann leas a bhaint as an rialachán ar an gcoinníoll go bhfíoróidh siad tír chónaithe na síntiúsóirí atá acu.
Bíonn bacainní roimh iniomparthacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne faoi láthair toisc gur minic gur de réir na críche a cheadúnaítear na cearta maidir le tarchur ábhair atá cosanta le cóipcheart agus/nó cearta gaolmhara, mar shampla saothair chlosamhairc, chomh maith leis na cearta do phríomhimeachtaí spóirt.
Tír chónaithe
Leis na bearta nua, áiritheofar go mbeidh an rochtain chéanna ag daoine agus iad thar lear go sealadach i mBallstát eile, mar shampla ar saoire, ar turas gnó nó ar cuairt staidéir, ar an ábhar a fuair siad go dleathach nó ar thug siad síntiús lena aghaidh ina dtír chónaithe .
Chun mí-úsáid a sheachaint, fíoróidh na soláthraithe seirbhíse tír chónaithe na síntiúsóirí. Déanfar na fíoruithe i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.
Teacht i bhfeidhm
Tar éis don Chomhairle agus don Pharlaimint an rialachán a fhormheas go foirmiúil, beidh feidhm ag an gcóras nua naoi mí tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
- @TarradellasEU
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024