- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 8 Meitheamh 2017 12:00
Rialacha nua maidir le conarthaí i ndáil le hinneachar digiteach a sholáthar - glacann an Chomhairle a seasamh
Ar an 8 Meitheamh, ghlac an Chomhairle a seasamh maidir leis an treoir ina leagtar amach rialacha nua le haghaidh conarthaí gnólacht le tomhaltóir chun inneachar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar.
Is é is cuspóir leis na rialacha nua leibhéal ard cosanta agus deimhneachta dlíthiúla a chur ar fáil do thomhaltóirí Eorpacha, go háirithe nuair a cheannaíonn siad trasteorann, chomh maith le díol ar fud an Aontais a éascú tuilleadh do ghnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide.
“Bíodh ceol agus scannáin ar líne, aipeanna, seirbhísí amhail Facebook nó YouTube i gceist, mar gheall ar na rialacha nua seo beidh cinnteacht níos fearr ag tomhaltóirí agus ag soláthróirí nuair a cheannaíonn agus nuair a dhíolann siad thar teorainn. Is comhréiteach uaillmhianach é atá íogair agus cothrom chomh maith, a bhfuil sé mar chuspóir leis cearta a ráthú do thomhaltóirí Eorpacha, agus a gcuirtear ar chumas cuideachtaí AE leis chomh maith deiseanna nua gnó a chruthú trí nuálaíocht agus iomaíochas a chruthú.”
Uachtaránacht Mhálta
Príomheilimintí sheasamh na Comhairle
Baineann príomheilimintí an chomhréitigh ar tháinig an Chomhairle air leis an méid seo a leanas:
- raon feidhme na treorach, go háirithe inneachar digiteach leabaithe, seirbhísí cumarsáide idirphearsanta (OTTanna) atá ‘farasbarr’, conarthaí cruachta agus próiseáil sonraí pearsanta. Maidir leis an dara gné, foráiltear sa téacs gur cheart go mbeadh tomhaltóirí i dteideal leigheasanna conarthacha a fháil, ní hamháin faoi réir conarthaí faoina íocann siad praghas as inneachar nó seirbhís digiteach ach i gcásanna freisin nach soláthraíonn siad ach sonraí pearsanta a bheidh á bpróiseáil ag soláthróirí. Sa chás, áfach, gurb é an soláthróir amháin a dhéanann na sonraí pearsanta a phróiseáil ar mhaithe leis an inneachar nó an tseirbhís digiteach a sholáthar, nó ionas go gcomhlíonfaidh an soláthróir na ceanglais dlí a bhfuil an tomhaltóir faoina réir, ní bheidh feidhm ag an treoir.
- na leigheasanna ar easpa an tsoláthair agus ar neamhchomhlíonadh. D’fhonn leas tomhaltóirí agus soláthróirí araon a chosaint, foráiltear sa téacs gur cheart an “dara deis” a bheith ag soláthróirí sular féidir an conradh a fhoirceannadh, sa chás gur theip air an soláthar a chur i gcrích. Maidir le neamhchomhlíonadh, foráiltear sa téacs do sholúbthacht níos fearr i gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta trí na coinníollacha a bhaineann le leas a bhaint as na leigheasanna éagsúla a leagan amach seachas grádlathas a bhunú idir na leigheasanna éagsúla.
- na teorainneacha ama i dtaca le dliteanas an tsoláthróra. Chun go gcuirfear na difríochtaí ar an leibhéal naisiúnta san áireamh, ní dhéantar comhchuibhiú iomlán ar thréimhsí rúraidh nó ráthaíochta sa téacs comhréitigh, ach leagtar amach, mar mhalairt, nach féidir tréimhse dhliteanas an tsoláthróra a bheith níos giorra ná dhá bhliain i gcás easpa chomhlíonta.
- tréimhse aisiompú an dualgais cruthúnais. Leagtar síos ag aon bhliain amháin an tréimhse sin a mbeidh an dualgas cruthúnais maidir leis an easpa comhréireachta ar an soláthróir lena linn.
Cúlra
Baineann an treoir le conarthaí den chineál gnólacht le tomhaltóir (B2C) chun inneachar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar agus cumhdaítear léi sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach (mar shampla ceol, físeáin ar líne, srl.), seirbhísí lena gcumasaítear sonraí a chruthú, a phróiseáil nó a stóráil i bhfoirm dhigiteach (mar shampla stóráil cloud), seirbhísí lena gcumasaítear sonraí a chomhroinnt (mar shampla Facebook, YouTube, srl.) agus aon mheán marthanach a úsáidtear go heisiach mar iompróir inneachair dhigitigh (mar shampla DVDanna).
Ar an 9 Nollaig 2015, thíolaic an Coimisiún an treoir a bheartaítear maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun inneachar digiteach a sholáthar mar aon le togra le haghaidh treoir maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí.
Na chéad chéimeanna eile
Tosaíodh an chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh glactha aici, san fhómhar de réir dealraimh.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024