- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 8 Meitheamh 2017 10:45
Inaistritheacht seirbhísí digiteacha ar fud an Aontais Eorpaigh: rialacha nua glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle inniu rialacha nua lena gceadófar do thomhaltóirí a bhfuil seirbhísí ábhair ar líne ceannaithe acu ina mBallstát féin rochtain a bheith acu ar na seirbhísí sin agus iad ar cuairt i dtír eile de chuid an Aontais.
Beidh rochtain feasta ag Eorpaigh, agus iad ag taisteal laistigh den Aontas Eorpach, ar sheirbhísí ar líne, amhail scannáin, craoltaí spóirt, ceol, ríomhleabhair nó cluichí a cheannaigh siad sa bhaile. Anuas ar an deireadh atáthar tar éis a chur le táillí fánaíochta, is céim thábhachtach chun cinn na rialacha nua seo chun margadh aonair digiteach a chruthú a rachaidh chun sochair an uile dhuine.
Uachtaránacht Mhálta
Rochtain in aisce ón gcoigríoch ar shíntiúis
A bhuí leis an rialachán nua, feabhsófar an t-iomaíochas trí nuálaíocht a spreagadh i measc na seirbhísí ar líne agus trí níos mó tomhaltóirí a mhealladh. Tá sé ar cheann de chuspóirí na straitéise maidir leis an margadh aonair digiteach fíormhargadh aonair d’ábhar digiteach agus do sheirbhísí digiteacha a chruthú.
Beidh feidhm ag an méid sin i dtaca leis an uile sheirbhís ábhair ar líne a sholáthraítear ar táille. Beidh de rogha ag seirbhísí saorchraolta, amhail na seirbhísí sin a chuireann craoltóirí seirbhíse poiblí ar fáil, tairbhe a bhaint as an rialachán ar an gcoinníoll go bhfíoróidh siad tír chónaithe na síntiúsóirí acu.
Is é is cúis leis na bacainní atá roimh iniomparthacht trasteorann seirbhísí ar líne faoi láthair gur de réir na críche is minic na cearta á gceadúnú maidir le tarchur ábhair atá faoi chosaint cóipchirt, ábhar amhail saothair chlosamhairc agus na cearta a bhaineann le príomhimeachtaí spóirt. Beidh de rogha ag soláthraithe seirbhíse ar líne gan freastal ach ar mhargaí ar leith, más mian leo.
Ní ghearrfar aon táillí breise as iniomparthacht trasteorann a chur ar fáil.
Fíorú an Bhallstáit chónaithe
Leis na bearta nua seo, áiritheofar go mbeidh an rochtain chéanna ag daoine agus iad ar saoire, ar turas gnó nó ar cuairt staidéir, ar gach ábhar a fuair siad go dleathach nó ar ghlac siad síntiús ina leith ina mBallstát cónaithe.
Chun mí-úsáid a sheachaint, fíoróidh na soláthraithe seirbhíse Ballstát cónaithe na síntiúsóirí. Is i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí a dhéanfar na fíoruithe sin.
Beidh an t-údarás ag an soláthróir deireadh a chur le rochtain ar an tseirbhís ar líne i gcás nach féidir leis an síntiúsóir cruthúnas a thabhairt maidir lena Bhallstát nó a Ballstát cónaithe.
Modh fíoraithe réasúnta comhréireach éifeachtach a úsáidfear. Bainfear úsáid as líon nach mó ná dhá chritéar, a bhainfear ó liosta de mhodhanna fíoraithe, chun an fíorú a dhéanamh. Féadfar a áireamh orthu sin cárta aitheantais, cuntas bainc nó cárta creidmheasa; an seoladh suiteála a bhaineann leis an bhfeiste lena soláthraítear na seirbhísí; an íocaíocht a dhéanann an síntiúsóir ar tháille ceadúnais le haghaidh seirbhísí eile; seoladh oifigiúil billeála nó poist; etc.
Ach beidh de rogha ag sealbhóirí cóipchirt a údarú gur féidir a n-ábhar siúd a úsáid gan an oibleagáid maidir le háit chónaithe an tsíntiúsóra a fhíorú a chur i bhfeidhm.
Teacht i bhfeidhm
Le linn na chéad ráithe de 2018 a thiocfaidh na rialacha nua i bhfeidhm (naoi mí tar éis lá a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh).
Is i ngeall ar an gcomhaontú a rinneadh ar an 7 Feabhra 2017 idir Uachtaránacht Mhálta agus ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa a féadadh cinneadh an lae inniu a dhéanamh. Chaith an Pharlaimint vóta maidir lena seasamh ar an gcéad léamh ar an 18 Bealtaine 2017.
Glacadh an rialachán ag cruinniú den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, gan phlé.
Cúlra
Ó tharla gur mó an úsáid a bhaineann daoine as feistí iniompartha amhail taibléidí agus fóin chliste ar na saolta seo, is fusa go mór rochtain a fháil ar sheirbhísí ábhair ar líne beag beann ar an áit a bhfuil an tomhaltóir lonnaithe.
Tá fás as cuimse ag teacht ar éileamh na dtomhaltóirí ar rochtain a bheith acu, ní hamháin ina dtír féin ach sna tíortha sin ina mbíonn siad agus iad as baile, ar inneachar agus ar sheirbhísí nuálaíocha ar líne. Fágann sin gur mithid deireadh a chur le gach bacainn ar rochtain agus ar úsáid seirbhísí ábhair ar líne laistigh den mhargadh aonair.
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
- @TarradellasEU
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024