- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 9 Meitheamh 2017 17:20
Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil - tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh caibidlíochta
Ar an 9 Meitheamh 2017, chomhaontaigh an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir leis an togra le haghaidh chóras an Aontais Eorpaigh um fhaisnéis agus údarú taistil (ETIAS). Beidh an cur chuige ginearálta mar sheasamh ag an gComhairle sa chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
“Le ETIAS cuideofar le feabhas a chur ar ár slandáil agus lenár saoránaigh a chosaint. Na daoine sin go léir nach gá dóibh víosa a bheith acu, déanfar seiceáil orthu sula mbeidh cead acu taisteal chuig limistéar Schengen. Duine ar bith a d’fhéadfadh a bheith ina riosca dúinn, is féidir cosc a chur air.”
Uachtaránacht Mhálta ar an gComhairle
Le ETIAS, beifear in ann seiceálacha a dhéanamh roimh ré agus, más gá, an t-údarú a dhiúltú do náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó víosa, atá ag iarraidh taisteal chuig limistéar Schengen. Cuideoidh sé le feabhas a chur ar an tslándáil inmheánach, le cosc a chur ar an inimirce neamhdhleathach, le rioscaí don tsláinte phoiblí a theorannú agus an mhoill a laghdú ag na teorainneacha, trí dhaoine a d’fhéadfadh a bheith ina riosca i ndáil le ceann de na gnéithe sin, a shainaithint roimh dóibh teacht chomh fada leis na teorainneacha seachtracha.
Feidhmiú an chórais
Tá na gnéithe seo a leanas sa seasamh ón gComhairle.
Beidh feidhm ag an gcóras maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, chomh maith leis na daoine sin atá díolmhaithe ó cheanglas víosa idirthurais aerfoirt. Beidh orthu údarú taistil a fháil roimh an turas, trí iarratas ar líne.
An fhaisnéis a chuirtear isteach i ngach iarratas, déanfar í a phróiseáil go huathoibríoch i mbunachair sonraí eile de chuid an Aontais Eorpaigh chun a chinneadh an bhfuil forais ann chun údarú taistil a dhiúltú. I gcás nach n-aimseofar aon amas nó eilimintí dá dteastaíonn tuilleadh anailíse, déanfar an t-údarú taistil a eisiúint go huathoibríoch laistigh de thréimhse ghearr ama. Meastar gurb amhlaidh a bheidh i gcás formhór mór na n-iarratas.
I gcás amas nó gné a bheith ann dá dteastaíonn anailís, déanfaidh na húdaráis inniúla an t-iarratas a láimhseáil de láimh. Sa chás sin, seiceálfaidh láraonad ETIAS i dtús go gcomhfhreagraíonn na sonraí sa chomhad iarratais leis na sonraí a spreag an t-amas. I gcás ina gcomhfhreagróidh nó i gcás ina mbeidh amhras fós ann, déanfaidh aonad náisiúnta ETIAS an Bhallstáit fhreagraigh an t-iarratas a phróiseáil de láimh. Iarratas a spreag amas, ní dhéanfar é a údarú nó a dhiúltú níos déanaí ná 96 uair an chloig tar éis don iarratas a bheith curtha isteach, nó, i gcás inar iarradh faisnéis bhreise, 96 uair an chloig tar éis don fhaisnéis sin a bheith faighte.
Roimh an mbordaíl, beidh ar aeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí thar tír i gcóiste, a sheiceáil an bhfuil údarú taistil bailí ag náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an cheanglais i dtaobh údarú taistil.
Ní thabharfar ceart uathoibríoch i dtaobh cead isteach nó i dtaobh fanachta do dhuine toisc údarú taistil a bheith aige; is é an garda teorann a dhéanfaidh an cinneadh deiridh.
Beidh údarú taistil bailí ar feadh trí bliana nó go dtí deireadh thréimhse bhailíochta an doiciméid taistil a cláraíodh i rith an phróisis iarratais, cibé acu is túisce.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024