- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 11 Deireadh Fómhair 2017 12:45
Rialacha nua teileachumarsáide an Aontais - tá an Chomhairle réidh an plé leis an bParlaimint a thosú
Thug an Chomhairle inniu sainordú ginearálta d’Uachtaránacht na hEastóine caibidlíocht a thosú le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha nua don earnáil cumarsáide leictreonaí lena ndéanfar an Eoraip a ullmhú don ré 5G trí infheistíocht, iomaíocht, cosaint tomhaltóirí agus forbairt seirbhísí nua a chur chun cinn. Is gá borradh a chur faoin infheistíocht chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann freastal ar an éileamh atá ag méadú i gcónaí ar nascacht ghigighiotán, atá mar chuid dhílis den réabhlóid dhigiteach.
Tá todhchaí dhigiteach os ár gcomhair, agus tá na rialacha seo den ríthábhacht chun sochaí ghigighiotáin a chruthú ar fud an Aontais,” a dúirt Urve Palo, Aire Fiontraíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise na hEastóine. “Táim sásta go bhfuair Uachtaránacht na hEastóine an chéad shainordú seo níos luaithe ná mar a bhíomar ag súil leis. Déanfaimid ár seacht ndícheall anois dul chun cinn suntasach a bhaint amach sa phlé leis an bParlaimint faoi dheireadh na bliana. Leis an tacaíocht d’aon toil léirítear tiomantas na Comhairle an beart a dhéanamh maidir leis an margadh aonair digiteach”
Dúirt an tAire freisin go léirítear leis an obair ar an gcomhad seo tábhacht na nascachta agus 5G d'Uachtaránacht na hEastóine. “I mí Iúil, shínigh mé féin agus mo chomhghleacaithe an dearbhú maidir le 5G a ghlacadh. Ag an gCruinniú Mullaigh Digiteach i dTaillinn, phléigh ceannairí na hEorpa conas 5G agus an nascacht a chur chun cinn. Léireofar na céimeanna sin sna cruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle Teileachumarsáide níos déanaí an mhí seo.”
Leis na rialacha atá beartaithe, .i. an Cód Eorpach don Chumarsáid Leictreonach, cumhdaítear raon leathan réimsí, ó chearta na dtomhaltóirí go dtí rochtain oibreoirí ar líonraí agus comhar na mBallstát maidir le bainistiú speictrim. Tá an t-ollchóiriú beartaithe chun na hathruithe sa mhargadh ó tugadh isteach na rialacha reatha in 2009 a léiriú agus cuirfear ar fáil creat a sheasfaidh an aimsir le haghaidh feidhmiú gasta, forleathan 5G agus teicneolaíochtaí eile den ghlúin nua. Leis na teicneolaíochtaí seo is fusa a bheidh sé seirbhísí digiteacha nuálacha a thabhairt isteach agus a leathnú, amhail carranna nasctha uathrialaithe, cathracha cliste agus eangacha cliste fuinnimh.
Leis an sainordú ón gComhairle, leathnaítear raon feidhme seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun tábhacht mhéadaitheach na seirbhísí a sholáthraítear thar an idirlíon (ar a dtugtar ‘seirbhísí de mhuin an idirlín’ nó ‘OTTanna’) a chur san áireamh, lena n-áirítear Prótacal Idirlín don Ghuthú (VoIP), aipeanna teachtaireachtaí agus ríomhphost. Is athrú suntasach é seo i gcomparáid leis na rialacha reatha, nach gcumhdaíonn ach seirbhísí traidisiúnta atá nasctha le huimhir shonrach, amhail teachtaireachtaí téacs agus glaonna líne thalún agus glaonna soghluaiste. Beidh gnéithe áirithe den tseirbhís, amhail más é an t-úsáideoir a íocann as an tseirbhís, mar bhonn don chinneadh cad iad na rialacha atá i bhfeidhm. Ina theannta sin, áirítear sa sainordú sásra athbhreithnithe chun a áirithiú go mbeidh cearta úsáideoirí deiridh cothrom le dáta i gcónaí i bhfianaise luas na n-athruithe sna múnlaí gnó agus in iompar tomhaltóirí.
Leis an sainordú déantar foráil le comhar méadaithe idir na Ballstáit chun radaispeictream a chur ar fáil d’oibreoirí ar bhealach tráthúil, intuartha. Aithníonn an Chomhairle mar sin féin go bhfuil éagsúlachtaí ar fud an Aontais maidir leis an mbealach is fearr chun úsáid a bhaint as speictream, ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear dreach fhisiciúil na dtíortha, dáileadh daonra, dálaí margaidh agus teorainneacha a bheith ann le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad. Cuireann sí san áireamh freisin go bhféadfadh sé go mbeadh gá le solúbthacht ag Ballstáit chun freastal ar athruithe teicneolaíochta nó athruithe sa mhargadh agus an speictream á bhainistiú acu.
Le seasamh na Comhairle déantar na rialacha reatha maidir le rochtain ar líonraí a nuashonrú chun iomaíocht a spreagadh agus ionas gur fusa a bheidh sé do chuideachtaí infheistiú i mbonneagar nua, lena n-áirítear i limistéir iargúlta. Leis an sainordú cuirtear ar chumas na n-údarás an leibhéal rialaithe a laghdú go pointe áirithe i gcásanna ina bhfuil margaí iomaíocha ann ach tugtar isteach coimircí nuair is gá iad le háirithiú nach mbaintear an bonn ó rialáil éifeachtach an mhargadh.
Coinníonn an Chomhairle an croí-chur chuige rialaithe atá bunaithe ar ‘cumhacht shuntasach sa mhargadh’ (SMP), cur chuige a léirigh a luach thar na blianta agus margaí á n-oscailt d’iontrálaithe nua aige. Mar sin féin, agus gníomhaithe sa mhargadh ag éirí níos casta, ní leor é rialáil SMP ina haonair chun iomaíocht a áirithiú i ngach cás. Comhlánófar rialacha SMP dá bhrí sin le rialáil shiméadrach ar na soláthróirí uile líonraí cumarsáide leictreonaí i gcásanna áirithe. Ina theannta sin, leis an sainordú ón gComhairle tugtar isteach roinnt uirlisí breise lena gcuirfear ar chumas na n-údarás náisiúnta rialála aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn i gcásanna áirithe sa mhargadh, amhail dálaí dé-oplacha.
Thug ambasadóirí na mBallstát an sainordú ag cruinniú de Choiste na mBuanionadaithe (Coreper I).
Táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú “trípháirteach’ leis an bParlaimint ar siúl faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair, má dheimhníonn an Pharlaimint ag an gcéad seisiún iomlánach eile a bheidh aici gur féidir sin.
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
- @timmermansniels
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024