"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An gníomh um amhábhair chriticiúla: seasamh caibidlíochta glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle a seasamh (‘sainordú caibidlíochta’) maidir leis an rialachán atá beartaithe lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe na n-amhábhar criticiúil a áirithiú, rialachán ar a dtugtar an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla. Leis an rialachán seo, baintear leas as láidreachtaí an Mhargaidh Aonair agus as comhpháirtíochtaí chun slabhraí soláthair amhábhar criticiúil a éagsúlú, slabhraí a bhíonn ag brath faoi láthair ar allmhairí ó dhornán tríú tíortha.
Sa seasamh ón gComhairle, ardaítear leibhéal na huaillmhéine maidir le hamhábhair athchúrsáilte agus phróiseáilte, neartaítear na critéir inbhuanaitheachta, oiriúnaítear an próiseas deonaithe ceadanna agus fiosraítear na hoibleagáidí ar na Ballstáit chun a chinntiú go gcuirfear na staideanna éagsúla atá acu san áireamh.
I gcás na n-amhábhar, is mór an difear do chinniúint na hEorpa a dhéanfaidh dornán beag tríú tíortha. Leis an nGníomh um Amhábhair, ba mhian linn uathriail a athbhunú ar bhealach fíor-Eorpach: ár mianraí a bhaint go hinbhuanaithe; athchúrsáil a dhéanamh a mhéid is féidir linn agus oibriú i gcomhpháirtíocht le tríú tíortha atá ar aon intinn linn chun forbairt agus inbhuanaitheacht na dtíortha sin a chur chun cinn, agus na slabhraí soláthair againne féin á gcinntiú ag an am céanna.
Ebba Busch, Aire Fuinnimh, Gnó agus Tionscail agus Leas-Phríomh-Aire na Sualainne
Soláthar intíre agus idirnáisiúnta a chinntiú
Sa rialachán atá beartaithe déantar iniúchadh ar ghnéithe inmheánacha agus seachtracha na saincheiste chun soláthar amhábhar atá ríthábhachtach dár ngeilleagar a chinntiú, go háirithe le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Leagadh síos ceithre chuspóir sa togra ón gCoimisiún chun an rannchuidiú Eorpach i gcás na n-amhábhar a mhéadú:
10% ar a laghad de thomhaltas bliantúil an Aontais le teacht ó eastóscadh san Aontas
40% ar a laghad de thomhaltas bliantúil an Aontais le teacht ó phróiseáil san Aontas
15% ar a laghad de thomhaltas bliantúil an Aontais le teacht ó athchúrsáil tí
i gcás gach amhábhair straitéisigh, cion nach mó ná 65% de thomhaltas bliantúil an Aontais ag aon chéim ábhartha den phróiseáil le teacht ón aon tríú tír amháin
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, bunaítear leis an rialachán liosta de 34 amhábhar chriticiúla, 16 amhábhar a mheastar go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo san áireamh, agus roinnt beart chun na rioscaí a bhaineann leis na spleáchais atá againn faoi láthair a laghdú. Áirítear ar na bearta sin nósanna imeachta ceadaithe a shimpliú do thionscadail a mheastar a bheith straitéiseach, lena ngabhann pointí teagmhála náisiúnta ainmnithe, anailís riosca, pleananna taiscéalaíochta na mBallstát, infheistíocht i dtaighde, nuálaíocht agus scileanna, agus an comhshaol a chosaint trí chiorclaíocht agus inbhuanaitheacht na n-amhábhar a chur chun cinn.
Ar an leibhéal domhanda, sainaithnítear bearta sa rialachán chun allmhairí na n-amhábhar criticiúil a éagsúlú. Ar na bearta sin tá rannpháirtíocht a neartú agus comhpháirtíochtaí a chruthú le tíortha iontaofa chun a bhforbairt a chur chun cinn, agus slabhraí soláthair le haghaidh na hEorpa á n-áirithiú ag an am céanna.
Bunaítear leis an rialachán comhlacht comhairleach dar teideal an Bord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla chun comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le tionscadail straitéiseacha a roghnú agus maidir le gnéithe eile den rialachán.
An seasamh ón gComhairle
Cé go n-aontaíonn an Chomhairle le cuspóirí an togra ón gCoimisiún, molann sí roinnt feabhsuithe chun cásanna éagsúla na mBallstát a chur san áireamh. Déantar an méid seo a leanas, go háirithe:
ardaítear leibhéal na huaillmhéine maidir leis an acmhainneacht phróiseála agus athchúrsála: ó 40 go 50% le haghaidh próiseála agus ó 15 go 20% le haghaidh athchúrsála
luaitear báicsít/alúmana/alúmanam mar amhábhair straitéiseacha chriticiúla.
iarrtar go ndéanfaí nuashonrú níos minice ar liosta na n-amhábhar criticiúil straitéiseach (gach 3 bliana ar a laghad, in ionad gach 4 bliana)
treisítear bearta náisiúnta maidir le hinbhuanaitheacht agus ciorclaíocht, mar shampla:
méadaítear athúsáid táirgí a bhfuil ardacmhainneacht iontu chun amhábhair a aisghabháil
tugtar dreasachtaí d’aisghabháil amhábhar criticiúil tánaisteach ó dhramhaíl
sainaithnítear saoráidí dramhaíola eastóscacha inar féidir amhábhair thánaisteacha a aisghabháil
cuirtear chun cinn aisghabháil maighnéad ó tháirgí ag deireadh a saolré
agus aird chuí á tabhairt ar chórais éagsúla riaracháin gach tíre, ceadaítear do na Ballstáit pointe teagmhála amháin nó roinnt pointí teagmhála a ainmniú (mar shampla sna réigiúin). Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit cabhrú le tionscnóirí na dtionscadal na pointí teagmhála ainmnithe a shainaithint ar shuíomh gréasáin ad hoc
éascaíonn sé nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh tionscadail straitéiseacha
eisíonn sé na Ballstáit sin nach bhfuil coinníollacha ábhartha geolaíocha acu, agus a chuireann fianaise air sin ar fáil, ón oibleagáid cláir náisiúnta taiscéalaíochta a sheoladh
áirithíonn sé oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh trí oibleagáidí faireacháin níos déine i dtaca le hiomaíocht agus le saorghluaiseacht na n-amhábhar
ar deireadh, soiléiríonn sé róil an Bhoird Amhábhar Criticiúil, rud a fhágfaidh go mbeidh sé ag teacht níos dlúithe le comhlachtaí comhchosúla eile (i.e. Bord an Ghnímh Eorpach um Shliseanna). Cruthaíonn sé foghrúpa laistigh den bhord freisin chun saincheisteanna a bhaineann le heolas an phobail agus glacadh le tionscadail amhábhar criticiúil a phlé agus foghrúpa eile chun plé a dhéanamh ar bhearta chun ciorclaíocht, éifeachtúlacht acmhainní agus ionadú amhábhar criticiúil a chur chun cinn
Na chéad chéimeanna eile
Leis an sainordú a comhaontaíodh, cuirtear an seasamh caibidlíochta ón gComhairle ar bhonn foirmiúil. Tugann sé sainordú d’Uachtaránacht na Comhairle le haghaidh na caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa, caibidlíocht a thosóidh a luaithe a bheidh a seasamh féin glactha aici.