Skip to content

Cosaint tomhaltóirí

Le beartais agus rialacha an Aontais, déantar tomhaltóirí Eorpacha a cheannaíonn earraí agus seirbhísí san Aontas a chosaint agus a chumhachtú.

Cearta siopadóireachta

Cinntítear le rialacha an Aontais, agus earraí agus seirbhísí á gceannach ag tomhaltóirí áit ar bith san Aontas, nach mór an méid seo a leanas a chur ar fáil dóibh:

  • eolas soiléir, ceart agus intuigthe
  • eolas faoin bpraghas iomlán, lena n-áirítear na cánacha ar fad agus aon táillí breise

Ní cheadaítear do thrádálaithe san Aontas táille bhreise a ghearradh as cártaí creidmheasa nó cártaí dochair a úsáid.

Ráthaíocht agus an ceart chun tarraingt siar

Tugtar ráthaíocht 2 bhliain, ar a laghad, i gcás gach earra. Má tharlaíonn sé go bhfuil an t-earra a ceannaíodh lochtach nó nach bhfuil sé mar a ndearnadh fógraíocht faoi, ní mór don trádálaí é a dheisiú, é a athsholáthar, an praghas a laghdú nó aisíocaíocht iomlán a thairiscint.

Agus táirgí nó seirbhísí á gceannach ag ceannaitheoirí ar líne nó lasmuigh de shiopa, tá sé de cheart ag ceannaitheoirí an t-ordú a chealú agus é a thabhairt ar ais laistigh de 14 lá, gan aon údar a bheith leis. Tá feidhm ag roinnt díolúintí (e.g. táirgí pearsantaithe, áirithintí óstáin).

Táirgí neamhshábháilte agus neamhdhleathacha

Sábháilteacht táirgí

I mí Aibreáin 2023, ghlac an Chomhairle an rialachán ginearálta maidir le sábháilteacht táirgí, arb é is aidhm dó:

  • a chinntiú nach gcuirtear ach táirgí sábháilte ar an margadh Eorpach
  • é a dhéanamh níos éasca do thomhaltóirí táirgí nach bhfuil sábháilte a dheisiú, a thabhairt ar ais nó a athsholáthar
  • faireachas margaidh a chuíchóiriú agus a chinntiú go mbainfidh margaí ar líne táirgí contúirteacha óna n-ardáin

Sábháilteacht bréagán

Tá an tAontas ag obair ar na rialacha a thabhairt cothrom le dáta chun sábháilteacht bréagán a mhéadú.

I mí Iúil 2023, mhol an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an chosaint ar cheimiceáin dhíobhálacha a mhéadú, go háirithe tríd an toirmeasc ar cheimiceáin a aicmítear mar cheimiceáin atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh (ceimiceáin CMR) a leathnú go ceimiceáin chontúirteacha eile ar nós suaiteoirí inchríneacha
  • pas táirge digiteach a thabhairt isteach ina mbeidh faisnéis faoi shábháilteacht an bhréagáin, chun líon na mbréagán neamhshábháilte a dhíoltar san Aontas a laghdú, go háirithe ar líne

An ríomhthráchtáil

In 2022, chuir an tAontas bailchríoch ar reachtaíocht nua chun earraí neamhdhleathacha agus góchumtha a chomhrac sa spás digiteach.

Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, coinneofar úsáideoirí ar líne slán ó earraí, ábhar nó seirbhísí neamhdhleathacha, trí shraith freagrachtaí agus cuntasacht shoiléir a bhunú do ghnólachtaí ar líne atá ag feidhmiú san Aontas – gan beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe.

Tá an prionsabal simplí: ba cheart go mbeadh an méid atá neamhdhleathach as líne neamhdhleathach ar líne freisin.

An t-aistriú glas

Tomhaltóirí a chumhachtú

Is mian leis an Aontas cosc a chur ar chuideachtaí maímh mhíthreoracha a dhéanamh maidir le fiúntas comhshaoil a dtáirgí agus a seirbhísí.

An 20 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle treoir chun tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas.

A bhuí leis na bearta nua, déanfaidh tomhaltóirí an Aontais an méid seo a leanas:

  • rochtain a fháil ar fhaisnéis iontaofa chun na roghanna glasa cearta a dhéanamh
  • cosaint níos fearr a fháil ar mhaímh ghlasa éagóracha
  • a bheith níos eolaí ar indeisitheacht táirgí sula gceannaítear iad

An ceart chun deisiúcháin

Ba mhaith leis an Aontas a chinntiú go mbeidh tomhaltóirí in ann deisiú a lorg seachas táirge a athsholáthar nuair a bhristear táirge nó nuair a bhíonn sé lochtach.

An 30 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle an treoir maidir leis an gceart chun deisiúcháin.

Áirítear sa treoir tacar nua ceart agus uirlisí do thomhaltóirí, agus is iad sin:

  • ceart do thomhaltóirí a iarraidh ar mhonaróirí táirgí atá indeisithe go teicniúil faoi dhlí an Aontais a dheisiú (mar shampla, meaisíní níocháin, folúsghlantóirí nó fóin phóca)
  • foirm Eorpach um fhaisnéis faoin deisiúchán saor in aisce a chruthú
  • comhar-ardán deisiúcháin ar líne a bhunú chun tomhaltóirí a nascadh le deisitheoirí
  • síneadh 12 mhí a chur le tréimhse dhliteanais an díoltóra tar éis táirge a dheisiú

Cearta teileachumarsáide

Fón póca a úsáid i mBallstát eile

Agus iad ag taisteal lasmuigh dá dtír dhúchais, cuireann rialacha an Aontais maidir le fánaíocht agus inaistritheacht ábhair ar chumas mhuintir na hEorpa:

  • glaonna a dhéanamh, teachtaireachtaí téacs a sheoladh agus scimeáil ar an ngréasán gan formhuirir
  • rochtain a fháil ar a gcuid seirbhísí ábhair ar líne (e.g. teilifís ar líne, ríomhleabhair, cluichí, ceol)

I mí Aibreáin 2022, d’fhormheas an tAontas an síneadh ar scéim ‘fánaíocht ar tháillí baile’ go dtí 2032.

An chumarsáid laistigh den Aontas

Le rialacha teileachumarsáide an Aontais, cinntítear go gcuirtear uasteorainn leis na muirir uasta (CBL le cur san áireamh) maidir le glaonna agus teachtaireachtaí téacs chuig Ballstát eile ón mbaile.

Cosaint sonraí

Le rialachán ginearálta an Aontais maidir le cosaint sonraí (RGCS), tugtar cearta éagsúla do dhaoine aonair (e.g. rochtain ar shonraí, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh), rud a thugann smacht dóibh ar a gcuid sonraí pearsanta.

Táirgí airgeadais

Le rialacha an Aontais, sainítear cearta bunúsacha nuair a úsáidtear táirgí agus seirbhísí airgeadais, mar shampla:

  • cuntas bainc a oscailt
  • airgead a aistriú
  • infheistíocht a dhéanamh
  • iasacht mhorgáiste nó creidmheas tomhaltóra a thógáil amach
  • plean pinsin a bhunú

Cearta taistil

Cearta paisinéirí

Cinntítear le rialacha an Aontais go gcosnófar paisinéirí atá ag taisteal d’aer, d’iarnród, ar long nó ar bhus san Aontas sna cásanna seo a leanas:

  • cealú
  • moill tráth an imeachta
  • teacht isteach déanach
  • bagáiste caillte nó a bhfuil damáiste déanta dó
  • gortú le linn an turais

Féadfaidh an soláthraí taistil aisíocaíocht iomlán nó pháirteach, athródú, atháirithint, bia, lóistín nó cúiteamh a thairiscint ag brath ar na himthosca.

Cosaint chonsalach

Tá saoránaigh an Aontais i dteideal cabhair a lorg ó ambasáid nó ó chonsalacht Ballstáit eile má bhíonn cúnamh de dhíth orthu lasmuigh den Aontas, mar shampla i gcásanna mar a leanas:

  • gabháil nó coinneáil
  • timpiste thromchúiseach
  • breoiteacht thromchúiseach nó bás
  • tubaiste nádúrtha nó corraíl pholaitiúil
  • pas nó doiciméid taistil a chailliúint

Díospóidí tomhaltóirí a réiteach

I gcás fadhbanna agus táirgí nó seirbhísí á gceannach ag tomhaltóirí i dtír eile de chuid an Aontais, is féidir le tomhaltóirí iarracht a dhéanamh an díospóid a réiteach:

  • socraíocht neamhfhoirmiúil: go díreach leis an trádálaí, nó trí eagraíocht tomhaltóirí
  • sásraí um réiteach malartach díospóidí: e.g. idirghabhálaithe, ombudsman, bord gearán, suíomh gréasáin an Aontais chun díospóidí a réiteach ar líne
  • gníomhaíocht dhlíthiúil fhoirmiúil: tríd an nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga agus tríd an ordú íocaíochta Eorpach

An 25 Meán Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle a seasamh maidir le bearta chun réiteach díospóidí a éascú.

Is éard is réiteach malartach díospóidí (RMD) ann sásraí lenar féidir le tomhaltóirí a ndíospóidí le cuideachtaí a réiteach sula dtéann siad chun na cúirte.

Is é is aidhm don phacáiste beart chun an treoir RMD a chur in oiriúint do dhúshláin an domhain dhigitigh:

  • cleachtas éagórach nua a chumhdach (e.g. fógraíocht mhíthreorach nó geobhlocáil nach bhfuil údar léi)
  • na sásraí sin a dhéanamh níos éasca le húsáid, níos tapúla agus níos tarraingtí do thomhaltóirí agus do chuideachtaí araon

Déanfaidh Uachtaránacht na Comhairle an téacs críochnaitheach a chaibidil le Parlaimint na hEorpa.

An 19 Samhain 2024, ghlac an Chomhairle rialachán chun an t‑ardán Eorpach um réiteach díospóidí ar líne a dhúnadh toisc nach féidir na costais phoiblí agus phríobháideacha is gá chun é a choinneáil ar bun a chosaint le leibhéal feidhmíochta an ardáin.

In 2020, shínigh an tAontas treoir maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí laistigh den Aontas a chosaint. Leis an gcomhaontú, tugtar an ceart do thomhaltóirí an Aontais cosaint bhreithiúnach éifeachtach a lorg i dteannta a chéile nuair a dhéanann trádálaithe díobháil do thomhaltóirí trí dhlíthe an Aontais a shárú.

Clár oibre nua do thomhaltóirí

I mí na Samhna 2020, mhol an Coimisiún Eorpach clár oibre nua do thomhaltóirí, ina bhfuil fís iomlánaíoch do bheartas tomhaltóirí an Aontais ó 2020 go 2025. Díríonn sé ar chúig phríomhréimse tosaíochta:

  • an t-aistriú glas
  • an claochlú digiteach
  • cearta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú go héifeachtach
  • riachtanais shonracha grúpaí áirithe tomhaltóirí
  • an comhar idirnáisiúnta

I mí Feabhra 2021, ghlac an Chomhairle tacar conclúidí maidir leis an gclár oibre, ina ndearnadh an méid seo a leanas:

  • rinneadh iarracht treoir pholaitiúil a sholáthar
  • leagadh béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na dtomhaltóirí maidir le beartais de chuid an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach
  • rinneadh tagairt don tábhacht a bhaineann le muinín na dtomhaltóirí as téarnamh eacnamaíoch a spreagadh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19

Ina theannta sin, ba dhíol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna, mar shampla:

  • an ‘ceart chun deisiúcháin’
  • cosaint tomhaltóirí ar líne agus as líne
  • sábháilteacht táirgí
  • cosc a chur ar rófhéichiúnas