Skip to content

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Sa Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, cinntítear aontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh.

Is í an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha atá freagrach as beartas eachtrach an Aontais, agus is inti a bhainistítear caidreamh taidhleoireachta an Aontais ar an leibhéal domhanda.

Sa Chomhairle seo, déantar cinntí maidir le cúrsaí slándála agus cosanta, tugtar comhaontuithe trádála i gcrích agus bunaítear comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta.

Dearadh grafach den Domhan. Ar thaobh na láimhe deise, tá réaltaí bhratach an Aontais.

Réimsí oibre na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Déantar cinntí sa Chomhairle darb aidhm tionscal cosanta agus cumas míleata an Aontais, agus bearta eile a bhaineann leis an gcosaint, a neartú.

Beachtaítear seasamh an Aontais maidir leis an trádáil dhomhanda; tá ról ríthábhachtach aici i gcomhaontuithe trádála le tíortha agus réigiúin nach bhfuil san Aontas.

Leagtar amach beartas an Aontais maidir le comhar agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear tríd an Tairseach Dhomhanda.

Cinntítear freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna domhanda, mar shampla, cogadh na Rúise ar an Úcráin agus na géarchéimeanna in Gaza, san Afganastáin, i Veiniséala agus sa tSúdáin.

Glactar smachtbhannaí lena ndírítear ar dhuine nó ar dhaoine agus ar eintitis atá freagrach as gníomhaíochtaí áirithe, mar shampla, gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta nó gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

Cuirtear cearta an duine chun cinn ar fud an domhain, leagtar amach tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais ag fóraim de chuid na Náisiún Aontaithe agus glactar smachtbhannaí i bhfianaise sáruithe ar chearta an duine.

Le déanaí, pléadh

Léarscáil stílithe den Úcráin i ndathanna bhratach na hÚcráine. Ar thaobh na láimhe deise, tá réaltaí bhratach an Aontais.
Cogadh na Rúise ar an Úcráin

Cogadh na Rúise ar an Úcráin

An Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh

An Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh

Ullmhacht cosanta na hEorpa

Ullmhacht cosanta na hEorpa

A bhfuil i gceist leis an gComhairle Gnóthaí Eachtracha

Tagann airí sin na mBallstát atá freagrach as gnóthaí eachtracha, an chosaint, an trádáil nó an fhorbairt le chéile don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. Ag brath ar an gclár oibre, tagann sí le chéile i gceithre chomhdhéanamh éagsúla.

Gnóthaí Eachtracha

Airí gnóthaí eachtracha na mBallstát atá ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha. Tagann sí le chéile thart ar uair sa mhí, sa Bhruiséil den chuid is mó agus cúpla uair sa bhliain i Lucsamburg. Déanann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála cathaoirleacht ar an gComhairle seo. Tagann na hairí gnóthaí eachtracha le chéile faoi dhó sa bhliain le haghaidh cruinniú neamhfhoirmiúil, ar a dtugtar ‘Gymnich’.

An Chosaint

Airí cosanta an Aontais atá sa Chomhairle seo cé go bhféadfadh sé tarlú gurb iad na hairí gnóthaí eachtracha iad i roinnt de na Ballstáit. Tagann sí le chéile uair amháin gach 6 mhí, ar a laghad, agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a dhéanann cathaoirleacht uirthi.

An Trádáil

Airí trádála an Aontais atá sa Chomhairle seo cé go bhféadfadh sé tarlú gurb iad na hairí gnóthaí eachtracha nó na hairí geilleagair iad i roinnt de na Ballstáit. Tagann sí le chéile uair amháin gach 6 mhí, ar a laghad, agus is í uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh a dhéanfaidh cathaoirleacht air. Anuas air sin, tagann sí le chéile ar imeall chruinniú aireachta bliantúil na hEagraíochta Domhanda Trádála.

An Fhorbairt

Airí forbartha an Aontais atá sa Chomhairle seo cé go bhféadfaidh sé tarlú gurb iad na hairí gnóthaí eachtracha iad i roinnt de na Ballstáit. Tagann sí le chéile uair amháin gach sé mhí, ar a laghad, agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a dhéanfaidh cathaoirleacht air.

Cuirtear chun feidhme na treoirlínte straitéiseacha a leagann an Chomhairle Eorpach amach in ábhair a bhaineann le gnóthaí eachtracha. Glacann coimisinéirí ábhartha an Choimisiún Eorpaigh páirt sna cruinnithe freisin.

Is iad comhaltaí Coreper – buanionadaithe na 27 mBallstát – le tacaíocht ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus thart ar 30 meitheal speisialaithe a ullmhaíonn obair na Comhairle Gnóthaí Eachtracha.

Cathaoirleacht ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha

Stiúrann an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais agus is é an tArdionadaí freisin a dhéanann cathaoirleacht ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha.

Is í Kaja Kallas an tArdionadaí reatha. Is í an tArdionadaí freisin leasuachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus ceann na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí – seirbhís taidhleoireachta an Aontais.

Kaja Kallas ag an bpóidiam preasa.
An tArdionadaí Kaja Kallas

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Meitheamh 2026