"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 8 Meitheamh 2026
Na príomhthorthaí
Ag cruinniú an lae inniu, leagadh béim freisin ar thiomantas comhroinnte na mBallstát iomaíochas, athléimneacht agus inbhuanaitheacht earnáil iompair na hEorpa a neartú. Baineadh an-tairbhe as plé an lae inniu; glacadh conclúidí maidir le straitéis Eorpach um chalafoirt, rinneadh plé ar thodhchaí an iompair tar éis 2030 agus rinneadh breis oibre agus dul chun cinn ar a mbaineann le feithiclí corparáideacha glana. Sna míreanna uile a bhí faoi chaibidil, díríodh ar na dálaí cearta a chruthú don infheistíocht, don nuálaíocht agus do ghréasáin iompair éifeachtúla, rud a chuideoidh leis an margadh aonair a dhoimhniú agus leis an nascacht a neartú ar fud na hEorpa.
Alexis Vafeades, Aire Iompair, Cumarsáide agus Oibreacha Phoblacht na Cipire
Rinneadh obair mhaith inniu agus is céim mhór chun cinn iad formheas na gconclúidí maidir leis an straitéis mhuirí thionsclaíoch chun tábhacht straitéiseach agus barr feabhais domhanda thionscal muirí na hEorpa a aithint. Léirítear iontu fís chomhroinnte an Aontais agus tiomantas sin againne d’earnáil mhuirí láidir, nuálach inbhuanaithe a choinneáil ar bun lena spreagfar fás eacnamaíoch, lena n-áiritheofar nascacht ríthábhachtach, lena neartófar an tslándáil choiteann agus a mbeidh ról ríthábhachtach aici in iarrachtaí dícharbónaithe an Aontais Eorpaigh.
Marina Hadjimanolis, Leas-Aire Loingseoireachta Phoblacht na Cipire
Feithiclí corparáideacha glana
Chuir an Uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn i láthair i ndáil leis an rialachán maidir le feithiclí corparáideacha glana. Is é is aidhm don togra, atá mar chuid den phacáiste maidir le mótarfheithiclí, spriocanna náisiúnta a bhunú don sciar íosta de ghluaisteáin paisinéirí agus veaineanna saothair éadroim astaíochtaí nialasacha agus ísle i measc clárúcháin nua feithiclí corparáideacha ag cuideachtaí móra i ngach Ballstát. Leagtar amach ann freisin modheolaíocht chun comhlíonadh na spriocanna sin a ríomh.
Thacaigh na Ballstáit tríd is tríd leis an gcuspóir flíteanna feithiclí corparáideacha a dhícharbónú. Tuigtear an ról atá acu maidir le dlús a chur le glacadh feithiclí níos glaine agus maidir le soláthar feithiclí astaíochtaí nialasacha athláimhe a mhéadú. Chuir roinnt de na Ballstáit in iúl go raibh imní orthu féin faoi shaincheisteanna faoi leith sa togra, mar atá na spriocanna ceangailteacha. D’iarr siad go leanfadh na Ballstáit de sholúbthacht leordhóthanach a bheith acu agus na dreasachtaí nó na bearta is iomchuí á sainiú acu chun dlús a chur le glacadh feithiclí leictreacha ag cuideachtaí. Chuir roinnt Ballstát eile in iúl go raibh imní orthu féin faoi na spriocanna ceangailteacha atá beartaithe do na fiontair bheaga agus mheánmhéide agus faoin ualach riaracháin a bhainfeadh le ceanglais tuairiscithe agus bailithe sonraí. Tá riar mór Ballstát i bhfabhar bearta dreasachtbhunaithe, amhail dreasachtaí cánach náisiúnta seachas oibleagáidí éigeantacha.
Leagadh béim freisin ar a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas leis an mórphacáiste ar mhótarfheithiclí a chinntiú, an neodracht theicneolaíoch a choinneáil, agus na difríochtaí i gcúinsí náisiúnta a áireamh, fáil ar bhonneagar san áireamh.
Iarrachtaí dícharbónaithe in earnáil an iompair tar éis 2030
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle i dtaca le hiarrachtaí dícharbónaithe in earnáil an iompair tar éis 2030. Rinneadh plé ar na nuashonruithe ar chreat dlíthiúil an Aontais chun an t-iompar a dhícharbónú, tar éis an leasaithe a rinneadh le déanaí ar an dlí aeráide Eorpach agus tar éis ghlacadh na sprice chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 90% faoi 2040. Tá an plé seo tráthúil go maith, i bhfianaise na n-athbhreithnithe atá beartaithe in 2026 agus 2027 ar an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIR), ar an Rialachán ‘ReFuelEU Aviation’ agus ar an Rialachán FuelEU Maritime.
Thacaigh na Ballstáit tríd is tríd le dícharbónú na hearnála iompair; leag siad béim, ag an am céanna, ar an ngá atá leis an iomaíochas a choinneáil ar bun agus an sceitheadh ón ngeilleagar carbóin a sheachaint. Tá an-fhonn orthu go mbeadh timpeallacht rialála chobhsaí intuartha ann chun an infheistíocht a spreagadh.
Luaigh roinnt de na toscaireachtaí nár mhór méadú a dhéanamh ar tháirgeadh agus úsáid breoslaí inbhuanaithe – go háirithe i gcás na heitlíochta agus an mhuiriompair – chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Leag roinnt Ballstát eile béim ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhéanamh sna breoslaí seo.
Feictear do roinnt mhaith Ballstát go bhfuil sé riachtanach iompar lasta agus paisinéirí a chur i dtreo an iarnróid chun astaíochtaí a laghdú, an nascacht a fheabhsú, an torann agus an truailliú a mhaolú. Meastar gur spreagadh tábhachtach don dícharbónú iad nuachóiriú an bhonneagair iarnróid agus deireadh a chur le bacainní ar iarnród ardluais.
Meastar freisin gur príomhchonair é leictriú an iompair de bhóthar (feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair araon), ach leag roinnt de na Ballstát béim ar a thábhachtaí atá an neodracht theicneolaíoch agus tacú le breoslaí malartacha, hidrigin san áireamh, chun an spleáchas a sheachaint.
Leagadh béim ar a thábhachtaí atá an t-athbhreithniú ar an gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA), agus iarradh go mbeadh cur chuige cothrom ann maidir le trádáil astaíochtaí agus dícharbónú. D’iarr roinnt de na Ballstáit freisin go ndéanfaí athbhreithniú stuama ar an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIR), agus acmhainneacht eangaí agus srianta réigiúnacha á gcur san áireamh.
Ar deireadh, luaigh roinnt de na Ballstáit an tábhacht a bhain leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú, go háirithe i bhfianaise na staide geopholaitiúla.
Straitéis mhuirí thionsclaíoch an Aontais Eorpaigh agus an straitéis Eorpach um chalafoirt
Ghlac na Ballstáit dhá thacar conclúidí, ceann amháin ar straitéis mhuirí thionsclaíoch an Aontais agus an ceann eile ar an straitéis Eorpach um chalafoirt.
Is plean gníomhaíochta struchtúrtha í an straitéis mhuirí thionsclaíoch arb é is aidhm di ceannaireacht mhuirí na hEorpa a neartú trí longthógáil ardteicneolaíochta, soithí tacaíochta gaoithe amach ón gcósta, dróin faoi uisce, agus trealamh calafoirt ceannródaíoch a chur chun cinn.
Sna conclúidí, tuigtear do na Ballstáit gur bunchloch de bhonn tionsclaíoch na hEorpa í an earnáil mhuirí agus leagann siad béim ar an ról ríthábhachtach atá aici maidir leis na slabhraí soláthair a chosaint, tacú leis an aistriú glan agus ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais a neartú. Tuigtear freisin saintréithe éagsúla náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na dtionscal monaraíochta agus loingseoireachta mhuirí san Aontas agus, anuas air sin, tosaíochtaí éagsúla na mBallstát.
Ina dhiaidh sin ansin, ghlac na Ballstáit conclúidí maidir leis an straitéis Eorpach um chalafoirt. Is é is aidhm don straitéis Eorpach um chalafoirt tionscnaimh a aontú chun iomaíochas a neartú, tacú leis an aistriú fuinnimh, agus slándáil a chinntiú ar fud na 283 chalafort agus 223 chalafort intíre i ngréasán TEN-T.
Sna conclúidí, dearbhaítear an ról ríthábhachtach atá ag calafoirt maidir le huathriail straitéiseach an Aontais a neartú, slabhraí soláthair criticiúla a dhaingniú, dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus ceannaireacht dhomhanda na hEorpa san uisce-iompar a choinneáil ar bun.
Leagann na Ballstáit féin béim ar a thábhachtaí atá sé a chinntiú go gcuirfear an straitéis chun feidhme go héifeachtúil agus go comhréireach. Iarrann siad ar an gCoimisiún Eorpach éifeachtacht na struchtúr comhordúcháin agus rialachais atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a mheas agus, i gcás inar gá, sásraí nua a bhunú chun tacú leis an gcur chun feidhme.
Faoi aon ghnó eile, chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin ngéarchéim sa Mheánoirthear agus staid na himeartha maidir le bearta comhordúcháin agus freagartha in earnáil an iompair, mar obair leantach ar an bhfíschomhdháil neamhfhoirmiúil a bhí ag na hairí iompair i mí Aibreáin seo caite.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin faoi staid na himeartha i ndáil leis na tograí reachtacha atá ann faoi láthair, amhail an treoir maidir leis na toisí údaraithe uasta agus na meáchain údaraithe uasta d’fheithiclí bóthair áirithe, an tsoghluaisteacht mhíleata, an Eoraifínéad, an pacáiste ródacmhainneachta agus na rialacháin maidir le cearta aerphaisinéirí agus forfheidhmiú ceart paisinéirí san Aontas. Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin bpacáiste paisinéirí a cuireadh i láthair le déanaí.
Chuir Uachtaránacht nua na hÉireann an clár oibre don 6 mhí atá romhainn i láthair.
Míreanna eile faoi aon ghnó eile:
an Bheilg agus úsáid ERTMS (an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid): tús áite don chobhsaíocht, don tsimplíocht agus don idir-inoibritheacht
an Ghréig agus simpliú agus luathú na nósanna imeachta maidir le deimhniú agus údarú ar chórais iarnróid ar leibhéal an Aontais chun dlús a chur le himscaradh an Chóras Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS)
Poblacht na Seice agus iomaíochas an iompair lasta iarnróid Eorpaigh
an Ostair agus cur chuige straitéiseach do thionscal iarnróid na hEorpa
an Spáinn agus iomaíochas thionscal iarnróid an Aontais
an Ostair agus an Ísiltír agus an séú tuarascáil ar an dul chun cinn i ndáil leis an Ardán um Iompar Idirnáisiúnta Paisinéirí d’Iarnród
an Coimisiún agus an t-athrú séasúrach ama
an Coimisiún agus an tionscnamh maidir le conair iompair ghlain
an Coimisiún agus tionscnamh tástála trasteorann mórscála an Aontais le haghaidh feithiclí uathrialaitheacha
Málta agus iarratas go leanfaí den phlé ar an togra le haghaidh athbhreithniú ar an treoir maidir le hiompar traschórais
an Ísiltír agus paisinéirí fiáine
an Liotuáin agus bagairtí drón ar bhonneagar agus oibríochtaí iompair shibhialta
an Fhrainc agus foilsiú thuarascáil mheastóireachta an Choimisiún maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais don eitlíocht
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.