Skip to content

Comhaontuithe idirnáisiúnta agus ról na Comhairle

Tuilleadh eolais faoin ról lárnach atá ag an gComhairle maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta le tíortha, réigiúin agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nach bhfuil san Aontas, agus faoin gcúis agus faoin gcaoi a dtugtar na comhaontuithe sin i gcrích.

Comhaontuithe idirnáisiúnta – a mbíonn ar bun ag an gComhairle

Tá ról lárnach ag Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe a chaibidil a agus a thabhairt i gcrích. Beidh sí rannpháirteach ag gach uile chéim den nós imeachta – ainmneoidh sí an t-idirbheartaí (an Coimisiún de ghnáth) ar a mbeidh sainordú don chaibidlíocht, glacfaidh sí cinneadh lena n-údarófar an comhaontú a shíniú agus an cinneadh críochnaitheach maidir le toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal aige.

Den chuid is mó, is le vótáil an tromlaigh cháilithe a dhéanfaidh an Chomhairle na cinntí maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta. Mar sin féin, vótálfaidh sí d’aon toil nuair a bhainfidh an comhaontú le réimse inar gá aontoilíocht chun gníomh Aontais a ghlacadh, cánachas cuir i gcás, agus le haghaidh catagóirí sonracha comhaontuithe, mar shampla na comhaontuithe comhlachais.

Leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh róil institiúidí an Aontais maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích mar aon leis na céimeanna nós imeachta.

Cuidíonn go leor comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle leis na comhaontuithe idirnáisiúnta a ullmhú, a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear Coiste na mBuanionadaithe (Coreper), an Coiste um an mBeartas Trádála agus na meithleacha a dhíríonn ar réimsí sonracha geografacha nó beartais.

An chúis a dtéann an tAontas i mbun comhaontuithe idirnáisiúnta

Tá na comhaontuithe idirnáisiúnta ríthábhachtach don Aontas toisc go gcuirtear cuspóirí beartais agus leasanna eacnamaíocha an Aontais chun cinn agus toisc go neartaítear tionchar domhanda an Aontais trí luachanna an Aontais a chaomhnú ar an leibhéal domhanda.

Cumhdaítear réimse leathan sna comhaontuithe trádála, mar shampla, an trádáil, an comhar agus an fhorbairt, nó pléitear le réimsí sonracha beartais, mar shampla, iascaigh, custam, iompar, eolaíocht agus teicneolaíocht.

Leis na comhaontuithe trádála, cothaítear comhar domhanda agus is uirlis fhíor-riachtanach iad chun an chobhsaíocht, an intuarthacht, an tslándáil agus an chothroime a choinneáil ar bun ar fud an domhain. Cuidítear leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chaomhnú de réir mar a bhunaítear rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna.

Trí ghníomhú mar aon aonad amháin laistigh den Aontas Eorpach, baineann Ballstáit an Aontais tairbhe as cumhacht chaibidlíochta mhéadaithe agus comhaontuithe á ndéanamh acu le tríú páirtithe.

Cineálacha comhaontuithe idirnáisiúnta

breis agus 1 000 comhaontú caibidlithe agus tugtha i gcrích ag an Aontas le tír amháin nó níos mó nach bhfuil san Aontas, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, mar shampla an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus na Náisiún Aontaithe.

Ar na cineálacha comhaontuithe is coitianta a thugann an tAontas i gcrích, tá:

  • comhaontuithe comhlachais
  • comhaontuithe saorthrádála
  • comhaontuithe comhpháirtíochtaí eacnamaíocha
  • comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair

Feadfaidh an tAontas comhaontú a thabhairt i gcrích:

  • má fhoráiltear amhlaidh sna conarthaí
  • nuair is gá comhaontú a thabhairt i gcrích chun ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a ghnóthú faoi chuimsiú bheartais an Aontais
  • má fhoráiltear do chomhaontú a thabhairt i gcrích i ngníomh Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí
  • más dóigh do chomhaontú a thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do chomhrialacha nó a raon feidhme a athrú

Beidh na comhaontuithe, arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, ina cháil mar dhuine dlítheanach, ina gceangal ar institiúidí agus ar Bhallstáit an Aontais.

Is dlúthchuid de dhlí an Aontais iad agus tagann siad faoi chatagóir dá gcuid féin – ar leithligh ón reachtaíocht phríomha (conarthaí an Aontais) agus ón reachtaíocht thánaisteach (rialacháin agus treoracha). Tá feidhm dhlíthiúil na gcomhaontuithe níos fearr ná feidhm dhlíthiúil na reachtaíochta tánaistí. Ní mór don reachtaíocht thánaisteach, dá bhrí sin, iad a chomhlíonadh.

Comhaontuithe idirnáisiúnta a chur ar fionraí

Ar thogra ón gCoimisiún nó ón Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, féadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh cur i bhfeidhm comhaontaithe idirnáisiúnta a chur ar fionraí go páirteach nó go hiomlán nó comhaontú a fhoirceannadh i bhfianaise staid ar leith.

Áirítear ar roinnt samplaí:

  • an comhaontú um eisiúint víosaí a éascú leis an Rúis a chur ar fionraí mar fhreagairt ar ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin (2022)
  • an comhaontú um eisiúint víosaí a éascú leis an mBealarúis a chur ar fionraí mar fhreagairt ar na hionsaithe hibrideacha a rinneadh faoi réimeas Lukashenka (2021)
  • an comhaontú comhair leis an tSiria a chur ar fionraí go páirteach mar fhreagairt ar sháruithe réimeas na Siria ar chearta an duine (2011)
  • codanna de Chomhaontú Cotonou leis an tSiombáib a bheith curtha ar fionraí i ngeall ar ábhair imní leanúnacha maidir le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta (2010)

Féach freisin

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Feabhra 2026