"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.

Féach ár leathanach beartais maidir le fianáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do shocruithe a athrú.

български español čeština dansk Deutsch eesti Ελληνικά English français Gaeilge hrvatski italiano latviešu lietuvių magyar Malti Nederlands polski português română slovenčina slovenščina suomi svenska
Skip to content

Cárta Gorm AE: tallann a mhealladh

Tá níos mó agus níos mó iomaíochta ann idir an tAontas agus cinn scríbe eile sa rás domhanda ar thóir daoine cumasacha. Chun oibrithe ardcháilithe a mhealladh agus a choimeád — go háirithe in earnálacha ina bhfuil ganntanas scileanna — nuashonraigh an tAontas an treoir maidir leis an gcárta gorm i mí Dheireadh Fómhair 2021.

Leis na rialacha nua, déanfar comhchuibhiú breise ar na coinníollacha iontrála agus cónaithe d’oibrithe ardcháilithe as tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus méadófar ar a tharraingtí atá cárta gorm AE.

Tá na Ballstáit in ann scéimeanna náisiúnta a choinneáil d’oibrithe ardcháilithe maille le scéim chárta gorm AE. Mar sin féin, leis na rialacha nua seo, tugtar isteach roinnt forálacha chun a chinntiú nach mbeidh sealbhóirí an chárta ghoirm agus a dteaghlaigh faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le sealbhóirí na gceadanna náisiúnta.

Mínítear sa ghrafaic faisnéise seo cad é cárta gorm AE, cé atá incháilithe agus cad iad na cearta atá ag sealbhóirí an chárta ghoirm.

Grafaic faisnéise: Cárta Gorm AE

Cárta Gorm AE: tallann a mhealladh

Cad é cárta gorm AE?

I gcás oibrithe ardoilte as tríú tír, tig leo iarratas a dhéanamh ar chárta gorm AE ionas gur féidir leo cur fúthu agus fostaíocht a fháil san Aontas Eorpach. Tá feidhm ag an gcárta i dtíortha uile an Aontais, cé is moite den Danmhairg agus Éire.

Cad iad na cearta atá ag sealbhóirí chárta gorm AE?

  • teacht isteach, teacht isteach arís agus fanacht ar chríoch an Bhallstáit ina n-eisítear an cárta
  • rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta sa Bhallstát ina n-eisítear an cárta
  • caithfear leo mar a chaitear le náisiúnaigh an Bhallstáit ó thaobh dálaí oibre, oideachais agus oiliúna, slándála sóisialta, agus ó thaobh rochtain ar sheirbhísí
  • iarratas a dhéanamh ar cheadúnais athaontaithe teaghlaigh do thréimhse den fhad céanna agus tréimhse chárta gorm AE
  • tréimhsí cónaithe a charnadh i mBallstáit éagsúla ionas gurb incháilithe iad le cead cónaithe fadtréimhsigh de chuid an Aontais a fháil

Cad iad na coinníollacha chun iarratas a dhéanamh?

  • conradh oibre bailí nó tairiscint cheangailteach ar fhostaíocht ardcháilíochta dar íostréimhse sé mhí
  • tairiscint ar olltuarastal bliantúil a shásaíonn an tairseach atá leagtha síos ag na Ballstáit
  • i gcás gairmeacha rialáilte: na coinníollacha a chomhlíonadh maidir le cleachtadh na gairme
  • i gcás gairmeacha neamhrialáilte: ardcháilíochtaí ábhartha gairme
  • i gcás oibrithe TF: ardscileanna ábhartha gairme

Cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas faoin gcinneadh laistigh de 90 lá ó cuireadh isteach an t-iarratas.

Cá fhad a bheidh an ceadúnas bailí?

I gcás conradh oibre 2 bhliain nó níos faide: beidh an ceadúnas bailí go ceann tréimhse chaighdeánach a chinneann na mBallstáit (24 mhí ar a laghad).

I gcás conradh oibre níos giorra ná 2 bhliain: beidh an ceadúnas bailí le haghaidh ré an chonartha + 3 mhí (24 mhí ar a mhéad).

An féidir le sealbhóirí an chárta ghoirm bogadh laistigh den Aontas?

Is féidir le sealbhóirí an chárta ghoirm bogadh laistigh den Aontas Eorpach.

Soghluaisteacht ghearrthéarmach: is féidir leo taisteal go tíortha eile den Aontas ar feadh 3 mhí de thréimhse 6 mhí chun gníomhaíocht ghnó a chur i gcrích.

Soghluaisteacht fhadtéarmach: ach bliain amháin a bheith caite acu i mBallstát, féadfaidh siad cónaí agus oibriú i mBallstát eile agus iarratas a dhéanamh ar chárta gorm nua trí nós imeachta gasta simplí.

An bhfuil eisceachtaí ann?

Tig leis na Ballstáit nósanna imeachta a shimpliú d’fhostóirí aitheanta, mar shampla:

  • iarratasóir a dhíolmhú ó cháipéisí áirithe a sholáthar
  • spriocdhátaí níos giorra maidir leis an bhfógra faoin gcinneadh

Ar an Tairseach Eorpach um shoghluaisteacht ó phost go chéile (EURES), tá teacht ar fhorléargas ar fholúntais reatha, leideanna maidir le conas iarratas a dhéanamh ar phost agus eolas faoi dhálaí maireachtála agus oibre i dtíortha uile an Aontais:

An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Eanáir 2023