Trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla
Trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla
Céard is fógraíocht pholaitiúil ar líne ann?
Tá ról lárnach ag an bhfógraíocht pholaitiúil maidir le daoine a chur ar an eolas agus maidir le dul i bhfeidhm ar an gcaoi a gcaitheann siad vóta.
Is minic nach éasca fógra polaitiúil a aithint. Tá tábhacht leis an trédhearcacht, chun go mbeidh a fhios ag lucht féachana céard ar a bhfuil siad ag breathnú.
Úsáidtear méideanna móra sonraí pearsanta a ghintear le feistí digiteacha chun teachtaireachtaí polaitiúla saincheaptha a spriocdhíriú ar vótálaithe.
Is féidir le teicnící fógraíochta polaitiúla ar líne:
- tionchar a imirt ar cheart na saoránach chun príobháideachais
- faisnéis bhréagach a scaipeadh go sciobtha
- an díospóireacht pholaitiúil a ilroinnt
- ionramháil a dhéanamh ar vótálaithe.
Na trí shraith a bhaineann le próifíl ar líne
A roinneann tú: fíorainm, inscne, cairde, ‘is maith liom’ agus freagairtí eile, grianghraif a uaslódáladh, uasdátú ar stádas, imeachtaí ar freastalaíodh orthu, gairm bheatha (dearbhaithe), stádas caidrimh (dearbhaithe), áiteanna ar tugadh cuairt orthu.
A gcuireann a ndéanann tú in iúl dóibh: na suíomhanna gréasáin ar tugadh cuairt orthu, na fógraí ar cliceáladh orthu, líon na n-idirghníomhaíochtaí/na bpostálacha in aghaidh an lae, stair cheannacháin ar líne, gluaiseachtaí luiche a rianaíodh, luas clóscríbhneoireachta, achar ó ghléasanna eile, stair na nglaonna gutháin, staitisticí ar shuíomhanna gréasáin ar tugadh cuairt orthu.
A gceapann an meaisín fút: nós a bhriseadh, caidreamh nua, do mhuintir i gcéin, tuismitheoirí atá ag súil le páiste, aistriú cónaí le déanaí, taistealaithe rialta thar lear, slí mhaireachtála sna bruachbhailte, bia folláin, cluiche a d’imir tú le coicís, seachtain nó 3 lá anuas, tatú nó polladh, nósanna nua ithe.
Foinse: Fondúireacht Panoptykon.
Rialachán na mBallstát i bhfigiúirí
Tá rialacha maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil i ngach ceann de na 27 mBallstát ach:
- níl ach 17 gcinn ann a bhfuil rialacha i bhfeidhm acu sa timpeallacht ar líne
- Níl ach 3 cinn de na 17 mBallstát a bhfuil rialacha acu a bhaineann go sonrach le fógraíocht pholaitiúil
- is éard a dhéanann na 14 Bhallstát eile na rialacha don fhógraíocht pholaitiúil as líne a chur i bhfeidhm sa timpeallacht ar líne.
Foinse: Parlaimint na hEorpa.
Tuilleadh rialacha uile-Aontais chun ionramháil a chosc
Faoi rialacha an Aontais:
- éascaítear na forálacha trasteorann agus maoirseacht ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla
- déantar ionramháil faisnéise agus trasnaíocht eachtrach i dtoghcháin a chomhrac
- déantar díospóireacht oscailte dhaonlathach i mBallstáit an Aontais a chosaint.
Chun trédhearcacht a chinntiú:
- beidh oibleagáidí ar na ngníomhaaithe eacnamaíocha uile a bhfuil baint acu leis an bhfógraíocht pholaitiúil a ullmhú, a fhoilsiú agus a scaipeadh
- ní mór na fógraí a lipéadú amhlaidh agus faisnéis a thabhairt faoi cé a d’íoc astu.
Chun smacht a choinneáil ar spriocdhíriú:
- cuirfear cosc ar spriocdhíriú agus teicnící seachadta fógraí bunaithe ar phróifíliú a bhaineann úsáid as sonraí pearsanta íogair maidir le cúlra cine nó eitneach, gnéaschlaonadh nó tuairimí polaitiúla
- Is faoi réir toiliú sainráite ar leithligh a bheidh úsáid sonraí pearsanta eile agus ní mór na sonraí sin a bhailiú go díreach ón ábhar sonraí.
Fógraíocht pholaitiúil i bhfigiúirí
Léiríonn éabhlóid na fógraíochta polaitiúla na hathruithe a théann i bhfeidhm ar mhargadh na fógraíochta.
Caitheadh $522.5 billiún ar fud an domhain ar an bhfógraíocht pholaitiúil dhigiteach in 2021.
Meastar go gcaithfear $836 billiún uirthi faoi 2026.
Caitheadh €43 mhilliún ar an bhfógraíocht pholaitiúil dhigiteach san Eoraip ar Facebook, Instagram, Google, agus YouTube sna 20 seachtain roimh an toghchán do Pharlaimint na hEorpa in 2019.
Figiúirí an Aontais
Is í an fhógraíocht ar líne an bealach fógraíochta is mó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus gineann sí níos mó ioncaim ná na bealaí eile fógraíochta uile le chéile.
Fógraíocht pholaitiúil a caitheadh ar Google san Eoraip idir Márta 2019 agus Eanáir 2022:
- an Ghearmáin: €5 350 000
- an Ungáir: €2 960 000
- an Ísiltír: €2 430 000
- an Rómáin: €1 930 000
- an tSualainn: €1 530 000
- an Ostair: €1 220 000
- an Iodáil: €1 090 000
- an tSeicia: €749 000
- an Bhulgáir: €749 000
- an Bheilg: €727 000
- an Ghréig: €686 000
- an Spáinn: €681 000
- an Fhionlainn: €674 000
- Málta: €533 000
- an Pholainn: €512 000
- an Chróit: €398 000
- an Fhrainc: €321 000
- an tSlóvaic: €275 000
- an Liotuáin: €265 000
- an Chipir: €234 000
- an Eastóin: €154 000
- an Laitvia: €140 000
- an tSlóivéin: €109 000
- an Phortaingéil: €41 300
- Éire: €35 500
- Lucsamburg: €19 800
* Ní raibh aon sonraí ar fáil faoi chistí a caitheadh ar an bhfógraíocht sa Danmhairg.
Foinsí: an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Panoptykon Foundation, Statista.