"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iomaíochais (an margadh inmheánach agus an tionsclaíocht), an 24 Feabhra 2022, 24 Feabhra 2022
Na príomhthorthaí
Éiceachóras tionsclaíoch na soghluaisteachta
Bhí díospóireacht ag na hairí faoi thodhchaí éiceachóras tionsclaíoch na soghluaisteachta i gcomhthéacs an aistrithe ghlais.
Tá sé ríthábhachtach ár modhanna iompair a dhícharbónú chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Sa chomhthéacs sin, ní mór dúinn an tionchar a bheidh ag an gComhaontú Glas agus ag an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ar chúrsaí iompair, mar shampla sna hearnálacha mótarfheithiclí, iarnróid agus aeir, a réamh-mheas. Tá sin tábhachtach ós rud é go n-éileofar leis na téacsanna seo go ndéanfar athruithe as cuimse ar ár slabhraí táirgeachta agus ar ár riachtanais scileanna. Ní bhainfear é sin amach ach trí thacaíocht agus infheistíocht shuntasach a chur ar fáil. Ba mhaith linn na chéad tuairimí atá ag tíortha na hEorpa a fháil i dtaca leis na táscairí agus na huirlisí is gá dúinn a úsáid chun na hathruithe sin a chur i gcrích.
Agnès Pannier-Runacher, Aire Toscaire Tionscail na Fraince
Ba dhíol sásaimh do na Ballstáit go raibh ról tábhachtach ag an gComhairle Iomaíochais maidir leis na beartais éagsúla a threorú lena ndírítear ar dhlús a chur le haistriú glas an Aontais Eorpaigh, i bhfianaise na ndúshlán tionsclaíoch lena mbaineann.
Thug na hairí aghaidh ar na dúshláin shonracha atá ann do thionscail na soghluaisteachta maidir leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a chur chun feidhme. Phléigh siad a meastachán ar scála agus ar chostas an aistrithe chuig an tsoghluaisteacht ghlas, ach freisin ar na sochair fhadtéarmacha agus na gníomhaíochtaí is gá chun tacú leis sin.
D’fhill an Uachtaránacht ar na pléití a bhí ar siúl ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag na hairí tionscail an 31 Eanáir agus an 1 Feabhra i Lens na Fraince. Bhí na hairí in ann tuairimí a mhalartú maidir le conas soláthairtí intíre agus seachtracha d’amhábhair chriticiúla a dhaingniú do thionscal na hEorpa chun uathriail straitéiseach an Aontais a neartú.
Chuir an Uachtaránacht i bhfios go láidir go raibh sé ríthábhachtach dul chun cinn a dhéanamh sna trí réimse seo a leanas: (i) soláthairtí a dhaingniú lasmuigh den Aontas Eorpach, (ii) athchúrsáil agus nuálaíocht a fhorbairt chun tomhaltas amhábhar a fheabhsú agus amhábhair atá ann cheana a choinneáil san Eoraip, agus (iii) creat a chruthú le haghaidh eastósctha san Eoraip.
Fóirdheontais eachtracha
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí faoin rialachán maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach.
Tá iomaíocht chóir, nach mbíonn á saobhadh ag fóirdheontais eachtracha, ina réamhriachtanas d’iomaíochas ár gcuideachtaí agus d’inbhuanaitheacht na dtionscadal tionsclaíoch Eorpach a chuidíonn lenár n-uathriail straitéiseach a neartú. Is príomhghné é an togra seo, dá bhrí sin, d'imscaradh ár straitéise Eorpaí maidir le tionsclaíocht.
Agnès Pannier-Runacher, Aire Toscaire Tionscail na Fraince
Is é cuspóir an togra seo aghaidh a thabhairt ar an saobhadh a chruthaítear sa mhargadh aonair trí fhóirdheontais arna ndeonú ag údaráis phoiblí tríú tíortha do chuideachtaí a bhíonn i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas Eorpach.
Chomhaontaigh na hairí gur gá faireachán a dhéanamh ar fhóirdheontais arna n-íoc ag tríú tíortha ar an gcaoi chéanna le fóirdheontais ó na Ballstáit. Thacaigh roinnt airí leis an gCoimisiún Eorpach mar an t-aon chomhlacht amháin a bhfuil sé de chumhacht aige an rialachán a fhorfheidhmiú, ach chuir roinnt airí i bhfios go láidir gur gá ról níos gníomhaí a bheith ag na Ballstáit maidir leis an rialachán sin a chur chun feidhme.
An pacáiste maidir le leathsheoltóirí (Ionstraim um Shliseanna)
Chuir an Coimisiún an pacáiste maidir le leathsheoltóirí, nó an Ionstraim um Shliseanna, a foilsíodh an 8 Feabhra 2022, faoi bhráid na n-airí go hachomair.
Ós rud é go bhfuil tionscal na leathsheoltóirí ríthábhachtach do gheilleagar na hEorpa, beidh an t-ábhar seo ar chlár oibre cruinnithe den Comhairle Iomaíochais a bheidh ann amach anseo.
Ghlac an Chomhairle d’aon toil/le tromlach mór cur chuige ginearálta i ndáil leis an Treoir atá beartaithe maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach.
Is ionann glacadh comhsheasaimh maidir leis an téacs seo ag na Ballstáit, mar gheall ar an ugach a thug Uachtaránacht na Fraince, agus céim mhór chun cinn i dtaca le haistriú glas ár ngnólachtaí. Céim eile i dtreo caipitleachas níos freagraí is ea é sin. Beidh an Eoraip ina pointe tagartha do chaighdeáin neamhairgeadais amach anseo.
Olivia Grégoire, Rúnaí Stáit na Fraince um an nGeilleagar Sóisialta, Dlúthpháirteach agus Freagrach.
Is é is aidhm don togra aghaidh a thabhairt ar easnaimh sna rialacha atá ann faoi láthair maidir le tuairisciú neamhairgeadais, ar easnaimh iad lenar bhain cáilíocht agus inchomparáideacht neamhleor ionas nach bhféadfadh infheisteoirí iad a chur san áireamh mar is ceart.
Cuireann na heasnaimh sin bac ar an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe. Os a choinne sin, mar gheall ar an iliomad iarrataí neamh-chomhchuibhithe ar shonraí sa lá atá inniu ann, cuirtear ualach suntasach ar ghnólachtaí nach mór a shruthlíniú.
Chuir an Uachtaránacht faisnéis ar fáil maidir le staid na himeartha i ndáil leis an scrúdú ar an togra ón gCoimisiún maidir le luchtaire uilíoch do threalamh raidió. Go háirithe, chuir sí na hairí ar an eolas faoin sainordú caibidlíochta a ghlac Coiste na mBuanionadaithe sa Chomhairle an 26 Eanáir.
Mhínigh an Uachtaránacht, i bhfianaise an tionchair dhírigh ar chompord laethúil thomhaltóirí na hEorpa mar aon le laghdú na dramhaíola leictreonaí, go ndéanfaidh an Uachtaránacht gach iarracht an plé a chur chun cinn a mhéid is féidir.
Rialachas corparáideach inbhuanaithe agus dícheall cuí
Chuir an Coimisiún Eorpach an togra maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe agus dícheall cuí faoi bhráid na n-airí.
Glacadh an togra sin an 23 Feabhra 2022. Tá sé mar aidhm leis cabhrú le cuideachtaí saincheisteanna inbhuanaitheachta a bhainistiú níos fearr ina gcuid oibríochtaí agus slabhraí luacha, go háirithe a mhéid a bhaineann le cearta sóisialta agus cearta an duine, an t-athrú aeráide agus an comhshaol.
color: inherit;
Tá faisnéis curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach faoi straitéis an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú. Is príomhuirlis í an straitéis seo don mhargadh inmheánach, don aistriú digiteach agus comhshaoil agus, ar bhonn níos ginearálta, d’iomaíochas na hEorpa ar an leibhéal domhanda.
Thíolaic an Coimisiún Eorpach a thuarascáil bhliantúil ar an margadh aonair freisin. Déantar cur síos sa tuarascáil ar staid an mhargaidh aonair, agus aird ar leith á tabhairt ar théarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19 agus sainaithnítear inti riachtanais infheistíochta a dhéanfadh an margadh aonair níos athléimní. Chuir an Coimisiún Eorpach an tuarascáil ar na spleáchríocha i láthair freisin.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.