Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 9-10 Meitheamh 2022

Na príomhthorthaí

An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht, an 9 Meitheamh 2022

Treoir maidir leis an gcreidmheas tomhaltais

D’fhormheas an Chomhairle d’aon toil cur chuige ginearálta i leith an athbhreithnithe atá beartaithe ar an treoir maidir leis an gcreidmheas tomhaltais. Leis an treoir athbhreithnithe, déantar Treoir 2008 atá ann faoi láthair maidir le comhaontuithe creidmheasa a aisghairm agus a ionadú.

Is é is aidhm don togra, a thíolaic an Coimisiún Eorpach an 30 Meitheamh 2021, nuachóiriú a dhéanamh agus leibhéal níos airde cosanta a chinntiú don tomhaltóir, ilroinnt reatha an mhargaidh a laghdú agus an margadh trasteorann don chreidmheas tomhaltóirí a dhoimhniú.

Sna hidirghabhálacha seo acu, leag na hairí béim ar thábhacht na reachtaíochta a bhaineann leis an gcreidmheas tomhaltais agus tharraing siad aird ar an ngá atá leis an tomhaltóir a chosaint i dtimpeallacht a bhfuil a thuilleadh digiteála á déanamh uirthi.

Cumhdaítear leis an treoir táirgí nua agus gníomhaithe creidmheasa a tháinig chun cinn le forbairt na r-thráchtála. Déanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil don tomhaltóir a shimpliú ionas gur féidir leis cinntí eolasacha a dhéanamh agus is é is aidhm dó an fhaisnéis a dhéanamh níos inléite ar na gléasanna digiteacha.

Chun dul i ngleic leis na cleachtais iasachtaithe neamhfhreagracha a bhféadfadh rófhéichiúnas a bheith mar thoradh orthu, ceanglófar ar na Ballstáit faoin treoir an tomhaltóir a chosaint ar rátaí iomarcacha agus an t-oideachas airgeadais agus comhairle fiachais a chur chun cinn. Anuas air sin, is leis a dhéanfar an measúnú a rialú maidir le cé acu an mbeidh an tomhaltóir in an a chreidmheas a aisíoc nó nach mbeidh.

Chomhaontaigh na hairí tríd is tríd gur comhghéilleadh cóircothrom atá le fáil sa togra, agus gur tréan an sainordú caibidlíochta a bhunaítear ann, caibidlíocht atá le tosú i mbliana le Parlaimint na hEorpa.

Rialachán maidir le leathsheoltóirí (an Gníomh um Shliseanna)

Ina theannta sin, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo ar an nGníomh um Shliseanna. Díol sásaimh do na hairí an Gníomh um Shliseanna arb é is aidhm dó an cheannasachttheicneolaíoch atá i ndán don Eoraip a ráthú. Díol práinne dóibh freisin é i bhfianaise a dhíobháil sliseanna atá ann, rud a chuir siad i bhfáth.

Chuir na hairí i bhfios go láidir a riachtanaí atá an ghníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun an ghéarchéim soláthartha leathsheoltóirí atá os ár gcomhair amach a fhuascailt. Thacaigh siad leis an treoir atá á moladh ag an gCoimisiún Eorpach; tá luamháin ábhartha á gcur ar fáil leis an treoir sin chun cumas táirgeachta na hEorpa a neartú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma.

Ar deireadh, thug na hairí dá n-aire a thábhachtaí atá sé comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chothú chun mianach na hathléimneachta agus acmhainn na huathriaile straitéisí a threisiú san Aontas Eorpach. Chun é sin a bhaint amach, beidh sé tábhachtach an infheistíocht a mhealladh i dtreo saoráidí táirgthe nuálaíocha agus lucht saothair oilte a bheith acu.

Athléimneacht éiceachórais thionsclaíocha straitéiseacha na hEorpa

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle ar athléimneacht na n-éiceachóras tionsclaíoch straitéiseach, agus leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé mianach na hathléimneachta a neartú sna héiceachórais sin.

I bhfianaise a bhfuil ag titim amach ar na mallaibh, leag na hairí béim ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus an chaoi a bhfuil sé á chur ar an tsúil againn nach foláir mianach na hathléimneachta agus an iomaíochais a threisiú i mbonneacnamaíoch na hEorpa. Dá réir sin, dhearbhaigh na hairí a bhfonnmhaireacht leanúint leis an obair ina leith sin.

Phléigh an Chomhairle gníomhaíochtaísonracha chun na spleáchais straitéiseacha a laghdú, go háirithe na spleáchais siúd a bhaineann leis na hamhábhairchriticiúla. Ag féachaint don tionscnamh reachtach maidir le hamhábhair atá á ullmhú ag an gCoimisiún, leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé soláthairtí na n-ábhar siúd a shlánú don Aontas, rud a bheidh de dhlúth agus d’inneach i rath na n-aistrithe glasa agus digiteacha. Tharraing siad aird ar luamháin éagsúla, amhail comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chothú leis na tríú tíortha, geilleagarciorclach a fhorbairt, agus creat infheistíochta inbhuanaithe a chruthú ar dual dó cothrom na Féinne, creat ina mbeidh cúrsaí comhshaoil i lár an aonaigh.

Ábhair eile ar an gclár oibre

  • Cuirfidh an Uachtaránacht na toscaireachtaí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis an togra le haghaidh treoir maidir le cearta an tomhaltóra san aistriú chuig an ngeilleagar glas.
  • dath: mar a bhí roimhe; Thíolaic toscaireacht na Seice a clár oibre d'Uachtaránacht inteachta na Seice.
  • Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhain le liostaí na míreanna ‘A’ neamhreachtacha.

An taighde agus an spás, an 10 Meitheamh 2022

Conclúidí maidir le luachanna agus prionsabail ar son an chomhair idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht

Ghlac na hairí conclúidí maidir le prionsabail agus luachanna le haghaidh comhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht. Chuir an Chomhairle i dtábhacht go bhfuil comhar idirnáisiúnta ríthábhachtach chun feabhas a chur ar thionchar an taighde agus na nuálaíochta agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin mhóra dhomhanda. I gcomhthéacs fhogha míleata reatha na Rúise faoin Úcráin, chuir an Chomhairle ráiteas leis na conclúidí lena dtugtar le fios gur údar náire é an ghéarchéim san Úcráin agus an tionchar atá aici ar an taighde agus ar an nuálaíocht.

Eolaíocht oscailte

Ghlac na hairí conclúidí maidir leis an meastóireacht ar thaighde agus maidir leis an eolaíocht oscailte a chur chun feidhme. Sna conclúidí, thug an Chomhairle spreagadh polaitiúil don ghníomhaíocht chomhpháirteach i dtrí phríomhréimse: córais measúnaithe taighde a athchóiriú, acmhainneacht a fhorbairt d’fhoilseacháin acadúla, agus ilteangachas a chur chun cinn mar mhodh chun torthaí taighde eolaíochta a chur in iúl agus a scaipeadh.

Misin Eorpacha

Ghlac na hairí conclúidí maidir le misin Eorpacha. Sna conclúidí sin, cuireann an Chomhairle treoir ar fáil maidir leis an gcreat chun na misin Eorpacha a chur chun feidhme, go háirithe maidir le rialachas na n-ionstraimí nua ar an leibhéal Eorpach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal áitiúil chun feabhas a chur ar shineirgí idir cláir chistiúcháin.

Tacú le taighdeoirí óga tráth géarchéime

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le bealaí chun tacú le taighdeoirí óga tráth géarchéime agus, ar bhonn níos ginearálta, maidir le conas dálaí oibre maithe agus ionchais ghairme fhadtéarmacha a chinntiú dóibh a luaithe a bheidh deireadh le staid éigeandála.

Rinne roinnt airí cur síos ar na deacrachtaí a bhíonn ag taighdeoirí óga ina dtíortha féin. Is measa na deacrachtaí sin mar gheall ar na géarchéimeanna atá ann faoi láthair amhail paindéim COVID-19 agus fogha na Rúise faoin Úcráin. Chun tacaíocht do thaighdeoirí óga a chinntiú, thug an Chomhairle dá haire a thábhachtaí atá sé gníomhaíochtaí a chomhordú ar an leibhéal Eorpach chun forbairt inbhuanaithe gairmeacha eolaíochta a chur chun cinn.

Leag an chuid is mó de na hairí béim ar an ngá atá le líontáin sábhála chun éifeachtaí díobhálacha géarchéimeanna amach anseo a chosc. Níor cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith teoranta don taighde amháin ach ba cheart earnálacha eile a chumhdach leo freisin, beartais shóisialta, fostaíochta agus oideachais san áireamh.

Léaráid: íomhánna a léiríonn na réimsí taighde
An Limistéar Eorpach Taighde (Grafaic faisnéise)

An Limistéar Eorpach Taighde (Grafaic faisnéise)

Copernicus faoi 2035

Ghlac na hairí conclúidí maidir le Copernicus faoi 2035. Leis na conclúidí sin, ullmhaítear na príomhábhair a ndéanfar plé orthu maidir lena bhfuil i ndán do chlár Copernicus suas go dtí 2035 agus cuirtear treoir pholaitiúil ar fáil maidir leis na forbairtí a dhéanfar air amach anseo.

Bainistiú an spástráchta

Ghlac na hairí conclúidí maidir le bainistiú an spástráchta. Leis na conclúidí sin, moltar gníomhaíochtaí nithiúla chun a chinntiú go ndéanfar gníomhaíochtaí spáis ar bhealach sábháilteinbhuanaithe. Dhearbhaigh na hairí a thábhachtaí atá na trí cholún a mholtar sna conclúidí. Chuir siad i dtreis a thábhachtaí atá sé cumais an Aontais a neartú i ndáil le faireachas spáis agus réada fithisithe a rianú, agus comhordú i dtaca le reachtaíocht agus caighdeánú an Aontais á spreagadh acu. Neartóidh an chéad dá ais glór an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta chun an cur chuige coiteann sin a chur chun cinn.

Athléimneacht agus iomaíochas chlár spáis an Aontais

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí atá freagrach as an spás maidir le hathléimneacht agus iomaíochas chlár spáis an Aontais. Ina gcuid idirghabhálacha, chuir na hairí in iúl go láidir go bhfuil an clár sin ríthábhachtach chun neamhspleáchas na hEorpa sa spás a chosaint sna blianta amach romhainn agus nach mór rochtain shlán agus inacmhainne ar an spás a ráthú. Phléigh siad na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun athléimneacht an Aontais a neartú maidir leis an spás, agus conas is féidir le clár spáis an Aontais rannchuidiú leis an tslándáil agus leis an gcosaint, go háirithe i ndáil leis na dúshláin atá ann faoi láthair.

Chuir na hairí in iúl go láidir freisin a thábhachtaí atá sé clár spáis iomaíoch de chuid an Aontais a choinneáil agus chuir siad i dtreis rannchuidiú na ngníomhaithe nua sa ‘Spás Nua’ agus na réitigh nuálacha a chuireann siad ar fáil.

Thug an Chomhairle dá haire go bhfuil an rialachán maidir le nascacht shlán a mhol an Coimisiún Eorpach i mí Feabhra 2022 ríthábhachtach chun athléimneacht an Aontais i ndáil leis an spás a threisiú.

Ábhair eile ar an gclár oibre

  • Phléigh an Uachtaránacht leis na hairí na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí a bhí ar siúl le linn Uachtaránacht na Fraince, an cruinniú neamhfhoirmiúil i bPáras a bhí ag na hairí atá freagrach as an ardoideachas agus as an taighde san áireamh, ar tháinig Fóram na nOllscoileanna do Thodhchaí na hEorpa ina dhiaidh. I measc na n-imeachtaí eile bhí cruinniú den Fhóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde agus comhdháil chun 25 bliain de chlár gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie a cheiliúradh.
  • Chuir an Coimisiún Eorpach na toscaireachtaí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le cur chun feidhme rialachas nua an Limistéir Eorpaigh Taighde.
  • Thíolaic toscaireacht na Seice a clár oibre d'Uachtaránacht inteachta na Seice.
Léaráid: satailítí ar fud na cruinne, agus béim á leagan ar mhór-roinn na hEorpa
Éachtaí an Aontais sa spás (Grafaic faisnéise)

Éachtaí an Aontais sa spás (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Eanáir 2025