An tslí a n-oibríonn beartas cánach an Aontais
Is é is aidhm do bheartas cánach an Aontais cothroime a chinntiú agus fás a chothú trí rialacha cánachais a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát, tríd an gcalaois a chomhrac agus trí dhul in oiriúint d’athruithe eacnamaíocha domhanda. Is í an Chomhairle an t-aon reachtóir amháin maidir le cúrsaí cánach an Aontais.
Céard is cánachas ann?
Tá ról lárnach ag an gcánachas maidir le comhtháthú sóisialta agus ceannasacht tíre a chaomhnú agus feidhmíonn sé mar chnámh droma airgeadais don rialachas éifeachtach.
Is é an t-ioncam poiblí an phríomhfhoinse chun feidhmeanna poiblí bunriachtanacha a mhaoiniú, mar shampla oideachas, cúram sláinte, leas, sábháilteacht, taighde agus córais bonneagair phoiblí.
Chomh maith leis sin, tugann ioncam cánach cumhacht do thíortha príomhchinntí a mhúnlaíonn an geilleagar agus an tsochaí araon a mhaoiniú.
San Aontas Eorpach, is ó chánacha a thagann beagnach 90% den ioncam atá ar fáil do rialtais náisiúnta. Tuigtear leis sin a thábhachtaí atá sé a chinntiú go mbeidh na córais chánach sna Ballstáit in ann an t-ioncam is gá a ghiniúint. Mura leor an t-ioncam cánach, b’fhéidir go mbeadh ar an tír dul i muinín iasachtaí, rud a d’fhágfadh go mbeadh oibleagáidí fiachais uirthi ina dhiaidh sin.
Cineálacha cánachais san Aontas Eorpach
Ní féidir leis an Aontas cánacha a ghearradh ar shaoránaigh ná ar chuideachtaí agus ní ghearrann sé aon chánacha orthu. Is iad na Ballstáit aonair, agus iadsan amháin, atá freagrach as an méid sin.
Ciallaíonn sé sin gurb iad na rialtais náisiúnta a chinneann an méid cánach a íocann Eorpaigh.
Tagann cánacha faoi dhá phríomhchatagóir: cánacha díreacha agus indíreacha.
Cánachas díreach
Cáin ioncaim phearsanta
cáin ar bhrabús corparáideach (cuideachta)
Cánachas indíreach
Cáin Bhreisluacha (CBL)
dleachtanna máil ar alcól, tobac agus fuinneamh
Cánachas díreach
Gearrtar cánacha díreacha ar dhuine nó ar chuideachta (gnó). Áirítear orthu sin, mar shampla, cáin ioncaim, cáin ar bhrabús corparáide agus cáin mhaoine.
Tá reachtaíocht an Aontais sa réimse seo teoranta do ghnéithe sonracha de dhlíthe na mBallstát a ailíniú (a chomhchuibhiú). Ní féidir é sin a dhéanamh ach a mhéid is gá chun feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh aonair an Aontais agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna trasteorann, mar shampla imghabháil cánach nó pleanáil ionsaitheach cánach.
Cánachas indíreach
Gearrtar cánacha indíreacha ar idirbheart. Mar shampla, cáin bhreisluacha (CBL) ar dhíolacháin earraí agus seirbhísí nó dleachtanna máil ar alcól, ar tháirgí tobac agus ar fhuinneamh. Sna cásanna seo íocann an tomhaltóir an cháin mar chuid den phraghas ceannaigh, agus aistríonn an díoltóir an méid cánach atá dlite chuig na húdaráis.
Is minic a bhaineann reachtaíocht an Aontais sa réimse seo le dlíthe náisiúnta a chomhchuibhiú. I gcás ina bhfuil difríochtaí móra idir na rialacha cánach maidir le hearraí agus seirbhísí a dhíol ar fud an Aontais, is féidir leis sin an iomaíocht idir gnólachtaí a shaobhadh agus an trádáil trasteorann a dhéanamh níos deacra.
Cén fáth a bhfuil gá le beartas cánach an Aontais?
Tá ról ríthábhachtach ag cánacha maidir le praghas earraí agus seirbhísí a shocrú, agus bíonn tionchar acu ar iompar infheisteoirí agus tomhaltóirí freisin. Mar thoradh air sin, is féidir le beartas cánach táirgiúlacht a dhreasú, rud a chuirfidh le hinfheistíocht agus nuálaíocht.
Tá geilleagair an Aontais ag tabhairt aghaidh ar an tionchar a bhíonn ag athruithe móra domhanda, mar shampla an t-athrú déimeagrafach, an digitiú agus an domhandú, chomh maith le héifeachtaí an athraithe aeráide, an téarnamh iar-COVID agus iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Déanann na dúshláin sin difear d’athléimneacht na gcóras cánach, rud a chiallaíonn go bhfuil ailíniú níos riachtanaí a mhéid a bhaineann le forbairtí eacnamaíocha leanúnacha agus forbairtí eacnamaíocha a dhéanfar amach anseo.
Tá gá le rannpháirtíocht ar leibhéal an Aontais chun a chinntiú go mbeidh rialacha agus beartais chánach ag teacht le feidhmiú mhargadh aonair an Aontais. Tá an t-ailíniú sin ríthábhachtach chun poitéinseal an mhargaidh aonair a bhaint amach go hiomlán, rud a rachaidh chun tairbhe do níos mó ná 400 milliún saoránach san Aontas agus do na milliúin gnólachtaí.
Cuspóirí an Aontais maidir le cánachas
Cothroime a áirithiú
Is féidir le roinnt beart cánachais éifeachtaí iarmharta a chruthú do Bhallstáit eile nó is féidir leo bacainní a chur ar thráchtáil trasteorann de thaisme. Chun é sin a chosc, déantar rialacha cánach áirithe san Aontas a chomhchuibhiú (e.g. i réimse CBL), bíonn an margadh inmheánach níos saoráidí mar thoradh air sin, rud a chothaíonn fás eacnamaíoch agus a éascaíonn idirbhearta trasteorann níos rianúla.
Tacú leis an bhfás inbhuanaithe agus an t-iomaíochas a fheabhsú
Tá roinnt beart beartais cánach ailínithe le tacú le spriocanna eacnamaíocha níos leithne an Aontais, lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin mar atá an t‑athrú déimeagrafach, digitiú, domhandú agus tionchair an chliste aeráide, agus comhtháthú eacnamaíoch á chur chun cinn, éagothromaíochtaí á laghdú, agus idirbhearta agus infheistíocht trasteorann níos rianúla á n‑éascú ag an am céanna.
Ioncam a ghiniúint do bhuiséad an Aontais
Is foinse ioncaim do bhuiséad an Aontais iad cánacha áirithe, mar shampla CBL. Déantar céatadán den mhéid a bhailíonn na Ballstáit a aistriú chuig buiséad an Aontais, mar 'acmhainn dhílis'.
Na gníomhaíochtaí cánachais atá déanta ag an Aontas le déanaí
Tá an tAontas ag obair ar reachtaíocht i réimse an chánachais chun tacú leis an iomaíochas agus leis an bhfás, chun oibríochtaí gnó a phríomhshruthú ar fud an Aontais, chun na costais a bhaineann le comhlíonadh a laghdú, chun nósanna imeachta cánach a fheabhsú agus chun calaois chánach a chomhrac.
Tá mar aidhm ag na hiarrachtaí reachtacha sin timpeallacht chánach níos cothroime agus níos éifeachtúla a chruthú, ina ndíreofar ar na nithe seo a leanas:
- cánachas dúbailte ar infheistíocht trasteorann a sheachaint
- na costais do ghnólachtaí trasteorann a laghdú
- seachaint cánach a chomhrac
- cánachas sa ré dhigiteach
- nuachóiriú an chórais CBL
- comhar riaracháin idir na Ballstáit a fheabhsú
Cánachas dúbailte ar infheistíocht trasteorann a sheachaint
Nuair a dhéanann cónaitheoir san Aontas infheistíocht in urrúis i mBallstát eile, bíonn na híocaíochtaí a fhaightear mar chúiteamh orthu sin faoi réir cáin shiarchoinneálach sa Bhallstát cónaithe agus sa Bhallstát ina ndéantar an infheistíocht.
Chun an cánachas dúbailte sin a sheachaint, ceanglaítear ar an infheisteoir neamhchónaitheach ina dhiaidh sin éileamh aisíocaíochta a chur isteach i leith na cánach breise arna coinneáil siar ag an tír thionscnaimh. Is gnách go mbíonn cuid mhór oibre, ama agus costais i gceist leis na nósanna imeachta aisíocaíochta sin.
Chun aghaidh a thabhairt air sin, ghlac an Chomhairle an treoir maidir le faoiseamh níos tapúla agus níos sábháilte ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha an 10 Nollaig 2024, treoir ar a dtugtar ‘FASTER’.
Leis na rialacha nua, déanfar an méid a leanas:
- dhá nós imeachta mheara a thabhairt isteach lena gcomhlánaítear an nós imeachta caighdeánach aisíocaíochta atá ann cheana: nós imeachta ‘faoiseamh ag an bhfoinse’ agus córas ‘aisíocaíochta tapa’, rud a fhágfaidh go mbeidh an próiseas faoisimh níos tapúla agus déanfar é a chomhchuibhiú ar fud an Aontais
- deimhniú digiteach coiteann de chuid an Aontais um chónaí cánach (ríomh-DCC) a thabhairt isteach a bheidh infheisteoirí a íocann cáin in ann a úsáid chun tairbhe a bhaint as na nósanna imeachta meara chun faoiseamh a fháil ó chánacha siarchoinneálacha
- oibleagáid tuairiscithe chaighdeánaithe a leagan síos d’idirghabhálaithe airgeadais (mar shampla bainc nó ardáin infheistíochta), a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca d’údaráis chánach náisiúnta calaois chánach nó mí-úsáid chánach a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath
Na costais do ghnólachtaí trasteorann a laghdú
Cé go bhfuil margadh aonair an Aontais an-chomhtháite, tá bacainní cánach fós roimh ghnólachtaí, toisc nach mór dóibh cloí le 27 gcóras cánach corparáide náisiúnta éagsúla. Fágann sé sin go mbíonn costais arda agus éiginnteacht i gceist do ghnólachtaí trasteorann.
I mí Mheán Fómhair 2023 mhol an Coimisiún Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT), tionscnamh chun costais chomhlíontachta cánach a laghdú do ghnólachtaí trasteorann. Áirítear an méid a leanas sa togra:
- sraith choiteann rialacha chun an bonn cánach a ríomh do chuideachtaí atá mar chuid den ghrúpa céanna
- aon bhonn cánach comhiomlánaithe amháin do gach comhalta sa ghrúpa
- déanfar sciar ghrúpa BEFIT den bhonn cánach comhiomlánaithe a ríomh ar bhonn mheán na dtorthaí inchánach ó na 3 bliana fhioscacha roimhe sin
Bheadh feidhm ag na rialacha sin maidir le grúpaí móra atá ag feidhmiú san Aontas, agus rogha ag cuideachtaí meánmhéide a bheith páirteach iontu. Meastar go bhfuil gnó mar chuid de ghrúpa mór má tá comhioncam bliantúil de €750 milliún ar a laghad aige, agus má tá seilbh ag an máthairchuideachta ar 75% ar a laghad den ghnólacht.
Seachaint cánach a chomhrac
Tá na Ballstáit ag íoc na billiúin euro gach bliain as seachaint cánach. Tá na gníomhaíochtaí sin i bhfad níos éasca mar gheall ar dhomhandú agus ar an dul chun cinn teicneolaíoch.
Bhí ról lárnach ag an Aontas maidir le cuidiú leis na Ballstáit rialacháin chánach a chomhordú chun cothrom iomaíochta a chinntiú. Is ionstraim shuaitheanta é Cód Iompair (cánachas gnó) chun iomaíocht chóir chánach a chur chun cinn, san Aontas agus ar fud na cruinne araon.
I bhfianaise chineál domhanda na hiomaíochta éagóraí cánach, cuireann an tAontas dea-rialachas cánach chun cinn agus déanann sé imghabháil agus seachaint cánach a chomhrac ar bhonn idirnáisiúnta. Foilsíonn an Chomhairle liosta an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha go rialta, ina luaitear dlínsí nár chomhlíon na critéir maidir le dea-rialachas cánach nó a dhiúltaigh na critéir sin a chomhlíonadh.
- Cánachas: Deimhniú díolúine CBL leictreonach nua glactha ag an gComhairle chun teacht in ionad foirmeacha páipéir (preaseisiúint, an 18 Feabhra 2025)
- Liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach
Cánachas sa ré dhigiteach
Is gné beartais cánach réasúnta nua é an cánachas digiteach, a léiríonn an gá atá le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an ngeilleagar digiteach a bhfuil méadú ag teacht air.
Is iomaí tairbhe atá á mbaint as an ngeilleagar digiteach ag saoránaigh agus cuideachtaí. Ag an am céanna, áfach, chuir samhlacha nua gnó agus an méadú ar ghníomhaíochtaí digiteacha áirithe brú ar rialacha traidisiúnta na gcóras náisiúnta cánachais.
Mar thoradh air sin, ní mór rialacha cánach a oiriúnú chun iad a thabhairt isteach sa ré dhigiteach. Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar a cion cothrom cánach a íoc agus rannchuidiú le feidhmiú na sochaí.
Tá na saincheisteanna sin ar cheann de phríomhthosaíochtaí na Comhairle ó bhí 2017 ann.
An córas CBL a nuachóiriú
CBL san ré dhigiteach
Is príomhfhoinse ioncaim do Bhallstáit an Aontais í an cháin bhreisluacha (CBL), agus cuidíonn sí le seirbhísí poiblí riachtanacha a mhaoiniú, cuir i gcás oideachas, cúram sláinte agus iompar poiblí. Mar sin féin, cailltear méideanna suntasacha d’ioncam CBL fós mar gheall ar chalaois, drochriarachán, féimheachtaí, dócmhainneachtaí agus tosca eile.
Chun an córas CBL atá ann faoi láthair a nuachóiriú agus a thabhairt isteach sa ré dhigiteach, ghlac an Chomhairle an pacáiste um CBL sa ré dhigiteach an 11 Márta 2025. Is é is aidhm do na rialacha nua calaois CBL a chomhrac, tacú le gnólachtaí, agus an digitiú a spreagadh ar fud an Aontais.
Áirítear sa phacáiste bearta chun raon feidhme ‘na n-ionad ilfhreastail’ atá ann cheana a fheabhsú agus a leathnú, rud a chuirfidh ar chumas níos mó gnólachtaí a n-oibleagáidí CBL a chomhlíonadh trí thairseach aonair ar líne in aon teanga amháin.
Ina theannta sin, cuirfear de cheangal ar ardáin ar línele haghaidh iompar paisinéirí agus cóiríocht ghearrthéarmach ar cíos CBL a bhailiú agus a íoc leis na húdaráis chánach i gcásanna ina bhfuil díolúine ag soláthraithe seirbhíse aonair.
Tugtar isteach leis an bpacáiste freisin oibleagáidí tuairiscithe lándigiteacha bunaithe ar ríomhshonrascadh, arb é is aidhm dóibh tuairisciú CBL do ghnólachtaí trasteorann san Aontas a bheith lándigiteach faoi 2030.
- Cánachas: an pacáiste maidir le CBL sa ré dhigiteach glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 11 Márta 2025)
- Cáin bhreisluacha (CBL) san Aontas
Deimhniú díolúine leictreonach ó CBL
Mar chuid dá hiarrachtaí an córas CBL a nuachóiriú, ghlac an Chomhairle rialacha nua an 18 Feabhra 2025 lena dtugtar isteach deimhniú cánach leictreonach le haghaidh díolúintí CBL.
Cuirfear foirm leictreonach in ionad deimhnithe páipéir, a úsáidtear nuair atá earraí díolmhaithe ó CBL. Leis an deimhniú digiteach, déanfar an próiseas a shimpliú agus a chuíchóiriú nuair a allmhairítear earraí den sórt sin le haghaidh ambasáidí, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó fórsaí armtha.
Tiocfaidh na bearta nua i bhfeidhm an 1 Iúil 2031 agus beidh idirthréimhse bhreise bliana ann, ina mbeidh na Ballstáit in ann foirmeacha leictreonacha agus páipéir araon a úsáid.
Comhar riaracháin idir na Ballstáit a fheabhsú
San Aontas, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar cháiníocóirí an t-ioncam uile a thuilltear ar fud an domhain a dhearbhú ina dtír chónaithe. Cé gur féidir le húdaráis chánach ioncam náisiúnta a rianú trí bhearta, mar shampla cánacha siarchoinneálacha nó tuairisciú náisiúnta, tá sé níos dúshlánaí a chinntiú go ndearbhódh cáiníocóirí a n-ioncam eachtrach.
Faoin Treoir maidir le comhar riaracháin, cuidíonn Ballstáit an Aontais le calaois chánach a chosc trí fhaisnéis atá ábhartha ó thaobh cánach de a mhalartú go huathoibríoch, go spontáineach agus arna iarraidh sin. Fágann sé sin go bhfuil sé níos deacra do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí a gcuid sócmhainní nó ioncam ó údaráis chánach a cheilt. Tá ról ríthábhachtach ag an Treoir maidir le comhar riaracháin, atá i bhfeidhm ó bhí 2014 ann, maidir le trédhearcacht chánach a chur chun cinn agus comhar a chothú idir Ballstáit an Aontais.
In 2023, chuir an Chomhairle síneadh le raon feidhme na Treorach maidir le comhar riaracháin agus chuir sí rialacha breise léi maidir le tuairisciú agus malartú uathoibríoch faisnéise i ndáil le hioncam ó idirbhearta i gcripteashócmhainní agus i ndáil le réamhrialuithe cánach do dhaoine aonair saibhre a bhfuil glanfhiúchas ard acu.
In 2025, ghlac an Chomhairle treoir (DAC9 lena leasaítear DAC a bhí ann cheana, d’fhonn comhar agus malartú faisnéise a fheabhsú maidir le cánachas corparáideach íosta éifeachtach. Cuideoidh an treoir nua le cuideachtaí ilnáisiúnta agus cuideachtaí móra intíre a ndualgais tuairiscithe cánach a chomhlíonadh faoi chomhaontú domhanda G20/ECFE.
Beidh ar na Ballstáit na rialacha nua a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2025.
An Chomhairle mar reachtóir aonair an Aontais
Is í an Chomhairle, a ghníomhaíonn mar an t-aon reachtóir amháin, a ghlacann reachtaíocht chánach ar leibhéal an Aontais, mar a leagtar amach i gconarthaí an Aontais Eorpaigh. Téitear i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, ach níl aon chumhacht reachtach aici sa réimse sin. Tugtar nós imeachta reachtach speisialta air sin.
Glactar treoracha nó rialacháin trí vóta d’aon toil sa Chomhairle. Ní fhéadfar aon vóta 'i gcoinne' a chaitheamh má tá reachtaíocht sa réimse seo le glacadh ag an gComhairle.
Cuirtear tús leis an bpróiseas reachtach leis an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh reachtaíocht chánach nua de chuid an Aontais nó le haghaidh modhnuithe ar dhlíthe atá ann cheana.
Féach freisin
An tseachaint cánach san Aontas Eorpach a chomhrac
Cáin bhreisluacha (CBL) san Aontas
Cánachas digiteach
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Samhain 2025