Skip to content

An bhithéagsúlacht

Tá meath ag teacht ar an mbithéagsúlacht ar luas scáfar. Tá tíortha an Aontais tiomanta an dúlra agus an éagsúlacht bhitheolaíoch a bhaineann leis a athchóiriú agus a chaomhnú.

Straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030

Is príomhghné den Chomhaontú Glas don Eoraip í straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, arna cur i láthair ag an gCoimisiún i mí na Bealtaine 2020.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an straitéis agus d’fhormhuinigh sí a cfuspóirí i mí Dheireadh Fómhair 2020. Chuir sí i dtreis gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí trí aghaidh a thabhairt ar na nithe sin – bídís díreach nó indíreach – is cúis le cailliúint na bithéagsúlachta agus an dúlra. D'athdhearbhaigh sí an glao chun cuspóirí bithéagsúlachta a chomhtháthú go hiomlán in earnálacha eile, cuir i gcás an talmhaíocht, an t-iascach agus an fhoraoiseacht agus chun bearta an Aontais a chur chun feidhme go comhleanúnach sna réimsí sin.

D’iarr na hairí go ndéanfaí cuid mhór den 30% de bhuiséad an Aontais agus de chaiteachas Next Generation EU atá leithdháilte ar ghníomhaíocht ar son na haeráide a infheistiú i réitigh bhithéagsúlachta agus i réitigh dhúlra-bhunaithe lena gcuirfí an bhithéagsúlacht chun cinn.

Chuir an Coimisiún an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus straitéis bhithéagsúlachta an Aontais i láthair go comhpháirteach in 2020 agus tá an-chuid cuspóirí agus spriocanna cosúla ag gabháil leo, mar shampla, úsáid lotnaidicídí agus leasachán a laghdú, talamh talmhaíochta a athchóiriú agus uisce a bhainistiú.

Dlí um athbhunú an dúlra

Díríonn dlí an Aontais um athbhunú an dúlra ar bhithéagsúlacht agus éiceachórais a athbhunú, i gcomhréir le spriocanna straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030. Is é is aidhm don dlí bearta téarnaimh a chur i bhfeidhm a chlúdóidh 20% ar a laghad de thalamh an Aontais agus 20% de limistéir farraige an Aontais faoi 2030, agus na héiceachórais uile a bhfuil athchóiriú de dhíth orthu faoi 2050.

Is iad seo na chéad rialacha riamh a dhírigh go sonrach ar théarnamh an dúlra i mBallstáit an Aontais agus leagtar síos leo spriocanna ceangailteacha ar leibhéal an Aontais le haghaidh gníomhaíocht athchóirithe maidir leis an méid seo a leanas:

  • gnáthóga talún agus mara díghrádaithe
  • pailneoirí
  • éiceachórais talmhaíochta
  • ceantair uirbeacha
  • aibhneacha agus tuilemhánna
  • foraoisí

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh (an cur chuige ginearálta) maidir leis an dlí um athchóiriú an dúlra i mí an Mheithimh 2023. Thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa i mí na Samhna 2023, tar éis na caibidlíochta sna ‘cruinnithe tríthaobhacha’.

Ghlac an Chomhairle an Dlí um athbhunú an dúlra i mí an Mheithimh 2024.

Athbhunú an dúlra

Athbhunú an dúlra

Beartais eile de chuid an Aontais chun an bhithéagsúlacht a chosaint

Tá iarrachtaí an Aontais deireadh a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras bunaithe ar an reachtaíocht. Áirítear leis sin an méid seo a leanas:

  • treoracha maidir le héin agus gnáthóga
  • an treoir réime maidir le huisce
  • an treoir réime um straitéis mhuirí

Cuireann reachtaíocht a chumhdaíonn earnálacha mar shampla truailliú, speicis choimhthíocha ionracha agus an t-athrú aeráide le caomhnú na bithéagsúlachta freisin trí dhul i ngleic le cúiseanna a héaga.

Chun gníomhaíochtaí ar an láthair a chistiú chun an dúlra a chosaint agus a athbhunú, tá clár LIFE curtha ar bun ag an Aontas. Seoladh in 1992 é agus is é an t-aon chlár chistiúcháin de chuid an Aontais atá tiomnaithe go hiomlán do chuspóirí comhshaoil agus aeráide. Ó cruthaíodh é, tá breis agus 5 000 tionscadal tar éis a bheith cómhaoinithe trí LIFE.

Cosaint an dúlra

Cosaint an dúlra

Tábhacht an tsalamandair duitse

Bíonn freagracht ollmhór ar na hainmhithe is lú, níos lú ná an salamandar fiú, as gréasán an-suimiúil na beatha a chothú.

Leis an treoir maidir le gnáthóga, tá an salamandar á chosaint ag an Aontas, mar aon leis na céadta speiceas eile d’ainmhithe, chomh maith le plandaí agus limistéir nádúrtha. Ón bhFionlainn go Málta, ón Rómáin go dtí an Phortaingéil, tá dlí an Aontais ina chuidiú le gnáthóga agus na speicis bheo atá á n-óstáil acu a chaomhnú.

Grianghraf de shalamandar

Spriocanna domhanda don bhithéagsúlacht

Bíonn ról gníomhach ag an Aontas ar an leibhéal idirnáisiúnta agus é ag obair lena chinntiú go gcomhlíontar a ghealltanais dhomhanda maidir leis an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint faoi choinbhinsiúin iltaobhacha - mar shampla an coinbhinsiún maidir leis an éagsúlacht bhitheolaíoch agus an coinbhinsiún maidir le trádáil idirnáisiúnta i speicis fauna agus flora fiáine i mbaol.

I mí Dheireadh Fómhair 2024, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí a bhí mar sheasamh caibidlíochta ginearálta an Aontais don 16ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an mbithéagsúlacht (COP 16) a bhí ar siúl i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2024 sa Cholóim. Reáchtálaladh cruinniú i ndiaidh na comhdhála san Iodáil i mí Feabhra 2025, agus tháinig tíortha ar chomhaontú maidir le bearta maoiniúcháin agus faireacháin chun spriocanna agus cuspóirí bithéagsúlachta domhanda a chur chun feidhme.

Cén fáth a bhfuil tábhacht leis an mbithéagsúlacht?

Is í an bhithéagsúlacht cnámh droma an tsaoil. Tá sí riachtanach don duine a oiread céanna agus atá sí riachtanach do chosaint na haeráide.

Cuirtear bia, uisce úr agus aer glan ar fáil léi do dhaoine agus tá ról tábhachtach aici maidir le cothromaíocht an dúlra a choinneáil ar bun. Bíonn sé ina chuidiú le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le scaipeadh galar tógálach a chosc.

Braitheann beagnach leath d'olltáirgeacht intíre (OTI) an domhain (thart ar €40 trilliún) ar an timpeallacht nádúrtha agus ar na hacmhainní a chuireann sí ar fáil, de réir an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda. Tá na hearnálacha eacnamaíocha is mó (tógáil, talmhaíocht agus tionscal an bhia agus na ndeochanna) go léir ag brath go mór ar an dúlra agus gineann siad le chéile beagnach €7.3 trilliún don gheilleagar domhanda.

Tá gníomhaíochtaí an duine, arbh iad is cúis le truailliú agus le hathruithe ar ghnáthóga, chomh maith leis an athrú aeráide, ag cur brú ar speicis agus ar éiceachórais. Measann eolaithe go bhfuil aon mhilliún speiceas plandaí, feithidí, éan agus mamaigh i mbaol a ndíothaithe ar fud an domhain.

An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Márta 2025