"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Comhshaoil, 16 Deireadh Fómhair 2023
Na príomhthorthaí
Comhdháil COP28 maidir leis an athrú aeráide
D’fhormheas airí comhshaoil an Aontais na conclúidí ón gComhairle maidir leis na hullmhúcháin do chomhdháil na Náisiún Aontaithe 2023 maidir leis an athrú aeráide (COP28), a bheidh ar siúl in Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, ón 30 Samhain go dtí an 12 Nollaig 2023. Beidh na conclúidí mar sheasamh caibidlíochta ginearálta ag an Aontas ag COP28.
Dár gcomhpháirtithe, deir muid leo: is é an tAontas ceannródaí domhanda na gníomhaíochta ar son na haeráide. In Dubai, beimid ar thús cadhnaíochta sa chaibidlíocht chun tiomantas láidir an Aontais don aistriú glas a léiriú agus chun ár gcomhpháirtithe a spreagadh déanamh amhlaidh. Tá an tAontas Eorpach ina cheann feadhna ar son an athraithe agus ní mór dúinn labhairt d’aon ghuth ar ardán an domhain. Ní fhéadfaimid na deacrachtaí a tháinig chun cinn a úsáid mar leithscéal chun filleadh ar an staid mar a bhí roimh Chomhaontú Pháras.
Teresa Ribera Rodríguez, an tríú leasuachtarán gníomhach ar rialtas na Spáinne agus Aire na Spáinne um an aistriú éiceolaíoch agus um an dúshlán déimeagrafach
Sna conclúidí uaithi, leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé na huaillmhianta domhanda a bhaineann leis an aeráid a mhéadú go mór ionas go mbeidh an sprioc 1.5 °C a leagtar amach i gComhaontú Pháras fós a comhlíonadh againn. D’iarr sí freisin go gcuirfí deireadh de réir a chéile ar fud an domhain le breoslaí iontaise neamhlaghdaithe i bhfad roimh 2050 agus le fóirdheontais breoslaí iontaise a luaithe is féidir chun dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach. Dá bhrí sin, mhol na hairí go ndéanfaí – faoi 2030 – gníomhaíocht dhomhanda i dtreo acmhainneacht an fhuinnimh in-athnuaite atá suiteáilte a mhéadú faoi thrí go 11 TW agus an ráta feabhsúcháin i dtaobh éifeachtúlacht fuinnimh a dhúbailt.
Leag an Chomhairle béim freisin ar a thábhachtaí atá sé go n-éireoidh leis an gcéad athbhreithniú domhanda ag COP28 agus d’athdhearbhaigh sí an gealltanas láidir a thug an tAontas gona Bhallstáit leanúint dá maoiniú idirnáisiúnta don aeráid a mhéadú.
Rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta ag an Aontas le UNFCCC
D’fhormheas na hairí rannchuidiú nuashonraithe arna chinneadh go náisiúnta (NDC) a chur an tAontas faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC). Is dlúthchuid de Chomhaontú Pháras iad NDCanna, lena gceanglaítear ar gach páirtí sa choinbhinsiún a gcuid gníomhaíochtaí aeráide tar éis 2020 a chur in iúl. Tugadh NDC nua an Aontais cothrom le dáta i bhfianaise ghlacadh na ngnéithe bunriachtanacha uile den phacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh cur chun feidhme iomlán an chreata ‘Oiriúnach do 55’ a chur ar chumas an Aontais gona Bhallstáit dul thar ghlanlaghdú intíre 55%, ar a laghad, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais i gcomparáid le 1990 faoi 2030.
Leagtar amach le NDCanna na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag gach tír astaíochtaí náisiúnta a laghdú agus dul in oiriúint d’iarmhairtí an athraithe aeráide. Déanann an tAontas NDC amháin a tharchur thar ceann an Aontais agus a Bhallstát.
Comhaontú Pháras: conair an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta (Grafaic faisnéise)
Caighdeáin astaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair
Tháinig na hairí ar chomhaontú (‘cur chuige ginearálta’) maidir le togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair.
Leis an gcomhaontú, d’athdhearbhaíomar a thiomanta atáimid ár spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach. Is cuid thábhachtach den iompar de bhóthar iad na leoraithe, busanna agus cóistí, ó téann siad i bhfeidhm ar shaol laethúil na milliún saoránach. Tá sé de cheart ag na saoránaigh maireachtáil i dtimpeallacht níos glaise agus níos folláine, agus táimid céim níos gaire don chuspóir sin anois. Ag an am céanna, táimid ag cinntiú iomaíochas an tionscail agus an treochlár d’infheistíochtaí nua á shoiléiriú againn.
Teresa Ribera Rodríguez, an tríú leasuachtarán gníomhach ar rialtas na Spáinne agus Aire na Spáinne um an aistriú éiceolaíoch agus um an dúshlán déimeagrafach
Is é is aidhm don togra astaíochtaí CO2 in earnáil an iompair de bhóthar a laghdú a thuilleadh, i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais, trí na spriocanna maidir leis an laghdú astaíochtaí do 2030 a ardú agus trí spriocanna nua a thabhairt isteach do 2035 agus 2040. Ina theannta sin, cuirfear tuilleadh feithiclí san áireamh sna spriocanna, go háirithe busanna agus leantóirí. Maidir le busanna uirbeacha, chomhaontaigh na hairí go mbeidh ar gach bus uirbeach nua a bheith saor ó astaíochtaí ó 2035 amach agus leagadh síos sprioc idirmheánach 85 % don chatagóir sin faoi 2030.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú (cur chuige ginearálta) maidir le togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh.
Leis an togra, leathnaítear raon feidhme na treorach chuig ceirtleáin bheaga agus iarrtar ar na Ballstáit pleananna a bhunú do chathracha móra chun déileáil le sruth uirbeach ó uisce báistí. Tugtar isteach leis freisin sprioc cheangailteach maidir le neodracht fuinnimh don earnáil cóireála fuíolluisce uirbigh a bheidh le baint amach i ngach Ballstát faoi 2040, mar aon le spriocanna eatramhacha in 2030 agus in 2035.
Beidh an cur chuige ginearálta mar shainordú don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir le glacadh leagan deireanach na reachtaíochta.
Chuir toscaireacht na Gréige na hairí ar an eolas faoin gcaoi ar fheidhmigh an treoir maidir le tuilte mar uirlis coiscthe i rith na dtuilte a tharla sa Ghréig le déanaí.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Fuair na hairí eolas ón Iodáil, ón nGréig agus ón bPortaingéil faoin tionchar a bhíonn ag córas trádála astaíochtaí an Aontais ar an iompar lastas muirí.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.