"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Tháinig airí comhshaoil an Aontais ar chomhaontú (‘cur chuige ginearálta’) i ndáil le togra le haghaidh rialachán maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht.
Gineadh 190kg de dhramhaíl ó phacáistíocht in aghaidh gach duine san Eoraip in 2021. Agus tiocfaidh méadú 20%, geall leis, ar an bhfigiúr sin faoi 2030 má fhanann cúrsaí mar atá siad. Ní mór dúinn é sin a chosc. Tugann an cur chuige ginearálta seo le fios go bhfuil an tAontas tiomanta dramhaíl ó phacáistíocht ó gach foinse a laghdú agus a chosc. Tá an rialachán seo ríthábhachtach chun geilleagar ciorclach agus Eoraip aeráidneodrach a bhaint amach.
Teresa Ribera Rodríguez, an tríú Leas-Uachtarán ar rialtas na Spáinne agus Aire na Spáinne um an aistriú éiceolaíoch agus um an dúshlán déimeagrafach
Is é is aidhm don rialachán atá á bheartú dul i ngleic leis an méadú ar dhramhaíl ó phacáistíocht a ghintear san Aontas, agus an margadh inmheánach le haghaidh pacáistíochta a chomhchuibhiú agus borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach ag an am céanna. Bunaítear leis freisin ceanglais chun sábháilteacht agus inbhuanaitheacht na pacáistíochta a chinntiú, trína cheangal go bhfuil mbeidh gach pacáistíocht in-athchúrsáilte agus go n-íoslaghdófar an méid substaintí ar údar imní iad a bhíonn i bpacáistíocht. Leagtar síos ann freisin ceanglais lipéadaithe chun an t-eolas a thugtar do thomhaltóirí a fheabhsú.
I gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, tháinig na hairí ar chomhaontú maidir le rialacha chun giniúint dramhaíola ó phacáistíocht a íoslaghdú trí spriocanna ceangailteacha athúsáide a leagan síos, trí shrian a chur le cineálacha áirithe pacáistíochta aon úsáide agus trí cheangal a chur ar oibreoirí eacnamaíocha an méid pacáistíochta a úsáidtear a laghdú a mhéid is féidir.
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le togra le haghaidh an chéad dlí riamh de chuid an Aontais maidir le sláinte ithreach. Leagtar amach sa togra an cuspóir fadtéarmach go mbeidh dea-bhail ar gach éiceachóras ithreach ar fud an Aontais faoi 2050, i gcomhréir le straitéis ithreach an Aontais do 2030.
Leagtar síos leis ceanglais cheangailteacha maidir le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar shláinte na hithreach chun creat cuimsitheach faireacháin a bhunú do na hithreacha uile ar fud an Aontais. Tabharfaidh na rialacha nua aghaidh freisin ar bhainistiú inbhuanaithe ithreach agus ar athchóiriú láithreán éillithe.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an togra agus bhí siad ar aon ghuth maidir leis an tábhacht a bhaineann le reachtaíocht ar leibhéal an Aontais a bheith dírithe ar fhaireachán agus athléimneacht ithreach. Bhí seisiún tuairimíochta acu maidir leis an gcaoi a bhféadfadh an creat faireacháin ithreach atá beartaithe feabhas a chur ar shláinte na hithreach laistigh den tréimhse atá beartaithe agus maidir leis an leibhéal uaillmhéine agus an t-éilliú ithreach á chomhrac.
Ina theannta sin, phléigh airí comhshaoil an Aontais togra ón gCoimisiún chun córas comhtháite uile-Aontais um fhaireachán ar fhoraoisí a bhunú.
Leis an gcreat faireacháin, cinnteofar sonraí comhchuibhithe maidir le riocht agus bainistiú fhoraoisí an Aontais agus cumhdófar ann na foraoisí uile agus coillearnach eile ar fud an Aontais. Is é is aidhm don rialachán atá beartaithe freisin tacú leis na Ballstáit pleananna deonacha comhtháite fadtéarmacha foraoise a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta.
Dhírigh na hairí a gcuid idirghabhálacha ar cé acu a mheasann nó nach measann siad go bhfuil an creat faireacháin foraoise atá beartaithe leordhóthanach agus éifeachtach, na gnéithe is ábhartha chun bearnaí eolais atá ann faoi láthair a líonadh, agus conas an rialachán a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme ar bhealach costéifeachtach.
Bhí an tOllamh Ottmar Edenhofer, cathaoirleach bhord comhairleach eolaíoch na hEorpa maidir leis an athrú aeráide, in éineacht leis na hairí le linn an lóin chun sprioc aeráide 2040 a phlé. Fuair na hairí eolas ón Ollamh Edenhofer faoi phríomhthorthaí chomhairle an bhoird maidir le sprioc 2040 agus fuair siad eolas ón gCoimisiún maidir lena phleananna do na míonna atá le teacht.
Faoin mír ‘aon ghnó eile’, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh maidir le dhá thogra reachtacha: an t-athbhreithniú ar an treoir maidir le cáilíocht an aeir agus an rialachán maidir le creat deimhniúcháin aistrithe carbóin ar leibhéal an Aontais.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Thug an Coimisiún agus an Uachtaránacht tuairisc freisin ar na príomhchruinnithe idirnáisiúnta a bhí ann le déanaí:
an ceathrú cruinniú den phróiseas idirsheisiúnach lena mbreithnítear an Cur Chuige Straitéiseach agus bainistiú fónta ceimiceán agus dramhaíola tar éis 2020 (IP4.3) agus an cúigiú seisiún den chomhdháil idirnáisiúnta maidir le bainistiú ceimiceán (ICCM5) (Bonn, an Ghearmáin, an 23 – 29 Meán Fómhair 2023)
COP 5 – an cúigiú cruinniú de chomhdháil na bpáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le mearcair (an Ghinéiv, an Eilvéis, an 30 Deireadh Fómhair – an 3 Samhain 2023)
An tríú seisiún den Choiste Caibidlíochta Idir-Rialtasach (INC-3) chun ionstraim idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le truailliú plaisteach a fhorbairt (Nairobi, an Chéinia, an 13 - 19 Samhain 2023)
COP28 (Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an 30 Samhain – an 12 Nollaig 2023)
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Coimisiún i láthair a mheasúnú ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ar Mhisin ‘Fís Eorpach’ an Aontais mar uirlis le haghaidh gníomhaíocht áitiúil ar son na haeráide.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir toscaireacht na Bulgáire na hairí ar an eolas faoin imeacht ardleibhéil don Óige agus don Ghníomhú ar son na hAeráide a tionóladh an 8 Nollaig ar imeall COP28.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.