Cad é staid an dúlra san Aontas?
Tuigeann an tAontas le fada an lá a thábhachtaí atá sé an nádúr agus an bhithéagsúlacht a chosaint; glacadh an chéad dlí in 1979 - an Treoir maidir le hÉin - mar aon le dlíthe agus cláir chistiúcháin eile ina dhiaidh sin. In ainneoin na n-iarrachtaí sin, tá meath mór ar staid an nádúir san Aontas.
Ghlac an Chomhairle an dlí maidir le hathbhunú an dúlra chun dea-bhail a chur ar an dúlra agus ar speicis arís. Leagtar síos leis an dlí, spriocanna ceangailteacha do na príomhéiceachórais, gnáthóga agus do na speicis a bhfuil cónaí acu iontu.
Ábhar imní don nádúr
Is ábhar mór imní do staid an dúlra san Aontas é an t-athbhreithniú is déanaí a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil in 2025, go háirithe ó thaobh na ngnáthóg a bhfuil cónaí ar gach cineál ainmhí agus planda iontu.
Is iad na tailte portaigh agus na dumhcha na tailte is mó a buaileadh
Barrachairt chothrománach cruachta a léiríonn an céatadán a bhaineann le cúig ghnáthóg éagsúla a raibh drochbhail orthu sna blianta 2013-2018: tailte portaigh (portaigh, talamh portaigh agus eanaigh), dumhcha, gnáthóga cois cósta, foraoisí agus féarthailte. Is faoi threoir an Aontais maidir le gnáthóga a dhéantar faireachán ar na gnáthóga seo.
I gcás gach ceann de na cúig ghnáthóg, tá os cionn 80% den limistéar a chumhdaítear iontu i ndrochriocht:
- tailte portaigh: 52% i ndrochriocht, drochbhail ar 36%
- dumhcha: 52% i ndrochriocht, drochbhail ar 34%
- gnáthóga cois cósta: 42% i ndrochriocht, drochbhail ar 44%
- foraoisí: 31% i ndrochriocht, drochbhail ar 54%
- féarthalaimh: 49% i ndrochriocht, drochbhail ar 33%
Tá meath ag teacht ar líon na speiceas chomh maith, de dheasca an mheatha ar na gnáthóga - a bhfuil gach cineál ainmhí agus planda ina gcónaí ann - agus de dheasca cúinsí agus bagairtí eile chomh maith.
Tá 38% de líon na n-éisc i ndrochriocht
Barrachairt chothrománach cruachta a léiríonn an céatadán a bhaineann le cúig ghrúpa éagsúla d’ainmhithe agus de phandaí a raibh drochbhail orthu sna blianta 2013-2018. Is faoi threoir an Aontais maidir le gnáthóga a dhéantar faireachán ar na hainmhithe agus ar na plandaí. Is iad na héisc is mó atá thíos leis, agus 80% i ndrochriocht.
Is iad seo a leanas na céatadáin:
- éisc: 38% i ndrochriocht, drochbhail ar 44%
- caonaigh agus plandaí neamhshoithíocha eile: 22% i ndrochriocht, drochbhail ar 52%
- débhlaoscaigh, seilidí agus moilisc eile: 30% i ndrochriocht, drochbhail ar 34%
- feithidí agus artrapóidí eile: 24% i ndrochriocht, drochbhail ar 39%
- froganna agus amfaibiaigh eile: 21% i ndrochriocht, drochbhail ar 40%
Is in olcas atá cúrsaí ag dul. I measc na ngnáthóg agus na speiceas a bhfuil drochbhail orthu, tá cúrsaí ag dul in olcas d’os cionn aon trian acu. Níl treocht in airde ach do 9% de ghnáthóga agus 6 % de na speicis a bhfuil drochbhail orthu.
I measc na speiceas atá i mbaol agus faoi bhagairt san Aontas, tá an méid a leanas:
Bradán danóbach
Turtar droimleathair
Hamstar rómánach
Bagairt ar an tslándáil bia
Ní féidir déanamh d’éagmais an nádúir sa táirgeadh bia. Is a bhuí leis na feithidí a phailníonn go ndéantar beagnach €5 bhilliún d’aschur bliantúil talmhaíochta san Aontas. Níl ann do na dálaí oiriúnacha, cuir i gcás áit ar bhféadfaí nead a thógáil, do na pailneoirí i gcothrom is 50% de na limistéir san Aontas ina bhfástar barra (crainn torthaí, mar shampla) atá spleách ar phailneoirí.
Dá dheasca seo, tá drochbhail ar na beacha agus ar na féileacáin, arb iad cinn de na pailneoirí is coitianta iad, san Aontas.
Tá os cionn 50% de líon na bhféileacán féaraigh caillte ó bhí 1991 ann
Táscaire maidir le féileacáin féarthalaimh atá sa chairt, ar ceann de na táscairí stádais um an bhithéagsúlacht san Eoraip é. Tá sé bunaithe ar an daonra de 17 speiceas féileacán a ndéantar faireachán orthu ar fud an Aontais agus atá ina saintréith d’fhéarthailte Eorpacha.
Cairt líne lena léirítear an táscaire maidir le féileacáin féarthalaimh idir 1991 agus 2023, agus luaitear 100 pointe sa bhliain 2000. Léirítear san innéacs gur tháinig laghdú 50.4 % ar dhaonraí féileacáin idir 1991 (innéacs 114.86) agus 2023 (innéacs 56.95). Tharla an chuid is mó den laghdú sin sa tréimhse suas go dtí 2007 (innéacs 73.51), agus tá an t-innéacs ag titim ar luas níos moille ó shin i leith.
Laghdú 42% ar líon na n-éan talaimh feirme ó bhí 1990 ann
Is pailneoirí iad na héin freisin. Cuireann athruithe comhshaoil isteach go mór orthu, agus dá bharr sin is léiriú maith iad ar shláinte an éiceachórais. Tháinig meath tubaisteach ar líon na n-éan feirme san Aontas idir 1990 agus 2023.
Léaráid d’éin agus sleamhnán, ar féidir é a bhogadh thar na héin. Agus tú á sleamhnú ar chlé, tagann meath ar líon na n-éan agus níl le feiceáil díobh ach an imlíne. Ag an am céanna, tá saighead anuas sa léaráid mar aon leis an uimhir 42%, is é sin an laghdú ar éin talaimh feirme ó bhí 1990 ann.
I measc na n-éan talaimh feirme a bhfuil laghdú ag teacht ar a líon, tá an méid a leanas:
Bustard beag
Guilbneach earrdhubh
Fearán eorpach
Féach freisin
Athbhunú an dúlra
An bhithéagsúlacht
Cosaint an dúlra
An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Iúil 2026