"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Físchomhdháil na n-airí cultúir agus closamhairc, 1 Nollaig 2020
Na príomhthorthaí
Ag ullmhú don todhchaí – téarnamh earnáil an chultúir agus na meán as paindéim COVID-19
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le cé mar is féidir athléimneacht fhadtéarmach earnáil an chultúir agus na meán a atreisiú agus cé mar is féidir le tionscail na cruthaitheachta agus leis na meáin leas a bhaint as cistí téarnaimh an Aontais agus faisnéis leordhóthanach a fháil maidir le deiseanna cisitiúcháin.
Bhuail géarchéim COVID-19 earnáil an chultúir agus earnáil na meán go han-trom. Sa phlé a rinneadh, daingníodh diongbháilteacht na mBallstát leanúint de thacaíocht a thabhairt do na hearnálacha sin ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais – cabhair téarnaimh a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr, faisnéis leordhóthanach maidir le cistiú agus cur chuige solúbtha i leith srianta taistil. Ar a bharr sin, oiriúnaíodh an tionscnamh Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa chun cabhrú leis na cathracha dá ndearna an phaindéim difear agus táimid ag súil go dtiocfaidh méadú ar an maoiniú tríd an gclár Eoraip na Cruthaitheachta ó 2021 amach.
Monika Grütters, Coimisinéir Cultúir agus Meán an Rialtais Cónaidhme
Thug na hairí a dtuairimí ar na pointí seo a leanas:
Ní mór na bearta téarnaimh Eorpacha a dhíriú orthu siúd lena mbaineann in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta, na meáin san áireamh, chun cabhrú leo ullmhú do dhúshláin a bheidh ann amach anseo ar bhealach inbhuanaithe athléimneach. Caithfidh an earnáil leanúint de bheith ag rannchuidiú le comhtháthú na hEorpa! Is mian linn cláir chistiúcháin na hEorpa a neartú a thuilleadh agus a áirithiú go mbeidh earnáil an chultúir agus na meán níos eolaí orthu. Beidh bearta inbhuanaithe de dhíth ina leith sin, bearta nach mór a phlé.
Is mian linn dul chun cinn a chur ar fáil d’earnáil an chultúir agus na meán amach anseo, go háirithe ós rud é go leanfaidh iarmhairtí ollmhóra na paindéime ar aghaidh go ceann i bhfad. Cé mar is féidir linn feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil ar mhaithe leis an gcultúr agus leis na meáin, mar shampla i dtaca le srianta taistil? Is mian linn a chinntiú go dtairbheoidh ár n-earnáil de na féidearthachtaí a ghabhann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nuair a chuirfear chun feidhme í ar an leibhéal náisiúnta.
Is díol sásaimh do na hairí go méadófar buiséad an chláir Eoraip na Cruthaitheachta go suntasach le haghaidh na tréimhse 2021-2027. Is díol sásaimh dóibh freisin gur cosúil go méadófar buiséad na gclár Erasmus+ agus Fís Eorpach don chéad tréimhse 7 mbliana eile agus na deiseanna a fhéadfaidh sin a sholáthar chun tacú le tionscal an chultúir agus tionscal na cruthaitheacha. Chuir na hairí in iúl go bhfuil súil acu go dtiocfar ar chomhaontú go luath maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile agus maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta mar is trí sin a fhéadfaidh cistiú breise a thabhairt d’earnáil an chultúr agus don earnáil chlosamhairc.
Chuir formhór na dtoscaireachtaí in iúl go bhfuil siad i bhfách leis an moladh tairseach idirlín a chruthú ina mbeadh faisnéis inrochtana agus spriocdhírithe maidir le deiseanna cistiúcháin d’ealaíontóirí agus do chruthaitheoirí ar fud an Aontais. Bheadh sé sin ina chuidiú chun deacrachtaí a shárú, amhail faisnéis neamhleor agus castacht na nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm.
Tríd is tríd tá na hairí ar aon intinn nach mór sineirgí a bheith ann idir an clár Eoraip na Cruthaitheachta agus cláir nó cistí eile de chuid an Aontais lena ngabhann sraitheanna atá dírithe ar ghníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha amhail Erasmus+, Fís Eorpach, an Eoraip Dhigiteach agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.
Ar na moltaí a rinneadh chun cuidiú le téarnamh thionscail an chultúir, na cruthaitheachta agus na meán, tá: creat dlíthiúil an Aontais á neartú, go háirithe Treoir an Aontais maidir le cóipcheart agus Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc a chur chun feidhme, cáin níos ísle a thabhairt isteach ar dhíolacháin leabhar, agus ardáin ar líne a chruthú lena soláthrófaí táirgí Eorpacha closamhairc.
D’iarr a lán airí go ndéanfaí eisceachtaí maidir le srianta taistil ar ealaíontóirí agus ar chruthaitheoirí ar fud an Aontais.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas gur ainmníodh an chathair Chemnitz sa Ghearmáin mar cheann de Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa in 2025. Thug toscaireacht na Slóivéine eolas faoi staid na himeartha maidir leis an bpróiseas chun an dara cathair (sa tSlóivéin) a ainmniú an teideal sin a bheith aici in 2025. Ba dhíol sásaimh do na hairí gur tugadh solúbthacht áirithe do ghníomhaíocht Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa ar mhaithe leis na cathracha ar a bhfuil tionchar diúltach mar gheall ar phaindéim COVID-19.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.