"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 17-18 Bealtaine 2021
Na príomhthorthaí
Oideachas agus Óige, 17 Bealtaine
Cothromas, cuimsiú, rath san oideachas agus oiliúint do chách
Is bunphrionsabail an oideachais agus na hoiliúna iad cothromas ó thaobh rochtain, cuimsiú agus rath do chách de. Mar sin féin, is dúshlán fós iad an cothromas agus an cuimsiú dár gcórais oideachais, le difríochtaí suntasacha sna Ballstáit agus eatarthu. Ós rud é gur gné thábhachtach é an cúlra socheacnamaíoch a mbíonn tionchar aige ar thorthaí oideachasúla san Aontas Eorpach, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an ábhar sin. Tá líon na dtearcghnóthachtálaithe agus na luathfhágálaithe scoile ard go fóill san Aontas. Fágann 20.3 % díobh siúd atá faoi mhíchumas oideachas go luath. Is iad na mic agus iníonacha léinn ar lú a ndeiseanna ar lú freisin na hionchais atá acu i ndáil leis an oideachas treasach a chríochnú (43.4 %) ná ionchais a bpiaraí (82.3 %). Iarrtar ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, sna conclúidí, obair le chéile ar bheartais chun an gnóthachtáil íseal a laghdú, chun leibhéil inniúlachta a ardú agus chun an dífhostaíocht a chosc.
Tá ról bunúsach ag córais oideachais agus oiliúna chuimsitheacha ó thaobh an ghnóthachtáil íseal a laghdú, leibhéil inniúlachta a ardú agus an dífhostaíocht a chosc, ar fud speictream iomlán an oideachais agus na hoiliúna agus i gcur chuige na hinstitiúide ina hiomláine, chun comhdheiseanna agus cuimsiú a fheabhsú agus rath oideachasúil a chur chun cinn ar gach leibhéal agus i ngach cineál oideachais agus oiliúna. Ní mór dúinn níos mó a dhéanamh chun bearta oideachais agus oiliúna a aithint a chuirfidh feabhas ar rath an oideachais do gach foghlaimeoir. Bealach amháin lena ndéanfaí sin ná trí aghaidh a thabhairt ar ghanntanais múinteoirí, go háirithe san oideachas um riachtanais speisialta agus i dtimpeallachtaí ilchultúrtha agus ilteangacha.
Tiago Brandão Rodrigues, Aire Oideachais na Portaingéile
D’fhormheas na hairí conclúidí maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha. Is colún bunúsach den Limistéar Eorpach Oideachais é tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha a bheidh le tógáil faoi 2025. Iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit úsáid a bhaint as na sásraí cistiúcháin uile atá ar fáil chun tacú leis an tionscnamh agus molann sí go mbeadh tuilleadh comhair ann idir údaráis oideachais, institiúidí ardoideachais agus geallsealbhóirí chun deireadh a chur le bacainní ar chomhar ar an leibhéal Eorpach, agus é á chur san áireamh gur féidir le hOllscoileanna Eorpacha a bheith lárnach chun naisc thábhachtacha a thógáil lena dtaighde agus lena gcur chuige foghlama agus teagaisc atá bunaithe ar dhúshláin, lena gcruthófar sineirgí níos láidre idir an ghné ardoideachais den Limistéar Eorpach Oideachais, den Limistéar Eorpach Taighde agus den Limistéar Eorpach Ardoideachais.
Tá comhghuaillíochtaí na 41 Ollscoil Eorpacha ina gcéim luath forbartha, ach tá sé d’aidhm acu a bheith ina n-ollscoileanna ceannródaíocha amach anseo, agus iad ag spreagadh claochlú an ardoideachais san Aontas. Níl aon amhras ach go gcuideoidh an comhar thar theangacha, theorainneacha agus disciplíní le fís uaillmhianach a bhaint amach maidir le Limistéar Eorpach Oideachais agus Limistéar Eorpach Taighde a bheidh nuálach, iomaíoch ar an leibhéal domhanda agus tarraingteach agus chun ár luachanna comhchoiteanna Eorpacha a threisiú.
Manuel Heitor, Aire Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Ardoideachais na Portaingéile
Cásanna atá ag teacht chun cinn do chlaochlú an ardoideachais san Aontas
Ag eascairt as na conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, bhí díospóireacht bheartais phoiblí ag na hairí chun tuairimí a éisteacht agus a mhalartú maidir le todhchaí an ardoideachais agus, go háirithe, maidir le ról na n-institiúidí ardoideachais mar spreagadh don athrú i dtreo an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais. Bhí trí cheist sa díospóireacht: ar cheart comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha a chothú mar dheiseanna tástála don idir-inoibritheacht agus do chur chun cinn an chomhair idir na Ballstáit maidir le gairmeacha Eorpacha sa taighde agus sa teagasc a fhorbairt; cad iad na bearta sonracha atá na Ballstáit sásta a dhéanamh chun cur chuige Eorpach a chur chun cinn maidir le dearbhú cáilíochta le haghaidh céimeanna comhpháirteacha; agus an bhfuil na Ballstáit ag smaoineamh ar reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh lena gceadaítear micridhintiúr san ardoideachas a úsáid.
Is dúshlán ar leith do cheapadh beartas san ardoideachas ar fud na hEorpa é éagsúlacht an ardoideachais a chaomhnú san Eoraip agus fís choiteann Eorpach agus luachanna comhchoiteanna Eorpacha a chur chun cinn ar mhaithe le féiniúlacht Eorpach níos láidre a chothú i measc na n-óg agus na saoránach, agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu mar chuid de chlaochlú ardoideachas an Aontais. Ina theannta sin, agus an claochlú sin á chur san áireamh, ní mór dúinn a ráthú go mbeidh na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá ag foghlaimeoirí agus go gcinnteofar go mbeidh straitéisí oideachais, taighde agus nuálaíochta comhtháite fadtéarmacha acu, go mbeidh an tsochaí i gcoitinne rannpháirteach iontu, d’fhonn an timpeallacht eolais ar fud réigiúin na hEorpa a neartú agus chun cur le cáilíocht, tarraingteacht agus cumhachtú sochaíoch na n-institiúidí Eorpacha ardoideachais.
Manuel Heitor, Aire Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Ardoideachais na Portaingéile
Rannpháirtíocht daoine óga i bpróisis chinnteoireachta a chur chun cinn
Cé go bhfuil daoine an-ghníomhach sa saol daonlathach, ní rómhinic a bhíonn deiseanna acu a bheith rannpháirteach sa phróisis cinnteoireachta agus is tearc a n-ionadaíocht sa phróiseas sin. Ó tharla go dtéann an clár oibre polaitiúil ina iomláine i bhfeidhm orthu, tá sé ríthábhachtach go mbeadh siad rannpháirteach agus go mbeadh ról acu i bhfreagairtí a aimsiú ar dhúshláin an lae inniu.
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an rialachas il-leibhéil a neartú tráth a mbeifear ag cur rannpháirtíocht daoine óga sna próisis chinnteoireachta chun cinn. Is é is aidhm do na conclúidí seo a chinntiú go mbeadh deiseanna comhionanna ag gach duine óg i ndáil le rannpháirtíocht, páirt a ghlacadh agus cumhachtú sna próisis chinnteoireachta ábhartha.
Tá daoine óga i measc na ndaoine is mó a ndeachaigh srianta COVID-19 i bhfeidhm orthu. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh siad rannpháirteach sa chinnteoireacht mar go rachaidh cinntí an lae inniu i bhfeidhm ar a dtodhchaí. Sin an fáth ar cheart dúinn uile tacú le struchtúir ghníomhacha inbhuanaithe maidir le rannpháirtíocht na n-óg agus beartais á bhforbairt.
Tiago Brandão Rodrigues, Aire Oideachais na Portaingéile
Cur chuige cearta-bhunaithe i leith beartas óige: An iarracht tiomantas a spreagadh sa todhchaí?
Agus iad ag tarraingt ar an aosacht, bíonn dúshláin shonracha os comhair daoine óga a fhágann i riocht leochaileach iad. Mar thoradh air sin, ní mór feabhas a chur ar an rochtain atá ag daoine óga ar chearta agus ba cheart é sin a léiriú i mbeartas óige a bheidh bunaithe ar chearta an duine. Bhí díospóireacht phoiblí ag na hairí faoin gcaoi ar féidir leis na húdaráis, ar gach leibhéal, daoine óga a dhéanamh rannpháirteach, a nascadh agus a chumhachtú.
Gnó eile
Thuairiscigh an Uachtaránacht maidir leis an tionchar atá á imirt ag COVID-19 ar oideachas, oiliúint agus an óige faoi láthair.
Chuir uachtaránacht nua na Fionlainne a clár oibre i láthair.
Cultúr, Closamharc agus Spórt, 18 Bealtaine
Téarnamh, athléimneacht agus inbhuaine na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta
Tá ról ríthábhachtach ag an gcultúr don fhéiniúlacht Eorpach agus tá tionchar tábhachtach sóisialta agus eacnamaíoch aige. Tá conclúidí formheasta ag an gComhairle lena n-athdheimhnítear go bhfuil earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i measc na n-earnálacha is mó atá buailte ag paindéim COVID-19 agus go bhfuil gá le gníomhaíochtaí beartais cinntitheacha agus iad ag tacú leo, mar fhreagairt láithreach agus mar chur chuige níos uaillmhianaí agus níos fadradharcaí, toisc gur nochtadh leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair roinnt dúshlán struchtúrtha agus leochaileachtaí a bhí ann cheana sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheacha. Sainaithnítear sé thosaíocht sna conclúidí d’fhonn téarnamh, athléimneacht agus inbhuaine na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta a chur chun cinn, eadhon an rochtain ar an gcistiú atá ar fáil a fheabhsú; feabhas a chur ar athléimneacht gairmithe sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta; an tsoghluaisteacht agus an comhar a neartú a thuilleadh; an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a bhrostú; feabhas a chur ar eolas agus ar an ullmhacht i gcomhair na ndúshlán a bheidh ann amach anseo; agus timpeallachtaí cultúir agus pobail áitiúla a chur san áireamh. Tá sé d'aidhm ag na conclúidí ón gComhairle an chothroime agus an comhionannas do chách a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt do chás ealaíontóirí mná agus do ghairmithe cultúrtha mná. Iarann an Chomhairle ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún dea-chleachtais a mhalartú agus na conclúidí seo a mheas faoi 2023.
Bhí pictiúrlanna, amharclanna agus féilte ceoil i measc na gcéad dreamanna a dúnadh nuair a cuireadh tús leis an bpaindéim agus tá siad i measc na ndreamanna deireanacha le hathoscailt agus muid ag téarnamh ón ngéarchéim is measa le blianta fada anuas. Ní mór dúinn a chinntiú go dtiocfaidh na hearnálacha cruthaitheacha agus cultúir slán as an bpaindéim, le go mbeidh siad réidh don todhchaí.
Graça Fonseca, Aire Cultúir na Portaingéile
Tá conclúidí formheasta ag an gComhairle chun tacú le téarnamh agus claochlú earnálacha na meán nuachta agus an chlosamhairc. Ós rud é go bhfuil caillteanais ollmhóra tabhaithe ag an dá earnáil mar gheall ar phaindéim COVID-19, iarrtar ar na Ballstáit leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arb ionstraim airgeadais iar-ghéarchéime san Aontais í, agus infheistíocht a dhéanamh chun dlús a chur le claochlú digiteach agus aistriú glas na n-earnálacha sin.
Is freagairt iad na conclúidí ón gComhairle ar an bplean gníomhaíochta a chuir an Coimisiún chun cinn i mí na Nollag seo caite. Is mithid próiseas machnaimh a dhéanamh ar roinnt ábhair bhunúsacha a bhféadfaimid breathnú orthu le dearcadh nua. Tá a fhios againn go mbeidh athmhachnamh ar shamhlacha traidisiúnta gnó i gceist leis an aistear seo, go dtreiseofar ár n-iomaíochas sa bhaile agus go hidirnáisiúnta agus go mbeidh sé thar a bheith tábhachtach an leas is seiftiúla is féidir a bhaint as an tonn glas agus digiteach. Agus ciallóidh sé sin freisin an leas is fearr is féidir a bhaint as ár sócmhainní Eorpacha: saibhreas cultúrtha, éagsúlacht chultúrtha agus cruthaitheacht.
Graça Fonseca, Aire Cultúir na Portaingéile
Foinsí agus sásraí cistiúcháin a éagsúlú chun oidhreacht chultúrtha na hEorpa a choimirciú agus a chosaint
Is earra poiblí é oidhreacht na hEorpa, a bhfuil luach sóisialta agus eacnamaíoch tábhachtach ag gabháil leis. Mar sin féin, tá a cosaint i mbaol de dheasca brú buiséadach, agus is measa an chosaint sin mar gheall ar ghéarchéim COVID-19. Phléigh na hairí conas is fearr tacaíocht airgeadais a thabhairt d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa, an áit ar féidir teacht ar fhoinsí nua cistiúcháin agus na céimeanna is fearr le glacadh san fhadtéarma.
An nuálaíocht i gcúrsaí spóirt
Tá conclúidí maidir leis an nuálaíocht i gcúrsaí spóirt formheasta ag an gComhairle. Iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit tionscnaimh agus tionscadail taighde agus forbartha agus tionscadail i réimse na nuálaíochta spóirt, a chur chun cinn agus tacú leo, eolas a chruthú agus a scaipeadh, agus uirlisí a chur ar fáil chun forbairt níos fearr a dhéanamh ar bheartas agus ar thagarmharcáil nuálaíochta an spóirt.
Is í an nuálaíocht is cúis le thart ar dhá thrian d'fhás eacnamaíoch na hEorpa le cúpla scór bliain anuas. Féadfaidh an nuálaíocht i gcúrsaí spóirt cuidiú le rannpháirtíocht na saoránach a mhéadú sa spórt agus i ngníomhaíocht choirp ach is uirlis í freisin chun sláine sa spóirt a chosaint agus chun dúshláin amhail cúbláil cluichí agus dópáil a ghleic.
Tiago Brandão Rodrigues, Aire Oideachais na Portaingéile
Is coincheap réasúnta nua ar leibhéal an Aontais é an taidhleoireacht spóirt. San am céanna, baineadh leas as spórt i gcónaí chun teachtaireachtaí polaitiúla a chur in iúl agus is cuid de bhosca uirlisí taidhleoireachta chomhghleacaithe domhanda an Aontais é. Phléigh airí an Aontais cibé acu an gcuirtear treoirphlean ar fáil le taidhleoireacht chultúrtha agus oideachasúil an Aontais chun straitéis taidhleoireachta spóirt an Aontais a fhorbairt nó nach gcuirtear, agus cad iad na chéad chéimeanna eile ar cheart a dhéanamh ina leith sin.
Gnó eile
Thuairiscigh an Uachtaránacht faoin tionchar atá á imirt ag COVID-19 ar spórt faoi láthair
Chuir Uachtaránacht nua na Fionlainne a cláir oibre do chultúr/do ghnóthaí closamhairc agus do spórt i láthair
Thuairiscigh an Uachtaránacht faoi chomhdhálacha na huachtaránachta maidir le cultúr agus na meáin
Thug ionadaí Bhallstáit an Aontais ón bhfoireann trí Uachtaránacht ar Bhord Fondúireachta na Gníomhaireachta Domhanda Frithdhópála (WADA) eolas do na hairí faoi chruinniú Choiste Feidhmiúcháin agus Bhord Fondúireachta WADA
Thug toscaireacht na Spáinne aghaidh ar an tionchar a bhíonn ag na hardáin físeán ar éileamh (VOD) ar mhargadh closamhairc an Aontais, go háirithe ar an gcaidreamh atá ag gníomhaithe éagsúla an luachshlabhra le chéile
Maidir le toscaireacht na Gearmáine, chuir sí cách ar an eolas ó thaobh an bheartais cultúir de sa chaibidlíocht atá ar bun chun an Treoir maidir le CBL a leasú, agus breathnaigh sí go sonrach ar chánachas na hearnála trádála ealaíne
Thuairiscigh toscaireacht na Slóivéine faoi Phríomhchathair Eorpach an Chultúir a ainmniú do 2025
Thug an Coimisiún eolas faoin tionscnamh "HealthyLifestyle4All” atá le seoladh i mí Mheán Fómhair 2021
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.