"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le fogha na Rúise faoin Úcráin.
Sular thosaigh an plé sa Chomhairle, labhair Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, le hairí an Aontais ar feadh scaitheamh beag trí fhíschomhdháil, agus chuir sé ar an eolas iad faoinar thit amach le déanaí ar an talamh agus faoi thosaíochtaí agus riachtanais mhíleata na hÚcráine.
Dheimhnigh an Chomhairle go bhfuil rún daingean ag an Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do chosaint dhlisteanach na hÚcráine i gcoinne an ionsaitheora, i bhfianaise na n-ionsaithe a rinneadh le déanaí ar chalafoirt agus stóráil gráin na hÚcráine.
Dhírigh plé na Comhairle ansin ar na gealltanais slándála is féidir leis an Aontas a thairiscint don Úcráin, chun tiomantas fadtéarmach a dhéanamh den tacaíocht atá ann cheana do shlándáil agus d’athléimneacht na hÚcráine.
Phléigh na hairí den chéad uair tionscnamh an Ardionadaí chun maoiniú níos inbhuanaithe agus níos intuartha a áirithiú don tacaíocht chosanta don Úcráin, trí roinn thiomnaithe a chruthú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.
Leag mé amach do na hairí an tionscnamh atá againn maidir le maoiniú níos inbhuanaithe agus níos intuartha a áirithiú don tacaíocht chosanta don Úcráin. Molaimid go ndéanfaí roinn thiomnaithe a chruthú faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun suas le EUR 5 bhilliún sa bhliain a chur ar fáil as seo go ceann 4 bliana le haghaidh riachtanais chosanta na hÚcráine.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ar deireadh, rinne an Chomhairle trácht ar dheireadh a bheith á chur ag an Rúis le tionscnamh Ghráin na Mara Duibhe, agus d’athdhearbhaigh sí a tacaíocht d’Fhoirmle Síochána na hÚcráine, a bhfeictear don Aontas gurb í an t-aon bhonn cuimsitheach amháin atá ann chun síocháin chóir inbhuanaithe a bhaint amach.
An Tuirc
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc, ag eascairt as na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 29 agus an 30 Meitheamh inar iarradh ar an Ardionadaí agus ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí maidir le staid na himeartha i ndáil leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an ngá atá ann do AE dul i gcomhar leis an Tuirc, agus tógáil ar chomhleasanna, agus iad ag iarraidh na difríochtaí atá eatarthu a dhíbirt.
Rachadh sé chun tairbhe do chobhsaíocht agus do shlándáil an réigiúin ina iomláine dá mbeadh díghéarú inbhuanaithe ann sa Mheánmhuir Thoir, agus dá dtiocfaí ar réiteach ar cheist na Cipire, i gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó na Náisiúin Aontaithe.
Measadh freisin go raibh sé ríthábhachtach saoirsí agus luachanna bunúsacha a chaomhnú mar a shainmhínítear iad sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, a bhfuil Ankara ina pháirtí ann.
Gné an bheartais eachtraigh den tslándáil eacnamaíoch
Chuir an tArdionadaí i láthair na Comhairle, go hachomair, an teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ón Ardionadaí maidir le Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch an 20 Meitheamh 2023, agus é ag díriú ar an ngné a bhaineann leis an mbeartas eachtrach.
Beidh plé ag an gComhairle maidir leis an ábhar sin amach anseo chun féachaint ar bhealaí nua a d’fhéadfadh a bheith ann chun rioscaí do shlándáil eacnamaíoch an Aontais a bhainistiú i gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú go tapa agus i gcomhthéacs casta geopholaitiúil, agus féachfaidh sí an bhféadfaí leas a bhaint as na hionstraimí atá ar fáil sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála.
Cúrsaí reatha
Faoin mír Cúrsaí reatha, rinne an Chomhairle beagán plé ar an méid seo a leanas, i measc rudaí eile: cruinniú mullaigh AE-CELAC an 17 agus an 18 Iúil, an Airméin agus an Asarbaiseáin, agus Próiseas Síochána an Mheánoirthir.
Plé neamhfhoirmiúil le Antony Blinken, Státrúnaí na Stát Aontaithe
Bhí malartú tuairimí ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais leis an Rúnaí Blinken maidir leis an mbealach chun comhar agus comhordú beartais eachtraigh AE-SAM atá láidir cheana féin a neartú a thuilleadh, lena n-áirítear conas oibriú le chéile ar dhúshláin dhomhanda, an cur chuige i leith na Síne agus rannpháirtíocht le comhpháirtithe atá ag teacht chun cinn.
Ba é seo an ceathrú huair a ghlac an Rúnaí Blinken páirt i gcruinniú den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ó deimhníodh é.
Phléigh na páirtithe an leibhéal comhair – nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo – mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a mhéid a bhaineann leis an tacaíocht don Úcráin agus leis na hiarrachtaí iarmhairtí domhanda chogadh Putin a mhaolú, agus phléigh siad for-rochtain chomhordaithe agus rannpháirtíocht chomhordaithe le comhpháirtithe eile ar fud an domhain.
Conclúidí ón gComhairle agus cinntí eile
D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le tosaíochtaí an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe le linn an 78ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Meán Fómhair 2023 go Meán Fómhair 2024.
Ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach Chomhaontú Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (OACPS), mar chreat dlíthiúil nua don chaidreamh idir an tAontas agus a Bhallstáit agus 79 dtír san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, go ceann fiche bliain, comhaontú a thiocfaidh i gcomharbas ar Chomhaontú Cotonou.
córas nua smachtbhannaí bunaithe ag an Aontas lena gceadaítear don Aontasdaoine agus eintitis as an Iaráin a liostú atá freagrach as tacaíocht mhíleata a chur ar fáil, le ladrainn, do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus chomh maith leis sin, liostaigh sé seisear faoi chórais smachtbhannaí eile atá ann cheana
Tá 18 nduine aonair agus 5 eintiteas atá freagrach as foréigean inscnebhunaithe agus a bhfuil baint acu le cásanna Navalny agus Kara-Murza liostaithe ag an Aontas
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.