Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 25 Aibreán 2017 11:20

Saoránaigh a chosaint ó thruailliú mearcair

Ghlac an Chomhairle rialachán ar an 25 Aibreán 2017 maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha agus scaoileadh mearcair agus comhdhúile mearcair san aer, san uisce agus sa talamh.

Is substaint an-tocsaineach é mearcair ar riosca tromchúiseach domhanda é do shláinte an duine agus don chomhshaol, lena n-áirítear an chomhdhúil dá chuid, meitil-mearcair, a fhaightear in iasc, i mbia mara, in éiceachórais agus san fhiadhúlra.

Forálfar do leibhéal ard cosanta leis an rialachán nua agus cuirfear teorainn leis an truailliú a ghintear le gníomhaíochtaí agus le próisis a bhaineann le mearcair.

Chun na críche sin, bunaítear bearta agus coinníollacha leis an rialachán ar leibhéal an Aontas leis an méid a leanas a rialú agus a shrianadh:

  • úsáid, stóráil agus trádáil mearcair, comhdhúl mearcair agus meascán mearcair;
  • monarú, úsáid agus trádáil táirgí ar cuireadh mearcair leo;
  • úsáid mearcair i malgam fiaclóireachta;
  • agus lena chinntiú go ndéanfar dramhaíl mearcair a bhainistiú go cuí.

Féadfaidh astaíochtaí agus scaoileadh na substainte guaisí a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí amhail mianadóireacht mearcair, úsáid mearcair i dtáirgí agus i bpróisis thionsclaíocha, i mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála, i ndó guail agus i mbainistiú dramhaíola mearcair, agus féadfar an comhshaol agus an tsláinte a chur i mbaol leis sin.

Cúlra agus na chéad chéimeanna eile

Rinne an Coimisiún a thogra, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 freisin, a chur i láthair ar an 2 Feabhra 2016.

Ar an 14 Márta 2017, ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh. Anois agus an seasamh sin formheasta ag an gComhairle, féadfar an Rialachán a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nuair a shíneoidh Uachtarán na Parlaimint Eorpaí agus Uachtarán na Comhairle an gníomh, agus tiocfaidh sé i bhfeidhm 20 lá tar éis a fhoilsithe.

Foráiltear do níos mó soiléireachta dlíthiúla agus trédhearcachta leis na rialacha nua agus beidh feidhm leo amhail ón 1 Eanáir 2018, nuair a ghlacfaidh siad ionad Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008.

Raon feidhme idirnáisiúnta: Coinbhinsiún Minamata

Is féidir le mearcair gluaiseacht i bhfad nuair a astaítear nó nuair a scaoiltear san aer nó san uisce é. Is mar gheall air sin nach féidir leis an Aontas cosaint a shaoránach in aghaidh drochéifeachtaí mearcair don tsláinte a ráthú ina aonar. Caithfear dul i ngleic le truaillliú mearcair ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin.

Tugtar aghaidh ar an tsaincheist sin sa rialachán nua trí fhorálacha a leagan amach a chuirfidh ar chumas an Aontais agus a Bhallstát Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a fhormheas, a dhaingniú agus a chur chun feidhme. Áiritheofar leis freisin go mbeidh dlí an Aontais i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún.

Is conradh atá ceangailteach ó thaobh dlí é Coinbhinsiún Minamata, a glacadh in Kumamoto (sa tSeapáin) ar an 10 Deireadh Fómhair 2013, lena bhforáiltear do chreat le truailliú mearcair a laghdú ar bhonn domhanda. Tá an Coinbhinsiún á dhaingniú ag na stáit sínithe agus ag eagraíochtaí réigiúnacha faoi láthair. Tá an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta don daingniú, agus tá na bearta riachtanacha á ndéanamh le cinntiú go dtarlóidh sin.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024