Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP26), Cruinniú Mullaigh na gCeannairí Domhanda, Glaschú na Ríochta Aontaithe, 1 Samhain 2021

Príomhthorthaí Chruinniú Mullaigh na gCeannairí Domhanda

Cuireadh tús leis an 26ú ceann de Chomhdhálacha na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26) ag Cruinniú Mullaigh na gCeannairí Domhanda an 1 Samhain 2021. Ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 12 Samhain, thug COP26 an 197 bpáirtí i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) le chéile. Ina measc siúd, tá an tAontas agus Ballstáit uile an Aontais.

Bhí toscaireacht an Aontais faoi stiúir Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen agus Príomh-Aire na Slóivéine, Janez Janša, thar ceann Uachtaránacht na Slóivéine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Agus é ag labhairt thar ceann an Aontais, chuir an tUachtarán Michel i bhfáth, in éineacht leis an Uachtarán Von der Leyen, nach mór don chine daonna gníomhú anois chun an téamh domhanda a theorannú.

Tá cogadh curtha ag an gcine daonna ar an dúlra: caithfear deireadh a chur leis. Is é an Domhan an t-aon bhaile atá againn. Ní mór dúinn uasteorainn 1.5C a chur leis an téamh domhanda. Is mithid gníomhú anois i dteannta a chéile. An tUachtarán Charles Michel

Ag ócáid na gceannairí dar téama ‘Action and Solidarity Debate – The Critical Decade’ (Díospóireacht faoi Ghníomhaíocht agus Dlúthpháirtíocht - Na Deich mBliana Chriticiúla), a bhí dírithe ar dhlúthpháirtíocht leis na tíortha is soghonta, shonraigh tUachtarán Michel réimsí tábhachtacha nach mór don phobal idirnáisiúnta díriú orthu:

  • cistí poiblí a shlógadh
  • oibriú leis an earnáil phríobháideach
  • praghsáil carbóin
  • comhleanúnachas idir beartais eacnamaíocha

Príomhthorthaí Chomhdháil COP26

Rinneadh dul chun cinn suntasach ag an gcomhdháil i nGlaschú maidir leis an athrú aeráide a chríochnaigh an 13 Samhain tar éis coicís chaibidlíochta idir na páirtithe de Chomhaontú Pháras.

Ar na príomhthionscnaimh bhí:

  • cistiú méadaithe do thíortha i mbéal forbartha chun dul i ngleic leis an athrú aeráide
  • seoladh an ghealltanais dhomhanda maidir le meatán
  • bailchríoch a chur ar leabhar rialacha Chomhaontú Pháras

Mar sin féin, fágann Comhaontú Ghlaschú maidir leis an Athrú Aeráide deis chun tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh sna blianta amach romhainn chun an sprioc 1.5 céim Celsius a bhaint amach.

D’óstáil an Ríocht Aontaithe, mar shealbhóir ar uachtaránacht COP26, an chomhdháil i gcomhpháirtíocht leis an Iodáil. Beartaíodh i dtosach í do 2020, ach cuireadh siar í ar feadh bliana mar gheall ar phaindéim COVID-19.

An tUachtarán Charles Michel: Ní mór dúinn a bheith i mbarr ár maitheasa

Seasamh an Aontais do COP26

Chomhaontaigh an Chomhairle seasamh an Aontais ina iomláine an 6 Deireadh Fómhair 2021. Ina conclúidí, rinne an Chomhairle an méid seo a leanas:

  • d’iarr sí ar na páirtithe uile teacht chun tosaigh le Rannchuidithe uaillmhianacha arna gCinneadh go náisiúnta (NDCanna)
  • d’iarr sí ar mhórthíortha forbartha eile a ngealltanas airgeadais $100 billiún leis an maoiniú don aeráid a mhéadú
  • leag sí síos seasamh an Aontais maidir le rialacha do mhargaí idirnáisiúnta carbóin, lena gcuirtear ar chumas tíortha laghduithe ar astaíochtaí a thrádáil
  • leag sí síos seasamh an Aontais maidir le hamchláir chomhchoiteanna le haghaidh na ngealltanas i ndáil le laghdú astaíochtaí atá san áireamh in NDC gach tíre

An 5 Deireadh Fómhair, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le maoiniú don aeráid. Is é an aidhm atá ann, an gealltanas foriomlán a chomhlíonadh maidir le $100 billiún a shlógadh in aghaidh na bliana faoi 2025 chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha dul i ngleic le héifeachtaí an athraithe aeráide.

Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Eorpach an 21 agus an 22 Deireadh Fómhair, rinne ceannairí an Aontais a marana ar na hullmhúcháin do COP26. D’athdhearbhaigh siad príomhghnéithe sheasamh an Aontais sna conclúidí ón gcruinniú.

Léiríonn an ghrafaic faisnéise cé mar a dhéanfaidh an tAontas beart de réir a bhriathair a mhéid a bhaineann le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.
Comhaontú Pháras: conair an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta (Grafaic faisnéise)

Comhaontú Pháras: conair an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta (Grafaic faisnéise)

Cúlra

An cruinniú mullaigh deireanach

Tionóladh cruinniú mullaigh na gceannairí ag an 25ú comhdháil de na páirtithe (COP25) i Maidrid na Spáinne, an 2 Nollaig 2019.

Comhaontú Pháras

In 2015, leag ceannairí domhanda spriocanna nua uaillmhianacha amach do chomhrac an athraithe aeráide ag an 21ú comhdháil de na páirtithe (COP21) i bPáras. Thug siad comhaontú i gcrích lena leagtar amach plean gníomhaíochta chun an téamh domhanda a theorannú.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025