- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir, 15 Nollaig 2021
Na príomhthorthaí
Tháinig ceannairí an Aontais, ceannairí Bhallstáit an Aontais agus ceannairí thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir le chéile don séú cruinniú mullaigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2021.
Is é Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Is iad an tUachtarán Michel agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a rinne ionadaíocht thar ceann an Aontais.
Bhí an Airméin, an Asarbaiseáin, Poblacht na Moldóive, an tSeoirsia agus an Úcráin i measc chomhpháirtithe an oirthir a bhí i láthair ag an gcruinniú mullaigh. Tá a rannpháirtíocht i gComhpháirtíocht an Oirthir curtha ar fionraí ag an mBealarúis ach leanann an tAontas den chomhar le muintir na Bealarúise.
Ag deireadh an chruinnithe, ghlac na ceannairí dearbhú comhpháirteach.
Chuir na ceannairí i bhfios go láidir go bhfuil a gcomhpháirtíocht fós bunaithe go dlúth ar chomhluachanna bunúsacha , leasanna frithpháirteacha agus comhúinéireacht, freagracht, cuimsitheacht, idirdhealú agus cuntasacht fhrithpháirteach.
Féachann Comhpháirtíocht an Oirthir leis an gcobhsaíocht, leis an rathúnas agus leis an gcomhar frithpháirteach a chothú, agus leis an tiomantas do na hathchóirithe riachtanacha a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda agus réigiúnacha.
D’eisigh Poblacht na hAsarbaiseáine dearbhú náisiúnta.
Comhluachanna
Chuir na ceannairí i dtábhacht a ndiongbháilteacht chomhpháirteach seasamh leis na luachanna bunúsacha atá i gcoitinn acu:
- an daonlathas agus an smacht reachta a neartú
- cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad
- comhionannas inscne a chur chun cinn
- sochaithe cuimsitheacha a chothú
- a chinntiú go n-urramófar ina n-iomláine prionsabail agus noirm an dlí idirnáisiúnta
Tacaíonn an tAontas go daingean i gcónaí le neamhspleáchas agus ceannasacht chomhpháirtithe uile an oirthir, agus lena n-iomláine chríochach laistigh dá dteorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta.
Is cúis mhór imní dúinn fós an díchobhsú agus sáruithe ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, mar a bhíonn ar siúl go leanúnach ina lán codanna de réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir agus ar bagairt iad ar an tsíocháin, ar an tslándáil agus ar an gcobhsaíocht. Iarraimid go ndéanfaí iarrachtaí as an nua chun réiteach síochánta a chur chun cinn ar choinbhleachtaí neamhréitithe i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir bunaithe ar phrionsabail agus noirm an dlí idirnáisiúnta. Cruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir - dearbhú comhpháirteach
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí na hiarrachtaí atá a ndéanamh ag an Aontas, an engagement feabhsaithe uaidh agus an ról neartaithe atá aige chun coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach agus chun muinín a chothú.
D’athdhearbhaigh siad an ceart ceannasach atá ag gach comhpháirtí leibhéal na huaillmhéine agus a spriocanna a roghnú i dtaca lena chaidreamh leis an Aontas. Ní dírithe i gcoinne aon duine atá an Chomhpháirtíocht, ach ceapadh é chun cur leis an tsíocháin agus leis an rathúnas i dtíortha uile na comharsanachta.
Comhpháirtíocht
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí na comhaontuithe atá tugtha i gcrích ag comhpháirtithe an oirthir agus ag an Aontas nó na cinn sin faoina bhfuil siad i mbun caibidlíochta san am i láthair:
- teacht i bhfeidhm iomlán na gComhaontuithe Comhlachais agus na Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála le Poblacht na Moldóive, leis an tSeoirsia agus leis an Úcráin
- teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Cuimsithí Feabhsaithe idir an tAontas agus an Airméin i mí an Mhárta 2021
- an dul chun cinn sa chaibidlíocht idir an tAontas agus an Asarbaiseáin maidir le comhaontú cuimsitheach nua
D’admhaigh an tAontas tionscnamh na dtrí chomhpháirtí comhlachaithe (Poblacht na Moldóive, an tSeoirsia agus an Úcráin) chun an comhar leis an Aontas a neartú.
Is oth leis an Aontas gur chinn údaráis na Bealarúise a rannpháirtíocht sa Chomhpháirtíocht a chur ar fionraí agus is fada leis an comhar sin ag atosú a luaithe a bheidh na dálaí is gá i bhfeidhm le haghaidh aistriú síochánta daonlathach chun tógáil ar chlár oibre comhpháirteach bunaithe ar chomhluachanna agus ar chomhleasanna.
Idir an dá linn, leanfaidh an tAontas de bheith i dteagmháil le saoránaigh, sochaí shibhialta agus meáin neamhspleácha na Bealarúise agus le tacaíocht a thabhairt dóibh siúd, lena n-áirítear trí phlean tacaíochta eacnamaíche cuimsitheach le haghaidh Bealarúis dhaonlathach, plean dar luach suas le €3 billiún.
Agus ráitis a rinneadh roimhe seo á n-athdhearbhú aige, cháin an tAontas an úsáid mar uirlis atá á baint ag údaráis na Bealarúise as imircigh agus dídeanaithe, agus go deimhin gach cás inár úsáideadh imircigh mar uirlis chun críoch polaitiúil.
Ní neart go cur le chéile: Comhpháirtíocht an Oirthir (Grafaic faisnéise)
An athléimneacht agus an rathúnas
Gheall na ceannairí go bhfeabhsóidís an athléimneacht trí dhíriú ar an méid a leanas:
- an smacht reachta a neartú
- riarachán poiblí atá éifeachtúil trédhearcach cuntasach a bhunú ar gach leibhéal rialtais
- dul i ngleic leis an gcalaois, leis an éilliú agus leis an gcoireacht eacnamaíoch
- an choireacht eagraithe a chomhrac
- an tslándáil agus an chibear-athléimneacht a neartú, lena n-áirítear i gcoinne bagairtí hibrideacha
Gheall na ceannairí cóineasú a dhéanamh de réir a chéile i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag na gcomhpháirtithe don Aontas.
Ina theannta sin, d’athdhearbhaigh siad a thábhachtaí atá sé an chumarsáid straitéiseach a neartú chun athléimneacht a fhorbairt, lena n-áirítear comhrac na bréagaisnéise agus na cúblála faisnéise.
Ba dhíol sásaimh don Aontas agus do na comhpháirtithe leasmhara gur síníodh le déanaí na comhaontuithe comhlimistéir eitlíochta leis an Airméin agus leis an Úcráin, comhaontuithe lena gcruthófar deiseanna nua do thomhaltóirí agus oibreoirí araon.
Ba dhíol sásaimh dóibh na comhaontuithe leis an Airméin, le Poblacht na Moldóive, leis an tSeoirsia agus leis an Úcráin maidir lena gcomhlachas le Fís Eorpach, clár réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht (2021-2027).
- Fís Eorpach (eolas cúlra)
- <em>Armenia joins Horizon Europe</em> [An Airméin ina comhalta anois de Fís Eorpach] (An Coimisiún Eorpach)
- <em>Georgia joins Horizon Europe</em> [An tSeoirsia ina comhalta anois de Fís Eorpach] (An Coimisiún Eorpach)
- <em>Republic of Moldova joins Horizon Europe</em> [Poblacht na Moldóive ina comhalta anois de Fís Eorpach] (An Coimisiún Eorpach)
- <em>Ukraine joins Horizon Europe</em> [An Úcráin ina comhalta anois de Fís Eorpach] (An Coimisiún Eorpach)
Oibreoidh na ceannairí chun feabhas a chur ar an athléimneacht comhshaoil agus aeráide tríd an aistriú glas a chur chun cinn trí infheistíochtaí agus comhar maidir leis an ngeilleagar ciorclach, leis an bhfás glas agus leis an oiriúnú don aeráid, agus tríd an mbithéagsúlacht a neartú.
Tacaíonn an tAontas leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag na tíortha comhpháirtíochta chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 tríd an ngual a chéimniú amach, rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta níos uaillmhianaí a dhéanamh agus dlús a chur le cur chun feidhme na rannchuidithe sin i gcomhréir le gealltanais COP26.
Beartas Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020
Gheall na ceannairí go gcuirfidís feabhas ar an gcomhar ar bhonn bheartas Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020.
Leagtar béim ar théarnamh, athléimneacht agus athchóiriú mar bhloic thógála lárnacha sa chlár oibre a bheidh ann amach anseo sna cúig chuspóir fhadtéarmacha atá i mbeartas Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020. Seo a leanas na cuspóirí fadtéarmacha:
- geilleagair athléimneacha inbhuanaithe comhtháthaithe a fhorbairt
- institiúidí cuntasacha, an smacht reachta agus an tslándáil a chinntiú
- athléimneacht chomhshaoil agus aeráide a fhorbairt
- claochlú digiteach athléimneach a chur ar fáil
- sochaithe athléimneacha, córa agus cuimsitheacha atá comhionann ó thaobh inscne de, a chruthú
Tá plean infheistíochta eacnamaíoch réigiúnach uaillmhianach dar luach €2.3 billiún (lena n-áirítear tionscnaimh shuaitheanta tíre) ag gabháil leis na cuspóirí sin chun tacú le téarnamh socheacnamaíoch iar-COVID-19 agus chun athléimneacht níos fadtéarmaí a neartú trí dhlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Meastar go ndéanfaidh an plean suas le €17 mbilliún a ghiaráil in infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha.
Mar chuid de na chéad infheistíochtaí a rannchuideoidh le spriocanna an phlean infheistíochta eacnamaíoch, tá an méid a leanas:
- seachadfar 100 bus chliste fhuinneamhéifeachtúla chuig Yerevan chun brú tráchta agus truailliú aeir a laghdú (an Airméin)
- rachaidh idirlíon ardluais chun leasa 1 000 pobal i gcodanna tuaithe den tSeoirsia
- déanfar an nascacht a fheabhsú agus an Mholdóiv a cheangal go docht leis an nGréasán tras-Eorpach Iompair
- méadófar éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh sa Mholdóiv agus san Úcráin
- tacófar le cuideachtaí beagmhéide agus meánmhéide san Asarbaiseáin agus san Úcráin
Tagann an plean infheistíochta eacnamaíoch sin sa bhreis ar thacaíocht shuntasach chun dul i ngleic leis an bpaindéim, faoi chur chuige Foireann na hEorpa, agus ar an tacaíocht leanúnach don vacsaíniú agus chun deimhnithe digiteacha COVID-19 a fhorbairt.
- Tosaíochtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir amach anseo (bileog eolais ón gCoimisiún Eorpach)
- Beartas Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020 (eolas cúlra)
Leagadh beartas Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020 amach i dteachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ón Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i mí an Mhárta 2020. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an teachtaireacht agus na cuspóirí a leagadh amach inti sna conclúidí uaithi i mí na Bealtaine 2020 agus chuir ceannairí Chomhpháirtíocht an Oirthir in iúl gur díol sásaimh dóibh an teachtaireacht agus na cuspóirí sin i bhfíschomhdháil i mí an Mheithimh 2020. Leagtar tuilleadh sonraí faoin gclár oibre nua amach i ndoiciméad inmheánach oibre comhpháirteach a glacadh i mí Iúil 2021.
- Teachtaireacht chomhpháirteach: beartas Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020, an 18 Márta 2020 (Eur-Lex)
- Conclúidí ón gComhairle maidir le beartas Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020, an 11 Bealtaine 2020
- Doiciméad inmheánach oibre comhpháirteach: téarnamh, athléimneacht agus athchóiriú: tosaíochtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020, Iúil 2021
Comhpháirtíocht an Oirthir: Téarnamh – Athchóiriú – Athléimneacht (Grafaic faisnéise)
Dlúthpháirtíocht
Meabhraíodh do na ceannairí gur deis é an téarnamh socheacnamaíoch agus an fhorbairt fhadtéarmach tar éis COVID-19 chun athléimneacht a neartú trí infheistíocht a dhéanamh sa nascacht inbhuanaithe agus trí dhlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.
D’admhaigh siad tiomantas leanúnach an Aontais agus na Ballstáit tacú le tíortha comhpháirtíochtaaghaidh a thabhairt ar an bpaindéim, ar an bpróiseas vacsaínithe, ar an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise frithvacsaíne agus athléimneacht sláinte níos fadtéarmaí a chothú.
Mar chuid den fhreagairt dhomhanda a thug Foireann na hEorpa ar COVID-19, sholáthraigh an tAontas agus na Ballstáit €2.5 billiún chun tacú le tíortha comhpháirtíochta agus iad ag dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte agus chun tacú leis an téarnamh socheacnamaíoch fadtéarmach. Áirítear leis sin beagnach €1.5 billiún de chúnamh macra-airgeadais do Phoblacht na Moldóive, don tSeoirsia agus don Úcráin.
Cuireadh €75 mhilliún ar fáil chun tacú leis an bpróiseas vacsaínithe agus rochtain ar vacsaíní. Cuimsítear leis sin €40 milliún do thionscadal de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte atá ar siúl faoi láthair maidir le himscaradh vacsaíní agus €35 mhilliún do shásra arna chomhordú ag an bPolainn lena n-éascófar seachadadh vacsaíní as na Ballstáit chuig tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, rud a chuirfidh leis an mbreis agus 13 mhilliún dáileog a deonaíodh go dtí seo trí COVAX agus trí shásra comhroinnte vacsaíní an Aontais. Táthar ag súil cheana féin go ndéanfar deonú sna seachtainí amach romhainn dar méid 400 000 vacsaín BioNTech/Pfizer as an bPortaingéil chuig an Airméin.
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí aitheantas frithpháirteach do dheimhnithe digiteacha COVID-19 atá tugtha ag an Airméin, ag Poblacht na Moldóive, ag an tSeoirsia agus ag an Úcráin, agus a thabharfaidh an Asarbaiseáin go luath, a fhágann gur sábháilte agus gurb éasca taisteal chuig an Aontas agus uaidh.
Comhúinéireacht
Tá comhúinéireacht neartaithe iarrtha ag na ceannairí agus d’athdhearbhaigh siad a thábhachtaí atá engagement cuimsitheach gach cuid den tsochaí. Chuir siad i dtábhacht a riachtanaí atá sé tuilleadh engagement a bheith ann leis an tsochaí shibhialta, go háirithe le daoine óga agus trí chomhionannas inscne, caoinfhulaingt agus idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn.
Is cuid lárnach de Chomhpháirtíocht an Oirthir é engagement a bheith ann leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear trí Fhóram Sochaí Sibhialta na Comhpháirtíochta, agus for-rochtain leathnaithe agus tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta.
Tionscnaimh bhreise
Roimh an gcruinniú mullaigh, seoladh roinnt tionscnamh eile chun tacú le Comhpháirtíocht an Oirthir.
Is cuid de thionscnamh EU4Business í Deasc Chabhrach Trádála Chomhpháirtíocht an Oirthir. Féachann sí le cabhrú le borradh a chur faoi iomaíochas trádála micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus san Aontas.
Cabhróidh comhaontú maoiniúcháin, lena dtabharfar tacaíocht bhuiséadach dar luach €60 milliún don Mholdóiv, leis an tír dul i ngleic le tionchar na géarchéime tromchúisí gáis. Fógraíodh an comhaontú sin le linn an séú chruinniú den Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv an 28 Deireadh Fómhair 2021 agus síníodh an 15 Nollaig 2021 é. Tacóidh sé leis na saoránaigh is leochailí agus iad ag iarraidh déileáil le billí fuinnimh níos daoire.
Rinne an Coimisiún Eorpach pacáiste nua cúnaimh dar luach €30 milliún a shlógadh chun tacú le muintir na Bealarúise, laistigh den tír agus lasmuigh di. Díríonn an pacáiste ar thacaíocht a chur ar fáil do dhaoine óga, do na meáin neamhspleácha, do FBManna atá ar deoraíocht agus do ghníomhaithe cultúrtha.
A bhfuil curtha i gcrích ag Comhpháirtíocht an Oirthir:
- b'fhiú os cionn €65 bhilliún an trádáil idir an tAontas agus Comhpháirtíocht an Oirthir in 2020 (+22% i 10 mbliana)
- is é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó ag ceithre cinn de shé thír na Comhpháirtíochta
- thacaigh an tAontas le os cionn 185 000 FBM i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus rinneadh 1.65 milliún post a chruthú nó a choinneáil ar bun
- cuireadh os cionn 80 000 deis malartaithe ar fáil do dhaoine óga
- gealltanas tugtha ag beagnach 50% d’údaráis áitiúla Chomhpháirtíocht an Oirthir a n-astaíochtaí CO2 a laghdú
Mór-imeachtaí ar an imeall
Tá níos mó i gceist le Comhpháirtíocht an Oirthir ná an caidreamh idir rialtais. Tá dlúthbhaint ag daoine óga, údaráis áitiúla, an tsochaí shibhialta, na meáin, gnólachtaí agus geallsealbhóirí eile in imeachtaí tiomnaithe eile ar imeall an chruinnithe mullaigh.
Mhol rannpháirtithe i gcruinniú na n-oifigeach sinsearach tosaíochtaí agus spriocanna bunaithe ar an doiciméad inmheánach oibre comhpháirteach.
Bhí malartú tuairimí ag airí gnóthaí eachtracha Chomhpháirtíocht an Oirthir maidir le bealaí chun an chomhpháirtíocht a chur chun cinn, ag díriú go háirithe ar shaincheisteanna a bhaineann le rialachas agus le hinfheistíocht, agus maidir le bealaí chun an chomhpháirtíocht a neartú ar mhaithe le hathléimneacht, téarnamh agus athchóiriú.
Tháinig daoine óga, oibrithe don óige agus lucht déanta beartais le chéile do chúigiú Fóram na nÓg Chomhpháirtíocht an Oirthir, imeacht ar líne a tionóladh an 23 agus an 24 Samhain, chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí faoi luachanna agus rannpháirtíocht na n-óg i bpróisis dhaonlathacha agus chun plé a dhéanamh ar phríomhéachtaí, ar dhúshláin agus ar dheiseanna do rannpháirtíocht na n-óg i gcomhthéacs na dtosaíochtaí tar éis 2020 do Thionscnamh Chomhpháirtíocht an Oirthir
Tionóladh an 13ú tionól bliantúil d’Fhóram Sochaí Sibhialta Chomhpháirtíocht an Oirthir ar líne ón 30 Samhain go dtí an 2 Nollaig 2021. Thug sé le chéile breis agus 300 eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta agus Chomhpháirtíocht an Oirthir agus cinnteoirí an Aontais chun na céimeanna agus na dúshláin deiridh a phlé roimh an gcruinniú mullaigh, mar aon leis na huaillmhianta agus na cuspóirí beartais a leagtar amach sna doiciméid nua beartais.
Thionóil an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na Gearmáine um Chaidreamh Eachtrach imeacht ardleibhéil de chuid Líonra na Meithleacha Machnaimh maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir. Bhí an chéad imeacht den sórt sin ar siúl i Meán Fómhair 2020 faoin téama ‘Comhpháirtíocht an Oirthir an Aontais Eorpaigh in aimsir an tsuaite’.
Dhírigh 10ú Comhdháil bhliantúil na nÚdarás Réigiúnach agus Áitiúil le haghaidh Chomhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP) ar a thábhachtaí atá sé naisc le húdaráis áitiúla i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a dhoimhniú.
Cúlra
Comhpháirtithe an Oirthir: fíricí agus figiúirí
- Bileog eolais maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Airméin (SEGS)
- Bileog eolais maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Asarbaiseáin (SEGS)
- Bileog eolais maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis (SEGS)
- Bileog eolais maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia (SEGS)
- Bileog eolais maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Mholdóiv (SEGS)
- Bileog eolais maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Úcráin (SEGS)
Comharsana Thoir an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach nuachta seo tá an fhaisnéis is déanaí faoi chomhar an Aontais le comhpháirtithe an oirthir, ina measc: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin. Tá leathanach tiomnaithe ann freisin faoin séú cruinniú mullaigh de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir, atá ar fáil in ocht dteanga.
An cruinniú mullaigh deireanach
Tionóladh an cúigiú cruinniú mullaigh de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir in 2017.
20 sprioc insoláthartha do 2020
Ag an gcruinniú mullaigh a bhí ar siúl in 2017, ghlac na ceannairí ‘20 sprioc insoláthartha do 2020’, plean oibre uaillmhianach chun feabhas a chur ar shaol na saoránach i dtíortha comhpháirtíochta an Oirthir. Díríonn an plean oibre ar cheithre thosaíocht don chomhar.
- 20 sprioc insoláthartha do 2020 (eolas cúlra)
- 20 sprioc insoláthartha do 2020: torthaí nithiúla a bhaint amach do shaoránaigh (bileog eolais SEGS)
Léiríodh i gcomhairliúchán maidir lena bhfuil i ndán do Chomhpháirtíocht an Oirthir tráth chomóradh 10 mbliana na Comhpháirtíochta go raibh an 20 sprioc insoláthartha sin oiriúnach don fheidhm agus gur éirigh leo torthaí nithiúla a bhaint amach.
Ambasadóirí Óga Eorpacha
Sheol an tAontas Eorpach an tionscnamh Ambasadóirí Óga Eorpacha i mí an Mheithimh 2016, tráth ar ceapadh an chéad 100 duine óg mar ambasadóirí. Is líonra neamhpholaitiúil deonach é de dhaoine óga réamhghníomhacha ó thíortha comhpháirtíochta an Oirthir, ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe, a bhfuil fonn orthu ceangal a dhéanamh, roinnt agus oibriú le chéile ar mhaithe le todhchaí níos fearr. Faoi láthair, tá níos mó ná 700 ambasadóir óg Eorpach gníomhach ann in 34 thír.
Don séú cruinniú mullaigh de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir, tá díospóireachtaí tráthúla á n-eagrú ag na hambasadóirí óga Eorpacha i dtíortha uile Chomhpháirtíocht an Oirthir ar phríomhchainéil meán a ndéantar a bheoshruthú go dtí na céadta míle duine ar ardáin choitianta. Is iad na hambasadóirí óga Eorpacha iad féin a roghnaíonn na hábhair don phlé agus dírítear ar infheistíochtaí an Aontais amach anseo agus ar réimsí comhair a théann i gcion ar dhaoine óga, agus leas á bhaint as clár oibre ardleibhéil an chruinnithe mullaigh.
Déantar na díospóireachtaí a bheoshruthú ar leathanach Facebook EU Neighbours East.
Insintí bréagaisnéise faoi Chomhpháirtíocht an Oirthir
Tá feachtais bhréagaisnéise dírithe ar Chomhpháirtíocht an Oirthir agus ar a comhaltaí, rud a fhágann nach mbíonn faisnéis shoiléir infhíoraithe ag saoránaigh faoin tionscnamh agus faoi na tairbhí a bhaineann leis.
Chuir Tascfhórsa Cumarsáide Straitéisí an Oirthir (an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí) bileog eolais le chéile chun na hinsintí bréagaisnéise is coitianta maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir agus tíortha comhpháirtíochta a nochtadh.
Naisc úsáideacha
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Iúil 2025