"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Cruinniú físchomhdhála idir ceannairí an Aontais, Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, an 2 Nollaig 2021, 2 Nollaig 2021
Na príomhthorthaí
Tháinig ceannairí an Aontais agus ceannairí thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib le chéile i bhfíschomhdháil an 2 Nollaig 2021.
Is é Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Is iad an tUachtarán Michel agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a rinne ionadaíocht thar ceann an Aontais. Bhí Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, páirteach sa chruinniú freisin.
Ba chéim thábhachtach cruinniú an lae inniu chun an t-idirphlé idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib a athsheoladh ar an leibhéal is airde. Tá súil againn gur cloch chora é ionsar chruinniú mullaigh dé-réigiúnach a luaithe a bheith dálaí fóirstineacha ann dó.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Ba iad cinn stáit nó rialtais as tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib ag a bhfuil uachtaránachtaí na n-eagraíochtaí réigiúnacha agus fo-réigiúnacha in 2021 a rinne ionadaíocht ar thaobh Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib: An Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, Eacuadór, Guatamala, an Mheicsiceo agus Suranam.
Is é téama foriomlán an chruinnithe ‘Oibriú as lámha a chéile ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe iar-COVID’.
Freagairt agus téarnamh COVID-19
D’athdhearbhaigh ceannairí an Aontais go raibh siad faoi réir chun dlús a chur leis an gcomhar chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19.
Ag obair mar Fhoireann na hEorpa i gcomhar leis na Ballstáit, tá €3 bhilliún i dtacaíocht láithreach don tsláinte tugtha cheana féin ag an Aontas do thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib. D’onnmhairigh an tAontas breis agus 130 milliún dáileog vacsaíne chuig na tíortha sin. Is príomh-rannchuiditheoir é le COVAX, a thug níos mó ná 50 milliún dáileog don réigiún. Dheonaigh Ballstáit an Aontais 10 milliún dáileog eile do bheagnach leath de thíortha uile Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib.
Cuirfidh an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) iasacht tuairim is €85 mhilliún ar fáil don Airgintín chun tionscnaimh athléimneachta agus ullmhachta le haghaidh paindéime a mhaoiniú mar aon le tacú le vacsaíní a cheannach.
Tá an tAontas faoi réir freisin féachaint an bhféadfaí tacú le táirgeadh agus dáileadh vacsaíní sa réigiún.
Níos mó ná riamh, baineann ábharthacht gheopholaitiúil leis an gcomhlachas straitéiseach seo againne: nuair a áirítear an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib le chéile is trian de bhallraíocht na Náisiún Aontaithe iad agus is comhaltaí de G20 seacht gcinn acu. Dá bhrí sin, is féidir ról cinntitheach a bheith againn maidir leis an gclár oibre iltaobhach a mhúnlú agus aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin dhomhanda amhail COVID-19, an fhorbairt inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Ullmhacht sláinte
Tá an tAontas réidh chun tacú le tionscnaimh réigiúnacha amhail plean ECLAC na Náisiún Aontaithe maidir le neamhthuilleamaíocht i gcúrsaí sláinte i dtíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib agus na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an Eagraíocht Sláinte uile-Mheiriceánach.
Ag cur chun suntais dóibh a thábhachtaí atá freagairt iltaobhach, d’iarr ceannairí an Aontais ar chomhpháirtithe thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib tacú leis an obair ar ionstraim nua idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí.
D’fhógair ceannairí an Aontais go gcuirfí €3.4 billiún ar fáil faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (2021-2027) le haghaidh thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib chun tacú le téarnamh fadtéarmach inbhuanaithe ón bpaindéim.
Thairis sin, tá sé mar aidhm ag an Aontas níos mó ná €12 bhilliún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a ghiaráil sa réigiún tríd an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+).
Forchoimeádfar ar a laghad €800 milliún chun tacú le Muir Chairib agus cur chun feidhme Chomhaontú Iar-Cotonou.
An t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta a chomhrac
D’fhógair ceannairí an Aontais tionscnamh nua de chuid Foireann na hEorpa lena dtacófar le hiarrachtaí chun deireadh a chur le dífhoraoisiú i réigiún na hAmasóine. Chuir siad chun suntais freisin ranníocaíocht €1 bhilliún ón Aontas leis an nGealltanas Domhanda le haghaidh Mhaoiniú na bhForaoisí a fógraíodh ag COP26 i nGlaschú.
Tabharfaidh an tAontas tacaíocht airgeadais do na comhpháirtithe Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib chun a gcuid gealltanas faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh. Ina theannta sin, thairg ceannairí an Aontais an comhar a neartú i dtaca le hoiriúnú don athrú aeráide.
Tá na ceannairí ag súil le Comhaontas Digiteach idir an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a sheoladh in 2022 chun an digiteáil duine-lárnach a chur chun cinn go comhpháirteach. Rinneadh cábla snáthoptaice trasatlantach (EllaLink) a imscaradh le déanaí, cábla lena nasctar an dá réigiún tríd an bPortaingéil agus tríd an mBrasaíl, agus cuirfidh an comhaontas siúd leis an imscaradh sin. Ba cheart an cábla a leathnú go luath chuig tíortha eile i Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib.
Ag eascairt as seoladh na Tairsí Domhanda, is é sin straitéis nascachta an Aontais, an 1 Nollaig 2021, oibreoidh an tAontas le tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib chun tionscadail inmharthana eile a shainaithint go comhpháirteach, amhail acmhainneacht na hidrigine glaise a fhorbairt agus slabhraí luacha inbhuanaithe amhábhar le réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a chruthú.
Mhol ceannairí an Aontais go mbainfí leas iomlán as an líonra ollmhór de chomhaontuithe trádála agus comhlachais idir an dá réigiún mar spreagadh le haghaidh téarnamh eacnamaíoch, cruthú post agus deiseanna infheistíochta ar dhá thaobh an Atlantaigh.
Comhtháthú sóisialta a chur chun cinn agus neamhionannais a chomhrac
Chuir ceannairí an Aontais chun suntais go bhfuil an urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha ríthábhachtach chun téarnamh marthanach a bhaint amach, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar chumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn. Tacóidh tionscnamh réigiúnach nua de chuid Foireann na hEorpa, ar tionscnamh maidir le slándáil agus ceartas é, leis an gcomhar dé-réigiúnach maidir le slándáil na saoránach, coireacht eagraithe agus an smacht reachta.
Phléigh na ceannairí freisin an comhar chun dul i ngleic leis na neamhionannais mhéadaitheacha agus chun an comhtháthú sóisialta a chur chun cinn. Le tionscnamh de chuid Fhoireann na hEorpa, díreofar in 2022 ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin struchtúracha ghaolmhara, amhail trí chórais cosanta sóisialta athléimneacha a thógáil, beartais fhioscacha a athmhúnlú agus dearadh beartas poiblí cuimsitheach a chur chun cinn.
Gheall ceannairí an Aontais agus Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib go n-oibreoidís as lámh a chéile chun téarnamh inbhuanaithe ó phaindéim COVID-19 a shaothrú
Cúlra
In oirchill an chruinnithe
Is le linn cruinniú neamhfhoirmiúil idir airí an Aontais agus airí Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib an 14 Nollaig 2020, a d'óstáil Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh go fíorúil i mBeirlín, a sainaithníodh na topaicí a bhí le plé ag cruinniú na gceannairí.
Mar ullmhúchán don chruinniú idir ceannairí an Aontais agus ceannairí Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, ghlac an tUachtarán Michel páirt sa séú cruinniú mullaigh de Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh an 19 Meán Fómhair 2021.
Comhpháirtíocht idir an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib
Agus dlúthcheangal acu lena chéile ó thaobh staire, cultúir, pobail agus luachanna de, tá an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib ar na réigiúin is mó atá ar aon intinn lena chéile. Nuair a áirítear le chéile iad is trian de bhallraíocht na Náisiún Aontaithe iad agus is comhalta de G-20 seacht gcinn acu.
Tá méadú suntasach tagtha ar an nascacht dhigiteach idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib tríd an gcábla snáthoptaice tras-Atlantach fomhuirí BELLA (Building the Europe Link with Latin America) [Nasc na hEorpa le Meiriceá Laidineach a Thógáil], a nascann an Phortaingéil agus an Bhrasaíl le chéile. Cuireadh bailchríoch ar a thógáil i mí an Mhárta 2021 agus tionscnaíodh é go hoifigiúil an 1 Meitheamh le linn Thionól Digiteach 2021, a d’eagraigh Uachtaránacht na Portaingéile ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach go comhpháirteach.
Áirítear sa chomhpháirtíocht idir an dá réigiún gréasán de chomhaontuithe comhlachais, trádála, polaitiúla agus comhair idir an tAontas agus 27 gcinn de na 33 thír i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.