- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin, Cív, an Úcráin, an 12 Deireadh Fómhair 2021, 12 Deireadh Fómhair 2021
Príomhthorthaí
Tionóladh an 23ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin i gCív an 12 Deireadh Fómhair 2021.
Is iad Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a rinne ionadaíocht thar ceann an Aontais ag an gcruinniú mullaigh. Rinne an tUachtarán Volodymyr Zelensky, ionadaíocht thar ceann na hÚcráine.
Taobh thiar de na cruinnithe oifigiúla, tá éachtaí nithiúla ann lena n-athraítear saol daoine, lena dtugtar saoirse, acmhainní breise chun tacú leis an smacht reachta, agus rathúnas breise. Is é sin fíor-bhrí na nasc idir an Úcráin agus an tAontas. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Ag deireadh an chruinnithe, ghlac na ceannairí ráiteas comhpháirteach.
Comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch
D'athdhearbhaigh na ceannairí an tiomantas leanúnach chun neartú a dhéanamh ar chomhlachas polaitiúil agus ar chomhtháthú eacnamaíoch na hÚcráine leis an Aontas Eorpach.
Ba dhíol sásaimh dóibh na torthaí a baineadh amach faoin gcomhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin agus an rath a bhí ar an limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála. Ó cuireadh tús le cur i bhfeidhm an limistéir dhomhain chuimsithigh saorthrádála in 2016 tá méadú suntasach tagtha ar na sreafaí trádála déthaobhacha.
Ba dhíol sásaimh don dá thaobh an malartú measúnuithe a bhí acu i ndáil leis an gcomhaontú comhlachas d'fhonn measúnú comhpháirteach a chur i láthair ag an gcéad chruinniú mullaigh déthaobhach eile sa Bhruiséil in 2022.
Is baill den teaghlach Eorpach céanna sinn. Bhí deis ag 17,000 mac léinn as an Úcráin páirt a ghlacadh i dtionscadal Erasmus+ le blianta beaga anuas. Bhain 50 milliún saoránach Eorpach tairbhe as gluaiseacht gan víosa san Aontas. A ndúirt an tUachtarán Michel tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin
Chomhaontaigh na ceannairí an comhtháthú agus an comhar eacnamaíoch a fheabhsú a thuilleadh faoi chuimsiú an chomhaontaithe comhlachais, lena n-áirítear sna réimsí seo a leanas:
- comhfhogasú bheartais agus reachtaíocht na hÚcráine leis an gComhaontú Glas don Eoraip
- margaí fuinnimh agus córais fuinnimh na hÚcráine a chomhtháthú le margadh fuinnimh an Aontais, lena mbunófar cothroime iomaíochta
- leanúint d’idirthuras gáis tríd an Úcráin a bheith ann tar éis 2024, córas tarchurtha gáis na hÚcráine a nuachóiriú agus slándáil fuinnimh na hEorpa a neartú
- an Úcráin a ailíniú le Margadh Aonair Digiteach an Aontais faoi shainchúram an chomhaontaithe comhlachais.
Shínigh an tAontas agus an Úcráin trí chomhaontú ar imeall an chruinnithe mullaigh freisin:
- comhaontú eitlíochta sibhialta lena gcruthófar deiseanna nua tráchtála d’aerlínte na hÚcráine agus na mBallstát
- comhaontú maidir le haontachas na hÚcráine le clár Fís Eorpach agus le clár Taighde agus Oiliúna Euratom
- comhaontú maidir le haontachas na hÚcráine le clár Eoraip na Cruthaitheachta
Sa tréimhse roimh chruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir, ba dhíol sásaimh do na ceannairí an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme na gcomhaontuithe comhlachais agus na limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála leis an tSeoirsia, le Poblacht na Moldóive agus leis an Úcráin, agus d’iarr siad go gcuirfí chun feidhme ina n-iomláine iad. Beidh an cruinniú mullaigh ar siúl sa Bhruiséil an 15 Nollaig 2021.
An próiseas athchóirithe
D'aithin na ceannairí an dul chun cinn suntasach atá déanta an Úcráin ina próiseas athchóirithe, amhail oscailt stairiúil mhargadh na talún talmhaíochta.
Chuir siad chun suntais gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí sin, go háirithe i ndáil le hathchóirithe breithiúnacha, leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe agus le hathchóiriú earnáil na slándála.
D’athdhearbhaigh an tAontas a thacaíocht shuntasach leanúnach don Úcráin le nasc soiléir le cur chun feidhme éifeachtach na n-athchóirithe agus na mbeart beartais. Ó 2014 i leith, tá an tAontas agus Institiúidí Airgeadais na hEorpa tar éis pacáiste iasachtaí agus deontas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ar fiú breis is €17 mbilliún iad a chur ar fáil don Úcráin.
Cúnamh i ndáil le COVID-19
Thug na ceannairí dá n-aire go dtéann tacaíocht an Aontais chun cabhrú leis an Úcráin dul i ngleic le tionchar socheacnamaíoch na paindéime thar an méid a chuir an tAontas ar fáil d’aon chomhpháirtí eile, le €1.2 billiún de chúnamh macra-airgeadais chomh maith le pacáiste tacaíochta dar luach €190 milliún á leithdháileadh.
Oibreoidh an tAontas agus an Úcráin i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an Úcráin ar vacsaíní COVID-19 faoi chuimsiú an ardáin COVAX, lena n-áirítear trí shásra an Aontais um aistriú vacsaíní.
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí freisin go bhfuil an Úcráin i measc na dtíortha agus na gcríoch nach bhfuil san Aontas ach atá nasctha le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais. Ciallaíonn sé sin go nglactar le deimhniú COVID na hÚcráine san Aontas faoi na coinníollacha céanna a nglacfaí le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, glacann an Úcráin le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais.
An beartas eachtrach agus slándála
D'athdhearbhaigh an tAontas go dtacaíonn sé go daingean le neamhspleáchas, le ceannasacht agus le hiomláine chríochach na hÚcráine.
Thug na ceannairí dá n-aire a thábhachtaí atá sé comhar a fheabhsú a thuilleadh i réimse an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) agus ar chóineasú méadaithe na hÚcráine leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES).
D’aithin siad freisin a thábhachtaí atá sé an comhar a fheabhsú a thuilleadh chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis.
Is dlúthchuid freisin den tslándáil é dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus cibear-ionsaithe. Is ar an gcúis sin a neartóimid an cibear-idirphlé. A ndúirt an tUachtarán Michel tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin
D’athdhearbhaigh na ceannairí go gcáineann siad go láidir an sárú follasach a rinneadh ar cheannasacht agus ar iomláine chríochach na hÚcráine trí ghníomhartha ionsaitheacha atá á ndéanamh ag fórsaí armtha na Rúise ó mhí Feabhra 2014.
Ba dhíol sásaimh don Aontas gur bunaíodh an tArdán Idirnáisiúnta maidir leis an gCrimé a seoladh ag an gcruinniú mullaigh tosaigh a tionóladh an 23 Lúnasa i gCív, agus tacaíonn sé le cur chun feidhme an dearbhaithe chomhpháirtigh a shínigh an tAontas agus a Bhallstáit.
Ba dhíol sásaimh don Úcráin na conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh, nuair a d’athdhearbhaigh ceannairí an Aontais gurb é cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc is príomhchoinníoll ag aon athrú substaintiúil i seasamh an Aontais ina chaidreamh leis an Rúis.
Smachtbhannaí an Aontais in aghaidh na Rúise
Chuir na ceannairí chun suntais gur chuir an tAontas síneadh arís lena smachtbhannaí i leith na Rúise, smachtbhannaí a glacadh ó 2014 i leith mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus ar dhíchobhsú d’aonghnó na hÚcráine.
Tá nasc soiléir fós idir fad na smachtbhannaí sin agus cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc.
Ina theannta sin, an lá roimh an gcruinniú mullaigh, d’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha ar ochtar eile as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus as beartais a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na beartais sin ar an méid sin.
Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise maidir leis an Úcráin (ó 2014 i leith) (Grafaic faisnéise)
Cúlra
An caidreamh idir an tAontas agus an Úcráin
Tá an caidreamh idir an tAontas agus an Úcráin bunaithe ar an gcomhaontú comhlachais (AA) a tháinig i bhfeidhm in 2017. Limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála (LDCST) atá sa chuid eacnamaíoch den chomhaontú comhpháirtíochta.
Léirscaoileadh víosaí
Ó 2017 i leith, níl víosa le haghaidh tréimhsí gearrfhanachta i limistéar Schengen de dhíth ar shaoránaigh na hÚcráine.
An cruinniú mullaigh roimhe seo
Tionóladh an cruinniú mullaigh deireanach idir an tAontas agus an Úcráin an 6 Deireadh Fómhair 2020 sa Bhruiséil.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025