Skip to content

Cruinniú mullaigh COP26 maidir leis an athrú aeráide

Deireadh tagtha le COP26 i nGlaschú: dul chun cinn maith ach ní mór tuilleadh a dhéanamh

Ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 13 Samhain, tháinig ceannairí domhanda le chéile i nGlaschú na Ríochta Aontaithe ag an gcruinniú mullaigh maidir leis an athrú aeráide - COP26. Ach cad dó a seasann COP26 agus cén fáth a raibh na ceannairí ag teacht le chéile?

Cad atá i gceist le COP26?

Ócáid mhór is ea Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide – COP26, ina dtugtar le chéile ceannairí ó gach tír ar domhan chun teacht ar chomhaontú maidir le conas dlús a chur leis an ngníomhú domhanda chun an ghéarchéim aeráide a réiteach.

Tháinig ceannairí domhanda le chéile beagnach 30 bliain ó shin chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide den chéad uair riamh. D’iarr na Náisiúin Aontaithe ar thíortha coinbhinsiún aeráide a shíniú ina ngeallfadh gach tír astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Ó shin i leith, tháinig na tíortha a shínigh an coinbhinsiún – ar a dtugtar ‘páirtithe’ go foirmiúil – le chéile gach bliain chun dul chun cinn agus dúshláin a phlé (mar gheall ar phaindéim COVID-19, níor tionóladh cruinniú in 2020).

Seasann COP do ‘chomhdháil na bpáirtithe’ i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide. Is é COP26 an 26ú cruinniú de chuid na bpáirtithe sa Choinbhinsiún agus d'óstáil an Ríocht Aontaithe é i gcomhpháirtíocht leis an Iodáil.

Ag an gcruinniú, rinne na páirtithe athbhreithniú ar an dul chun atá déanta acu i ndáil lena gcuid gealltanas faoi sprioc Chomhaontú Pháras an téamh domhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus leanúint dá n-iarrachtaí teorainn 1.5°C a chur leis.

Míniú ó Philippe Lefebure, ár saineolaí maidir le beartas aeráide, ar a bhfuil i gceist le cruinniú mullaigh COP26 maidir leis an aeráid.

Cén fáth a raibh COP26 tábhachtach?

An téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 1.5°C, is é sin an bealach is fearr leis an bpláinéad a shábháil ó éifeachtaí contúirteacha an athraithe aeráide, de réir na saineolaithe. Ach níl an domhan ar an mbóthar ceart fós chun é sin a bhaint amach, agus tá an teocht dhomhanda ag dul i méid.

De réir na tuarascála is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), tá an téamh domhanda ina chúis le méadú ar athruithe atá tagtha ar phatrúin bháistí, ar aigéin agus ar ghaotha i réigiúin uile an domhain, agus i gcásanna áirithe, ní féidir na hathruithe sin a aisiompú. San Aontas agus ar fud an domhain, is minice agus is déine iad na himeachtaí adhaimsire atá ag teacht chun cinn, amhail teasthonnta, tuilte agus dóiteáin foraoise.

Tá sé thar a bheith práinneach gníomhú i gcoinne an athraithe aeráide. Thug COP26 ceannairí domhanda le chéile chun gníomhú le chéile chun an t-ardú teochta agus an t-athrú aeráide a theorannú.

Ba iad seo a leanas príomhchuspóirí chruinniú COP26:

  • gealltanas a thabhairt spriocanna níos uaillmhianaí a bhaint amach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030
  • plé a dhéanamh ar bhearta chun oiriúnú do thionchair dhosheachanta an athraithe aeráide
  • cistiú chun gníomhú ar son na haeráide a mhéadú, go háirithe do thíortha i mbéal forbartha
Philippe Lefebure agus é ag míniú cén fáth ar deis thábhachtach é COP26 gníomhú ar son na haeráide.

Cad í an teachtaireacht a bhí ag an Aontas do COP26?

Tá an tAontas ag iarraidh ceannaireacht dhea-shamplach a thabhairt agus a bheith ar thús cadhnaíochta i gcomhrac domhanda an athraithe aeráide. Le blianta beaga anuas, tá cuid den reachtaíocht chomhshaoil is forbartha ar domhan glactha aige agus tá na spriocanna a bhí aige roimhe seo maidir le laghdú astaíochtaí bainte amach aige. I mbliana, rinne an tAontas athnuachan ar a uaillmhian aeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras, trí ghealltanas a thabhairt astaíochtaí a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 agus oibleagáid dhlíthiúil a dhéanamh den sprioc sin tríd an Dlí Aeráide Eorpach.

Špela Horjak, urlabhraí Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus í ag míniú spriocanna an Aontais ag COP26.

Mar sin féin, is bagairt dhomhanda é an t-athrú aeráide agus ní féidir leis an Aontas gníomhú ina aonar.

Ag COP26, mhol an tAontas do pháirtithe eile dlús a chur lena ngealltanais agus lena ngníomhaíochtaí chun astaíochtaí a laghdú agus iarrachtaí oiriúnaithe a mhéadú chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

Ina cháil mar phríomhdheontóir i dtaobh maoiniú idirnáisiúnta don aeráid, tá an tAontas ag comhlíonadh a ghealltanais cistiú a chur ar fáil do thíortha i mbéal forbartha chun cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí an athraithe aeráide. Agus leanfaidh sé de bheith ag rannchuidiú leis an sprioc $100 billiún a chur ar fáil in aghaidh na bliana go dtí 2025. Iarrann an tAontas ar thíortha forbartha eile a gcion féin a dhéanamh ó thaobh tacaíocht a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha.

Cé a rinne ionadaíocht thar ceann an Aontais ag COP26?

Rinne an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais ag cruinniú COP. Bhí toscaireacht an Aontais comhdhéanta de ghrúpa oifigeach ón gComhairle agus ón gCoimisiún, á treorú ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen agus Príomh-Aire na Slóivéine, Janez Janša, mar Uachtarán reatha ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

I gcás na Comhairle, d’fhreastail an tSlóivéin ar an gcruinniú agus ghlac sí páirt sa chaibidlíocht thar ceann 27 mBallstát an Aontais. Rinneadh an seasamh a ghlac an tAontas ina iomláine le linn na caibidlíochta - caibidlíocht a bhí dírithe ar thiomantas athnuaite ó thíortha a spreagadh - a chomhaontú roimh an gcruinniú is déanaí den Chomhairle Comhshaoil.

Bíonn ról tábhachtach ag an gComhairle i gcomhaontuithe idirnáisiúnta le tíortha nach tíortha den Aontas iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Is é an ról atá aici treoracha caibidlíochta a fhormhuiniú agus tabhairt i gcrích comhaontuithe a fhormheas.

Špela Horjak ag míniú cé a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Aontais ag COP26.
Léiriú ar aeráidneodracht

5 fhíric faoi sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht

Is den ríthábhacht an t-athrú aeráide a chomhrac ar mhaithe le todhchaí na hEorpa agus an domhain mhóir. In 2019, d'fhormhuinigh ceannairí an Aontais an cuspóir Aontas aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050. Tháinig sé seo sna sála ar na gealltanais a thug an tAontas agus a Bhallstáit ar shíniú Chomhaontú Pháras dóibh in 2015. Cad atá i gceist le haeráidneodracht agus conas a bhainfidh an tAontas an sprioc sin amach agus leas a chuid saoránach á chur chun cinn aige?