Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 5-6 Meitheamh 2014

Pléann an Chomhairle trodairí eachtrannacha na hEorpa

Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 5 agus an 6 Meitheamh, phléigh an Chomhairle saincheist trodairí eachtrannacha Eorpacha agus teifigh fillte ó thaobh na frithsceimhlitheoireachta de.

Bhí an plé bunaithe ar thuarascáil a d'ullmhaigh an Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le SEGS. Sa doiciméad sin, déantar cur síos ar an obair a rinneadh go dtí seo maidir leis na ceithre réimse tosaíochta a shainmhínigh an Chomhairle i mí na Nollag 2013 agus áirítear ann tograí nua le haghaidh gníomhaíochta.

Ba dhíol sásaimh do na hairí an tuarascáil agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá an tsaincheist sin, mar a léiríodh leis an ionsaí a rinneadh le déanaí ar an Músaem Giúdach sa Bhruiséil. Mhol siad go mbeadh comhar breise ann i measc na ngníomhaithe uile, go háirithe maidir le malartú faisnéise, agus go ndéanfaí na bearta nua a mholtar a chur chun feidhme a luaithe is féidir. Chuir siad béim freisin ar an ngá atá le teagmháil leantach le tríú tíortha maidir leis an tsaincheist sin.

I réimse na frithsceimhlitheoireachta, ghlac an Chomhairle freisin straitéis athbhreithnithe AE maidir leis an radacú agus an earcaíocht don sceimhlitheoireacht a chomhrac. Is é príomh-chuspóir na straitéise sin cosc a chur le teacht chun cinn ghlún nua sceimhlitheoirí.

Tascfhórsa na Meánmhara

Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí do na hairí faoi chur chun feidhme tionscnamh a shainaithin an Tascfhórsa. D'aithin an Chomhairle gur cúis mhór imní í an staid sa Mheánmhuir agus thug sí dá haire freisin na tograí a rinne na Ballstáit is mó atá neamhchosanta ar an mbrú imirceach sin agus d'iarr sí ar chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle scrúdú a dhéanamh orthu.

Pléifidh an Chomhairle Eorpach an phleanáil reachtach agus oibríochtúil níos leithne maidir le himirce agus le tearmann ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici, mar chuid de na treoirlínte straitéiseacha le haghaidh forbartha sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais amach anseo.

Forbairt sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais amach anseo

Bhí díospóireacht chlabhsúir ag na hairí maidir leis an bhforbairt a dhéanfar ar an limistéar saoirse, slándála agus ceartais amach anseo. Seolfaidh an Uachtaránacht litir anois chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Herman Van Rompuy, ina léireofar seasaimh na Comhairle.

Feidhmeoidh an litir sin mar ionchur a dtiocfaidh an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú ina leith le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aici maidir leis na treoirlínte straitéiseacha sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

Cosaint Sonraí

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i ndáil le cur chuige ginearálta páirteach i gcomhair shaincheisteanna sonracha an rialacháin cosanta sonraí, lena n-áirítear an raon feidhme críochach (Airteagal 3(2)) agus aistriú sonraí chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta (Caibidil V). Rinne na hairí tuilleadh plé freisin i dtaca leis an sásra "ionad ilfhreastail".

Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an togra le haghaidh treorach maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorchur.

Príomh-ábhair eile ar an gclár oibre

Ghlac na hairí conclúidí i dtaca le tuarascáil AE maidir le frith-éillitheacht ón gCoimisiún agus tháinig siad ar chur chuige ginearálta maidir le roinnt mhaith tograí reachtacha:

  • rialachán maidir le Europol
  • treoir maidir le cosaintí nós imeachta do pháistí a bhfuil amhras ann fúthu nó a dhéantar a ionchúiseamh in imeachtaí coiriúla
  • rialachán lena leasaítear an rialachán ón gComhairle maidir le himeachtaí dócmhainneachta

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025