"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Ceartas), 13 Deireadh Fómhair 2025
Na príomhthorthaí
Ceartas
A bhfuil i ndán do Eurojust
Bhí díospóireacht bheartais ag na hAirí Dlí agus Cirt faoi thodhchaí Eurojust. Is é Eurojust, atá lonnaithe sa Háig, gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um chomhar ceartais choiriúil idir údaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh.
Chuir na hairí a dtuairim in iúl maidir lenar féidir le Eurojust a dhéanamh chun tuilleadh feabhais a chur ar an tacaíocht a thugann sé d’údaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh agus an choireacht thromchúiseach á comhrac acu. Chuir go leor airí i dtreis gur cheart go mbeadh ag Eurojust na hacmhainní agus na huirlisí chun tacú le himscrúduithe nithiúla. Tharraing roinnt airí aird freisin ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag Eurojust maidir le feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach idir an tAontas agus tríú tíortha, mar shampla maidir le coirpigh drugaí a eiseachadadh.
I mí Iúil 2025, d’eisigh an Coimisiún Eorpach meastóireacht ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht Eurojust agus a chleachtais oibre agus táthar ag súil go gcuirfidh sé tús le measúnú tionchair ar an reachtaíocht atá mar bhonn ag Eurojust. Leis an seisiún tuairimíochta idir na hairí, cuirfear treoir pholaitiúil ar fáil don Choimisiún maidir le hathbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar rialachán Eurojust.
Thug an Coimisiún tuairisc ar an obair a rinneadh, i réimse an cheartais, maidir le rochtain ar shonraí.
Chuir an Coimisiún Eorpach eolas ar fáil faoin gcomhairliúchán poiblí a rinne sé maidir le coinneáil sonraí — agus ar tháinig deireadh leis an 12 Meán Fómhair 2025 — chomh maith leis an bpróiseas measúnaithe tionchair atá ar siúl faoi láthair. Chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil faoi na malartuithe a tionóladh ar an leibhéal teicniúil maidir le riachtanais oibríochtúla, dúshláin agus dea-chleachtais na mBallstát i ndáil le coinneáil sonraí.
Is d’oibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhíse mar shampla cuideachtaí teileachumarsáide meiteashonraí a choinneáil (e.g. sonraí suímh teileafóin) ar feadh tréimhse áirithe ama atá le húsáid in imscrúduithe coiriúla, is dó sin a bhítear ag tagairt le coinneáil sonraí. Tar éis do Chúirt an Aontais a dhearbhú go raibh an treoir maidir le coinneáil sonraí neamhbhailí in 2014, ní raibh aon chreat dlíthiúil Aontais ann ó shin maidir le sonraí a choinneáil.
Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: cur i gcoinne na saoirse ó phionós
Fuair na hairí an t-eolas is déanaí maidir leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh cheana chun saoirse ó phionós a chomhrac i gcás coireanna a rinneadh i ndáil le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Tá tionscnaimh éagsúla bunaithe ag an Aontas, ag a Bhallstáit agus ag comhlachtaí idirnáisiúnta, foireann chomhpháirteach imscrúdaithe mar shampla a bhunú idir údaráis bhreithiúnacha na hÚcráine agus roinnt Ballstát de chuid an Aontais, chun cuntasacht a chinntiú.
Le linn 2025, tháinig comhaltaí Chomhairle na hEorpa ar chomhaontú maidir le Coimisiún Idirnáisiúnta um Éilimh a bhunú. Déanfaidh an comhlacht sin athbhreithniú ar éilimh ó dhaoine a d’fhulaing damáistí mar gheall ar fhogha na Rúise agus cinnfidh sé cúiteamh.
An 25 Meitheamh i mbliana, shínigh an Úcráin agus Comhairle na hEorpa in Strasbourg an comhaontú maidir le Binse Speisialta um Choir an Fhogha faoin Úcráin a bhunú. Tá tús curtha ag saineolaithe na mBallstát sa Chomhairle le plé faoi mhódúlachtaí chomhar thíortha an Aontais leis an mBinse.
Is meabhrúchán é an cogadh seo nach féidir ár slándáil agus ár luachanna a dhealú ó chéile. Sin é an fáth a seasaimid leis an bhfís ‘Eoraip láidir i ndomhan atá ag athrú’ — toisc gurb í an aontacht an neart is mó atá againn in aimsir chogaidh agus éiginnteachta. Is tosaíocht d’Uachtaránacht na Danmhairge é tacú le comhrac na hÚcráine ar son na síochána agus na saoirse.
Peter Hummelgaard, Aire Dlí agus Cirt na Danmhairge
Le linn a lóin oibre maidir le forbairtí i ndáil leis an smacht reachta i réimse an cheartais, phléigh na hairí conas rannpháirtíocht pholaitiúil a chinntiú agus polaiteoirí a chosaint ar bhagairtí agus ar an bhforéigean. Tharla an díospóireacht sin i gcomhthéacs bagairtí méadaithe, idir fhoréigean agus imeaglú fisiciúil, agus fuathchaint ar líne. Áirítear ar na pointí a pléadh cothromaíocht a aimsiú idir díospóireacht phoiblí oscailte a áirithiú ar thaobh amháin agus polaiteoirí a chosaint ar dhíobháil agus ar imeaglú ar an taobh eile. Bhí seisiún tuairimíochta acu freisin inar pléadh a dtaithí maidir le córais náisiúnta cosanta do pholaiteoirí agus maidir le spás faisnéise atá sábháilte ó mhí-úsáid agus ó dhíobháil a chinntiú.
Chuir an Coimisiún Eorpach na hairí ar an eolas faoin tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir le simpliú, forfheidhmiú agus cur chun feidhme. D’ardaigh an Fhrainc an Sciath Eorpach um an Daonlathas atá ar na bacáin, tionscnamh arb é is aidhm dó sláine faisnéise san Aontas a neartú. Chuir an tSlóvaic eolas ar fáil faoi fhreagairt a rialtais ar thuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta. Chuir an tSlóivéin faisnéis ar fáil maidir leis na smachtbhannaí a ghlac na Stáit Aontaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus i gcoinne rapóirtéirí chearta an duine de chuid na Náisiún Aontaithe.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.